Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Gléas Scoláireachta na hIbernians

Title
Ó'n Domhan Thiar - Gléas Scoláireachta na hIbernians
Author(s)
Pádraig Ó hÉigearta,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar.



GLÉAS SCOLÁIREACHTA NA hIBERNIANS.



Tá cóimhthionól an chumainn seo ar leath
taoibh agus ní misde a rádh gur tádhbhachtach an
coimhthionóil é. Bhí chúig chéad teachtaire ann.
Deir fuagradh an chisteóra gur híochadh os
cionn miliúin dollar le ballaibh breoidhte agus
ar chostas shochraidí. Fuair os cionn trí mhíle
de sna ballaibh bás le dhá bhliadhain. Do ceapadh
rún ag an gcoimhthionól ag moladh do chomhaltas
an chumainn ins gach Stát dhá cheád go leith
dollar do bhronnadh gach bliadhain ar mhac dhuine
de 'sna ballaibh le íoc as chostas a mhúinte in
ollsgoil Washington. Beidh air seo eolas ar
theangain agus ar stair na hÉireann do bheith
aige sula mbronnfar air é agus beidh air
leanamhaint de'n staidear san ollsgoil. Tá
dhá locht agam ar an ngléas so nó ar an rún:
Ná fuil a iachall ar aon comhaltas stáit é
bhronnadh muna maith leo é, agus fós an teora
do cuirtear ar an mbronntanas .i. gur do
chlann-mhac na mball atá sé ceapaighthe. Ba
dhóigh liom féin gur bh'é lán toradh an bhronntanais
na scoláirí is fearr eolas ar theangain agus ar
stair na hÉireann do chur ar an ollsgoil
agus do raghadh níos sia ar an leíghean san ann.
Ní dheanfaidh sé aon an-dhochar do'n Éireannach
no do mhac an Éireannaigh mar gur gearr an
mhoill ar ceangal de'n Chumann acht is clos dom
go bhfuil rí scoláirí Gaedhilge le faghail i measg
na Almánach agus cinnithibh nach iad. Is baoghalach
ná faghain cothrom na féinne do'n teangain má
déantar an teora ró chumhang. Go deimhin
féin ní misde aire mhaith do thabhairt de'n ngleás
agus do sna scoláire nuair a raghaid ar an
ollsgoil; mar gur furas “spior spear”
do dhéanamh de mhúineadh na Gaedhilge i gcoláistíbh
siúd agus gur pras do ghlacaid airgead as.
Ní dheanfadh sé aon iongnadh do chur orm beagán
níos mó de thoradh na leath-chéad míle do bhronn
na hIbernians cheana ar an ollsgoil úd
d'fheicsint. Tá an t-airgead go flúirseach
agus ní mó ná bog do ghlacamaoid an teanga.
Tá súil agam go gcuirfear suim níos mó innte
leis an mbronntanas so anois go bhfaghaidh
sí a ceart fein feasta.



FEIRMEOIREACHT



Níl puinn éilimh ar obair feirmeoireachta inns
na stáit seo Shasanna Nuadh. Tá a rian air.
Tá breis ag teacht ar na cathrachaibh agus feir-
meoireacht ag meathta saotharughadh an talmhain
ag á fhágaint fé sna feirmeóirí láidre agus
na feirmeóirí laga ag brughadh isteach inns
na bailtíbh móra, tá fiachadh an bhídh ag éirighe
toisg é bheith i lámha an bheagáin daoine agus gur
féidir leo pé luach is áil leo do iarraidh air.
Cá beag dhuit é go ndíoltar ceithre pighne go leith
a chárt bainne. Trí bliadhna ó shoin ba mhór
é leath raol do dhíol as. Sin mar atá an scéal
le gach aon nidh eile do ghabhann lé feirmeoireacht.
Tá an obair ró anróghach agus níl cead a chos
ag an té leanann í. Is fearr go mór bheith
an aice tighthibh tábhairne agus tighthibh grinn mar
a bhfuil ceol spórt is aoibhninneas, is cead
díolta go daor as. Tá comhaltas an talmhain
(Department of Agriculture) ag cur suime
'se cheist le tamall ó d'eirigh an obair gann
agus tá siad ag iarraidh na bfhear do mhealladh
chun oibre do feirmeoiríbh. Ní ró mhaith atá ag
eirghe leo fós acht má leanann an obair mar atá
cuirfidh cruadhas an tsaoghail ann iad. Is
beag de Ghaedhealaibh an lae indiu ag claoidhe
leis an bhfeirm siúd agus gur mó a neolas
ar an obair sin 'ná ar aon obair eile. Tá
soillse geala na cathrach ag á dtarrac go bog
fé dhéin na ghorta agus na ndroch cleachta
do leanas saoghal na cathrach. Is fearr uisge
dubh dá pháisdibh 'ná bainne breagh milis agus
biadh folláin. Is fearr leis na paisde, bheith
ag rith tré shraideannaibh chumhanga ag cleachtadh
gach droch-bheart atá os comhair a shúl gach neomat,
'ná iad do bheith ag ranngás ar bhántaibh mar
a bhfuil sláinte agus saoghal le fágháil aca.
“Seadh, anois is dóigh! Go raghainn se ag
briseadh mo chroidhe ag claoidhe le hobair mar í.
Ba dheas liom mar phaisde orm é. Féach orra
ag teacht isteach sa chathair ba dhóigh leat gur
daoine fiadhaine iad lé na meogal feasóige
agus na giobail ar sileadh leo. Táid ag obair
ó dhubh go dubh agus ní dóigh liom go bfaghaid a
ndóthain le nithe.” Is fíor go bhfuilid
ag obair go dian. Acht tá a thoradh aca. Is
fánach ocras orra. Tá toradh a saothair ag
éirighe chucha agus iad 'na gcodladh.



Ní mar siúd aige an bPólach e; táid ag luidhe
isteach ar na feirmeachaibh atá anáirde agus
greim aca dá fhághail ar an dtalamh. Ní haon
nídh leo míle dollar do dhéanamh as saothar
aon tsaesúin amháin. Cia mhéid de lucht na cathrach
go bhfuil sain le radh aco?



Cuirfidh an riachtanas fé dhéin an talmhan na
daoine sa tír seo fós. Caithfear an talamh do
shaothrughadh. Sé an talamh saidhbreas agus beatha
an duine. Táidh muilne agus monarclainn go
feile mhaith. Acht is tur an dinnéar do dhuine
mála cotúin no bara iarainn. Ní dóigh liom gur
bhuan an té bheadh i dtabhairtaoibh leo. Mar is
mó líonfaidh an cathair seadh is mó bhrughfar
amach ar an dtuath daoine agus do b'fhearr
féachaint chuige in am ó is rud é go bhfuilimíd ag
teacht go hAimiorica, is fearr dúinn an fhéirm
ná an chathair.



Pádraig Ó hÉigearta.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services