Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Teacht na Meireacánach
Title
Ar Faithche na hImeartha - Teacht na Meireacánach
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha TEACHT NA MEIREACÁNACH Tá oiread gleó á dhéanamh mar gheall ar na Meireacánaigh agus do bhodharfadh aonach. An oidhche shroiseadar Baile Átha Cliath bhí sluaighte daoine ar na sráideannaibh a d'iarraidh “déic” fhagháil ortha. Ní raibh dailtín sráide ó Dhruim Chonnradh go dtí Carn na gCloch ná raibh bailighthe timcheall ortha. Agus an liúghridh is a bhéicidh, an screadghail is an fheadghail a bhí ag na dailtíní céadna, badh dhóigh leat a dhuine, gur scata de dheamhnaibh ifrinn ag scleip dóibh féin a bhí ann. Bhíodh gach aon “here they are”, “there he is now”, “look at the black” aca. Do raghadh an sluagh céadna — a bhfurmhór ar aon chuma — ag féachaint ar Phunch and Judy, agus an t-iomchur céadna a bheadh aca. Ní beag soin. MALAIRT DATHANNA Do mheasas-sa féin, agus mheasadar daoine nach mé, gur Éireannaigh, nó clann Éireannach, a b'eadh daltaí an Irish-American Club. Deallruigheann sé nach eadh. Albannach is eadh an captaen atá aca annso. Acht ariú, Éireannach is eadh gach éinne an fhaid a bhíonn sé i nÉirinn. Ná dubhairt an fear gorm gur bh'Éireannach é féin? Agus brealláin bhochta nár fhág Éire riamh, is ná feaca cúrsaí an tsaoghail mhóir amuigh, creididh siad aon tsaghas scéil, agus tugaid géille d'aon tsaghas daoine. Nach maith a mothuightar balaith simplidhe na móna chomh luath is luightear cos ar thalamh na hÉireann. Ní fuláir nó tait- neann sé le daoinaibh áirithe pé dath a bhíonn ar a gcroiceann. LOT NA PICNICE Aeridheacht atá ó sna Meireacánaigh seo is cuma ciaca Éireannaigh nó Breac Éireannaigh nó gorm-Éireannaigh a tugtar ortha. Dubhairt duine éigin uair éigin ná beadh sa turas go Pretoria aimsir an chogaidh acht pic-nic. Seadh, sórt pic-nic eile iseadh turus na niol- Éireannach so ar Éirinn. Do cheapadar cóirmáirneach ná casfaidhe ortha abhfus acht glan Éireannaigh, agus ní docha go bhfuilid buidheach de'n gCródach is do Dhomhnall Mhag Cárrthaigh i dtaobh an phic-nic a lot agus na mion-dathanna ar gach taobh den phond a nochtadh. Cúis gáire chughainn. “MISE MÉ FÉIN” Ná beireadh éinne leis go bhfuilim ar fad ar thaobh Chumann na gCleas Lúith. Badh dheacair dam soin agus an chuma n-a bhfuilid ag tabhairt aire dá ngnó. Ádhbhar beag báire agus adhbhar beag peile; is é sin Cumann na gCleas Lúith agaibh. Tugaidís na cleasa eile aire dhóibh féin. “Mise me féin” i mbéalaibh na n-uachtarán duit má bhíonn sé de dhigh céille agat agus comhairle a leasa a thabhairt dóibh. Táid aos óg na hÉireann ullamh an nóimeat so chun dul i n-aon áit fé scáth Chumann na gCleas Lúith má dheintear freastal ortha go fearamhail go cothrom is go macánta. Tá Éire Óg ag éirighe n-a dúiseacht agus ag bailiughadh na meabhrach chúicí féin. Chomh luath is bhíonn sí n-a lán- dúiseacht bainfidh sí “mise me féin” dá phrapaireacht. Imtheoghaidh na dathanna annsoin. Tórna Baile Átha Claith
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services