Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Teacht na Meireacánach

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - Teacht na Meireacánach
Údar
Tórna,
Ainm Cleite
Tórna
Dáta cumtha
1908
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



TEACHT NA MEIREACÁNACH



Tá oiread gleó á dhéanamh mar gheall ar na
Meireacánaigh agus do bhodharfadh aonach. An
oidhche shroiseadar Baile Átha Cliath bhí sluaighte
daoine ar na sráideannaibh a d'iarraidh “déic”
fhagháil ortha. Ní raibh dailtín sráide ó Dhruim
Chonnradh go dtí Carn na gCloch ná raibh bailighthe
timcheall ortha. Agus an liúghridh is a bhéicidh,
an screadghail is an fheadghail a bhí ag na
dailtíní céadna, badh dhóigh leat a dhuine, gur
scata de dheamhnaibh ifrinn ag scleip dóibh féin
a bhí ann. Bhíodh gach aon “here they are”,
“there he is now”, “look at the black” aca. Do
raghadh an sluagh céadna — a bhfurmhór ar aon
chuma — ag féachaint ar Phunch and Judy,
agus an t-iomchur céadna a bheadh aca. Ní
beag soin.



MALAIRT DATHANNA



Do mheasas-sa féin, agus mheasadar daoine
nach mé, gur Éireannaigh, nó clann Éireannach,
a b'eadh daltaí an Irish-American Club.
Deallruigheann sé nach eadh. Albannach is eadh
an captaen atá aca annso. Acht ariú,
Éireannach is eadh gach éinne an fhaid a bhíonn
sé i nÉirinn. Ná dubhairt an fear gorm
gur bh'Éireannach é féin? Agus brealláin
bhochta nár fhág Éire riamh, is ná feaca cúrsaí
an tsaoghail mhóir amuigh, creididh siad aon
tsaghas scéil, agus tugaid géille d'aon tsaghas
daoine. Nach maith a mothuightar balaith
simplidhe na móna chomh luath is luightear cos
ar thalamh na hÉireann. Ní fuláir nó tait-
neann sé le daoinaibh áirithe pé dath a bhíonn ar
a gcroiceann.



LOT NA PICNICE



Aeridheacht atá ó sna Meireacánaigh seo is
cuma ciaca Éireannaigh nó Breac Éireannaigh
nó gorm-Éireannaigh a tugtar ortha. Dubhairt
duine éigin uair éigin ná beadh sa turas go
Pretoria aimsir an chogaidh acht pic-nic. Seadh,
sórt pic-nic eile iseadh turus na niol-
Éireannach so ar Éirinn. Do cheapadar
cóirmáirneach ná casfaidhe ortha abhfus acht
glan Éireannaigh, agus ní docha go bhfuilid
buidheach de'n gCródach is do Dhomhnall
Mhag Cárrthaigh i dtaobh an phic-nic a lot agus na
mion-dathanna ar gach taobh den phond a nochtadh.
Cúis gáire chughainn.



“MISE MÉ FÉIN”



Ná beireadh éinne leis go bhfuilim ar fad
ar thaobh Chumann na gCleas Lúith. Badh
dheacair dam soin agus an chuma n-a bhfuilid ag
tabhairt aire dá ngnó. Ádhbhar beag báire agus
adhbhar beag peile; is é sin Cumann na gCleas
Lúith agaibh. Tugaidís na cleasa eile aire dhóibh
féin. “Mise me féin” i mbéalaibh na
n-uachtarán duit má bhíonn sé de dhigh céille
agat agus comhairle a leasa a thabhairt dóibh.
Táid aos óg na hÉireann ullamh an nóimeat so
chun dul i n-aon áit fé scáth Chumann na gCleas
Lúith má dheintear freastal ortha go fearamhail go
cothrom is go macánta. Tá Éire Óg ag éirighe
n-a dúiseacht agus ag bailiughadh na meabhrach
chúicí féin. Chomh luath is bhíonn sí n-a lán-
dúiseacht bainfidh sí “mise me féin” dá
phrapaireacht. Imtheoghaidh na dathanna annsoin.



Tórna



Baile Átha Claith

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services