Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Slighe-bheathadh do Ghaedhealaibh.



Ag tracht ar an gceist so arís: ar fheachaint
dúinn thríd pháipeiríbh na seachtmhaine so
chonnaiceamar i n-aon pháipéar amháin 'sa
n-Iarthar fógraidhe ó lucht siopaí, &rl. ar
thóir ceithre dhuine ar fhichead, 's gan fiú 's
focal i gceachtar de na fógraidhibh ag rádh go
mba mhaith leó Gaedhilgeóir d'fághail.



Tá fógraidhe sa bpáipéar roimh ráidhte, ó
siopadóiríbh i dTuaim, i mbaile an Róba, i
nAcaill, 's áiteacha eile chomh Gaedhealach leó,
's níl de tracht air Ghaedhilge chomh n-oiread 's
dá mbéidís i Lonndain. Chidhfear uaidh so
go bhfuil obair mór amach roimh na craobhachaibh,
nó roimh na Cumainn a rabhamar ag tracht orra
an tseachtmhain so ghabh tharainn, ma cuirtear
ar bun iad. Tá súil againn gur gearr go
gcloisimíd go bhfuil na craobhacha ag tógáil
na ceiste so i láimh. Ní dheanfaidh sé dochar
ar bith — acht sochar — do shiopadóir a chur i na
fhógra, go bhfuigheadh GAEDHILGEÓIR an posta,
má tá sé oireamhnach le n-aghaidh ar gach slighe
eile. Agus dá gcuirfeadh na craobhacha rompa
dhul chuig lucht na siopaí 's an méid so d'iarraidh
orra, támuid cinnte dearbhtha nach n-dúil-
tóchthaoi iad — go mór mór sa nGaedhealtacht.



Mar leagfaidh Connrathóirí orra féin ar
an gceist so, béidh na Gaedhil óga ag éalodh
uainn, ar thóir slighe-bheathadh i dtíorthaibh eile;
agus ní féidir linn-ne locht d'fhágháil orra
bheith ag imtheacht mar a bhfuilmid toilteanach
oibriughadh chum slighe bheathadh fhághail dóibh 'na
dtír dhuthchais féin. Dá bhrígh sin ba chóir do
gach uile chraobh de'n Connradh bheith ag síor-
fhaire ar lucht siopaí, Cumann-oibre, bord
publidhe; bóithre-iarainn, bancaí; oifigí fá'n
Riaghaltas, agus ar gach uile áit eile a mbéidh
duine ag tastáil ann; agus a bheith ag cainnt,
ag sgríobh, agus ag déanamh gleó má's riach-
tanach, go bhfáigh an Gaedheal a chuid fein de
na postaibh atá ar fud na tíre. Bhí sé le rádh
bh'fhéidir cupla bliadhain ó shoin, nach raibh
Gaedhilgeóirí fóghlumtha againn le dhul isteach
i n-oifigibh den-tseórt so; acht níl sin le rádh
feasta. Tá go leór ag teacht amach san am
atá i láthair, as sgoileannaibh 's coláistíbh a
bhfuil neart Gaedhilge aca, 's togha léighinn leis
sin; agus dá mbéadh sé le feiceál ag macaibh-
léighinn na tíre go mbeadh postaí le fághail ag
an nGaedhilgeóir roimh aon duine eile, ba gearr
go mbeadh Gaedhilgeóirí againn a bheadh sáthach
fóghlumtha le haghaidh posta ar bith sa tír.



Acht cia'r bith é, nílmid ag iarraidh ar dhuine
ar bith áit a thabhairt do Ghaedhilgeóir mar bhfuil
se oireamhnach ar gach uile bhealach eile le gnó an
posta do coimhlíonadh; acht má tá, deirimid gur
dhó ba chóir an posta a thabhairt; agus má
abruigheann gach craobh de Chonnradh na Gaedhilge
an rud ceadna is gearr go mbéidh athrughadh ar
an sgéal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services