Ar Faithche na hImeartha
Bóthar Mhic Seoin
Cheapamair go bhfeicfidhe iongantúisí age
Bhóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. Acht, ar
iarraidh a bhí na hiongantúisí mhuise. Ar
shon go raibh iarracht de bhrothal san aimsir, bhí
an lá go han-oireamhnach i gcóir cleas luath,
agus bhí sluagh thar cionn i láthair. Tá craobh
Bhaile Átha Cliath, sa bháire agus sa pheil, socair
don bhliadhain seo go háirithe.
An Báire
Idir na Fágaigh is an Ciceamaigh a bhí súd.
Cluithche maith iomána a b'eadh é mar le cluithche
idir fóirnibh ó Bhaile Átha Cliath. Bhí an obair
dian go leor ar feadh an uair a chluig a sheasaimh
sé. Mar sin féin bhí rud éigin i n-easnamh air.
Cheapas féin gur an iomadh fuirse agus buillí
i bhfásach a bhí a chleachtadh aca ar gach taobh. Is
lag a fhéachann scata fear groidhe agus iad sa
mbuaic ar liathróid bhig a d'iarraidh í stracadh
ó n-a chéile an uair badh chóra í thiomáint
uatha síos suas an láthair. B'shin a raibh de
locht agam ar obair an Domhnaigh. Táid na
Ciceamaigh ana-luathchosach, agus is súd do
bhuaidh an lá dhóibh. Sidé scór: Ciceamaigh,
2-5; Fágaigh, 2-4.
An Pheil
Dá mbeadh peil Bhaile Átha Cliath i dtúrtaobh
le “seódh bóthar” an Domhnaigh is gearr a
sheasómhadh sí. Ó thosach go deireadh na himeartha
ní raibh ann acht feall ar fheall agus fuirse
agus cor agus cam. Nach greannmhair an
scéal é ná féadfadh dhá fhuireann de Gaedhealaibh
seasamh ar aghaidh a chéile i n-imirt liathróide
gan bheith a d'iarraidh goin ghalláin a thabhairt
dá chéile ar scáth bhuadh lae d'imtheoghadh fé mar
a raghadh lóchan coirce roimh gaéith.
Milleán
Ní mian liom-sa bheith ag cur milleán ar
dhaoinibh acht do b'fhollas d'aon duine nach chun
cleas imirt ar an liathróid a chuadar na
Gearaltaigh san imirt acht chun bab a bhualadh
ar na fearaibh a bhí n-a gcoinnibh. I gcaitheamh an
uair a chluig — má bhí uair ann — fuar-
adar na Céitinnigh os cionn fiche saor-iarracht
agus gan áireamh ar an oiread céadna ná
fuaradar mar ná feaca an maor an feall dá
dhéanamh nó má chonnaic do scaoil thairis iad.
Dar ndóigh ní himirt peile a leithéid sin. Ní
hiongnadh go bhfuil sághsanna iasachta peile
ag éirighe i dtreise i n-ár measc. Is gearr nach
mór do dhuine bheith n-a “boxer” agus n-a
imreasgabháluidhe má thogrann peil Ghaedhlach
d'imirt.
An Maor
Chuirfinn-se furmhór an mhilleáin ar mhaor
na himeartha. Do bhagair sé fé thrí ar dhuine
de sna Gearaltaigh de bharr feall a dhéanamh.
Dhein an fear céadna feall arís agus arís eile
agus níor bacadh leis. Rud eile, is dóigh le
n-a lán daoine seochas mé féin, gur stadadh
de'n imirt sa tarna babhta, cúig nóimeat an
cuid is lugha dhe, sara raibh an cairde caithte.
Bhí an scór ana-dhlúth agus dá mbeadh locht le
fagháil ar an gcairde, ar thaobh a fhaid badh
chóra a bheith. Ní hé seo chead uair na bhfuarathas
locht as an maor gcéadna. Sidé scór an
Domhnaigh, Gearaltaigh, 0-5; Céitinnigh, 0-4.
Sciath na mBóthar Iarainn
Do fearadh an cluithche cinn n-a cóir sin age
Cill Choinnigh Dia Domhnaigh agus os cionn cúig
míle déag duine i láthair ann. Foirne ó Chill
Choinnigh is ó Thiobraid Árann a bhí á pléidhe, agus
deirtear ná feacathas riamh imirt a b'fhearr
ná é. Sa tarna babtha ní raibh ann acht an
liathróid ag imtheacht ó chamán go camán go
raghadh sí amach i n-áit éigin. Muinntir Chill
Coinnigh a bhuaidh an sciath. Sidé an scór:
Cill Choinnigh 0-14; Tiobraid Árann, 2-5.
Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11