Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seoin Cheapamair go bhfeicfidhe iongantúisí age Bhóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Acht, ar iarraidh a bhí na hiongantúisí mhuise. Ar shon go raibh iarracht de bhrothal san aimsir, bhí an lá go han-oireamhnach i gcóir cleas luath, agus bhí sluagh thar cionn i láthair. Tá craobh Bhaile Átha Cliath, sa bháire agus sa pheil, socair don bhliadhain seo go háirithe. An Báire Idir na Fágaigh is an Ciceamaigh a bhí súd. Cluithche maith iomána a b'eadh é mar le cluithche idir fóirnibh ó Bhaile Átha Cliath. Bhí an obair dian go leor ar feadh an uair a chluig a sheasaimh sé. Mar sin féin bhí rud éigin i n-easnamh air. Cheapas féin gur an iomadh fuirse agus buillí i bhfásach a bhí a chleachtadh aca ar gach taobh. Is lag a fhéachann scata fear groidhe agus iad sa mbuaic ar liathróid bhig a d'iarraidh í stracadh
ó n-a chéile an uair badh chóra í thiomáint uatha síos suas an láthair. B'shin a raibh de locht agam ar obair an Domhnaigh. Táid na Ciceamaigh ana-luathchosach, agus is súd do bhuaidh an lá dhóibh. Sidé scór: Ciceamaigh, 2-5; Fágaigh, 2-4. An Pheil Dá mbeadh peil Bhaile Átha Cliath i dtúrtaobh le “seódh bóthar” an Domhnaigh is gearr a sheasómhadh sí. Ó thosach go deireadh na himeartha ní raibh ann acht feall ar fheall agus fuirse agus cor agus cam. Nach greannmhair an scéal é ná féadfadh dhá fhuireann de Gaedhealaibh seasamh ar aghaidh a chéile i n-imirt liathróide gan bheith a d'iarraidh goin ghalláin a thabhairt dá chéile ar scáth bhuadh lae d'imtheoghadh fé mar a raghadh lóchan coirce roimh gaéith. Milleán Ní mian liom-sa bheith ag cur milleán ar dhaoinibh acht do b'fhollas d'aon duine nach chun cleas imirt ar an liathróid a chuadar na Gearaltaigh san imirt acht chun bab a bhualadh ar na fearaibh a bhí n-a gcoinnibh. I gcaitheamh an uair a chluig — má bhí uair ann — fuar- adar na Céitinnigh os cionn fiche saor-iarracht agus gan áireamh ar an oiread céadna ná fuaradar mar ná feaca an maor an feall dá dhéanamh nó má chonnaic do scaoil thairis iad. Dar ndóigh ní himirt peile a leithéid sin. Ní hiongnadh go bhfuil sághsanna iasachta peile ag éirighe i dtreise i n-ár measc. Is gearr nach mór do dhuine bheith n-a “boxer” agus n-a imreasgabháluidhe má thogrann peil Ghaedhlach d'imirt. An Maor Chuirfinn-se furmhór an mhilleáin ar mhaor na himeartha. Do bhagair sé fé thrí ar dhuine de sna Gearaltaigh de bharr feall a dhéanamh. Dhein an fear céadna feall arís agus arís eile agus níor bacadh leis. Rud eile, is dóigh le n-a lán daoine seochas mé féin, gur stadadh de'n imirt sa tarna babhta, cúig nóimeat an cuid is lugha dhe, sara raibh an cairde caithte. Bhí an scór ana-dhlúth agus dá mbeadh locht le fagháil ar an gcairde, ar thaobh a fhaid badh chóra a bheith. Ní hé seo chead uair na bhfuarathas locht as an maor gcéadna. Sidé scór an Domhnaigh, Gearaltaigh, 0-5; Céitinnigh, 0-4. Sciath na mBóthar Iarainn Do fearadh an cluithche cinn n-a cóir sin age Cill Choinnigh Dia Domhnaigh agus os cionn cúig míle déag duine i láthair ann. Foirne ó Chill Choinnigh is ó Thiobraid Árann a bhí á pléidhe, agus deirtear ná feacathas riamh imirt a b'fhearr ná é. Sa tarna babtha ní raibh ann acht an liathróid ag imtheacht ó chamán go camán go raghadh sí amach i n-áit éigin. Muinntir Chill Coinnigh a bhuaidh an sciath. Sidé an scór: Cill Choinnigh 0-14; Tiobraid Árann, 2-5. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services