Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Gléas Scoláireachta na hIbernians
Title
Ó'n Domhan Thiar - Gléas Scoláireachta na hIbernians
Author(s)
Pádraig Ó hÉigearta,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar. GLÉAS SCOLÁIREACHTA NA hIBERNIANS. Tá cóimhthionól an chumainn seo ar leath taoibh agus ní misde a rádh gur tádhbhachtach an coimhthionóil é. Bhí chúig chéad teachtaire ann. Deir fuagradh an chisteóra gur híochadh os cionn miliúin dollar le ballaibh breoidhte agus ar chostas shochraidí. Fuair os cionn trí mhíle de sna ballaibh bás le dhá bhliadhain. Do ceapadh rún ag an gcoimhthionól ag moladh do chomhaltas an chumainn ins gach Stát dhá cheád go leith dollar do bhronnadh gach bliadhain ar mhac dhuine de 'sna ballaibh le íoc as chostas a mhúinte in ollsgoil Washington. Beidh air seo eolas ar theangain agus ar stair na hÉireann do bheith aige sula mbronnfar air é agus beidh air leanamhaint de'n staidear san ollsgoil. Tá dhá locht agam ar an ngléas so nó ar an rún: Ná fuil a iachall ar aon comhaltas stáit é bhronnadh muna maith leo é, agus fós an teora do cuirtear ar an mbronntanas .i. gur do chlann-mhac na mball atá sé ceapaighthe. Ba dhóigh liom féin gur bh'é lán toradh an bhronntanais na scoláirí is fearr eolas ar theangain agus ar stair na hÉireann do chur ar an ollsgoil agus do raghadh níos sia ar an leíghean san ann. Ní dheanfaidh sé aon an-dhochar do'n Éireannach no do mhac an Éireannaigh mar gur gearr an mhoill ar ceangal de'n Chumann acht is clos dom go bhfuil rí scoláirí Gaedhilge le faghail i measg na Almánach agus cinnithibh nach iad. Is baoghalach ná faghain cothrom na féinne do'n teangain má déantar an teora ró chumhang. Go deimhin féin ní misde aire mhaith do thabhairt de'n ngleás agus do sna scoláire nuair a raghaid ar an ollsgoil; mar gur furas “spior spear” do dhéanamh de mhúineadh na Gaedhilge i gcoláistíbh siúd agus gur pras do ghlacaid airgead as. Ní dheanfadh sé aon iongnadh do chur orm beagán níos mó de thoradh na leath-chéad míle do bhronn na hIbernians cheana ar an ollsgoil úd d'fheicsint. Tá an t-airgead go flúirseach agus ní mó ná bog do ghlacamaoid an teanga. Tá súil agam go gcuirfear suim níos mó innte leis an mbronntanas so anois go bhfaghaidh sí a ceart fein feasta. FEIRMEOIREACHT Níl puinn éilimh ar obair feirmeoireachta inns na stáit seo Shasanna Nuadh. Tá a rian air. Tá breis ag teacht ar na cathrachaibh agus feir- meoireacht ag meathta saotharughadh an talmhain ag á fhágaint fé sna feirmeóirí láidre agus na feirmeóirí laga ag brughadh isteach inns na bailtíbh móra, tá fiachadh an bhídh ag éirighe toisg é bheith i lámha an bheagáin daoine agus gur féidir leo pé luach is áil leo do iarraidh air. Cá beag dhuit é go ndíoltar ceithre pighne go leith a chárt bainne. Trí bliadhna ó shoin ba mhór é leath raol do dhíol as. Sin mar atá an scéal le gach aon nidh eile do ghabhann lé feirmeoireacht. Tá an obair ró anróghach agus níl cead a chos ag an té leanann í. Is fearr go mór bheith an aice tighthibh tábhairne agus tighthibh grinn mar a bhfuil ceol spórt is aoibhninneas, is cead díolta go daor as. Tá comhaltas an talmhain (Department of Agriculture) ag cur suime 'se cheist le tamall ó d'eirigh an obair gann agus tá siad ag iarraidh na bfhear do mhealladh chun oibre do feirmeoiríbh. Ní ró mhaith atá ag eirghe leo fós acht má leanann an obair mar atá cuirfidh cruadhas an tsaoghail ann iad. Is beag de Ghaedhealaibh an lae indiu ag claoidhe leis an bhfeirm siúd agus gur mó a neolas ar an obair sin 'ná ar aon obair eile. Tá soillse geala na cathrach ag á dtarrac go bog fé dhéin na ghorta agus na ndroch cleachta do leanas saoghal na cathrach. Is fearr uisge dubh dá pháisdibh 'ná bainne breagh milis agus biadh folláin. Is fearr leis na paisde, bheith ag rith tré shraideannaibh chumhanga ag cleachtadh gach droch-bheart atá os comhair a shúl gach neomat, 'ná iad do bheith ag ranngás ar bhántaibh mar a bhfuil sláinte agus saoghal le fágháil aca. “Seadh, anois is dóigh! Go raghainn se ag briseadh mo chroidhe ag claoidhe le hobair mar í. Ba dheas liom mar phaisde orm é. Féach orra ag teacht isteach sa chathair ba dhóigh leat gur daoine fiadhaine iad lé na meogal feasóige agus na giobail ar sileadh leo. Táid ag obair ó dhubh go dubh agus ní dóigh liom go bfaghaid a ndóthain le nithe.” Is fíor go bhfuilid ag obair go dian. Acht tá a thoradh aca. Is fánach ocras orra. Tá toradh a saothair ag éirighe chucha agus iad 'na gcodladh. Ní mar siúd aige an bPólach e; táid ag luidhe isteach ar na feirmeachaibh atá anáirde agus greim aca dá fhághail ar an dtalamh. Ní haon nídh leo míle dollar do dhéanamh as saothar aon tsaesúin amháin. Cia mhéid de lucht na cathrach go bhfuil sain le radh aco? Cuirfidh an riachtanas fé dhéin an talmhan na daoine sa tír seo fós. Caithfear an talamh do shaothrughadh. Sé an talamh saidhbreas agus beatha an duine. Táidh muilne agus monarclainn go feile mhaith. Acht is tur an dinnéar do dhuine mála cotúin no bara iarainn. Ní dóigh liom gur bhuan an té bheadh i dtabhairtaoibh leo. Mar is mó líonfaidh an cathair seadh is mó bhrughfar amach ar an dtuath daoine agus do b'fhearr féachaint chuige in am ó is rud é go bhfuilimíd ag teacht go hAimiorica, is fearr dúinn an fhéirm ná an chathair. Pádraig Ó hÉigearta. Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services