Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seoin Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do bhuadar Ciceamaigh (II.) ar Chommercials (II.) sa Bháire, agus bhuadar na Ceitinnigh ar na Parnailigh sa Pheil. An Báire Sa chluithche Báire ba léir ó thosach na scríbe go rabhadar na Ciceamaigh ró oilte don bhfuirinn eile, agus fé dheire bhíodar, 2-13; agus na Commercials, 0-3. An Pheil Na Céitinnigh a bhuaidh sa Pheil. Do bhí n-a gcoinnibh fuireann ná maithfadh ás do rígh coróinneoch dá bhfeadfaidís é, agus tespeánann soin go bhfuil ceacht na taithighe a foghluim age muinntir na Gaedhilge. Ar shon gur dheineadar obair maith Dia Domhnaigh, do chailleadar an iomad iarrachtaí — fé mar is gnáthach leo — i dtosach na himeartha. Dá bhféadfaidís an droch-nós soin a sheachaint do raghadh go dian ar aon bhfuirinn a thiocfadh os a gcomhair. Sidé scór an Domhnaigh: Céitinnigh, 2-5; Parnailigh 0-5. Socróghfar an Chraobh Dia Domhnaigh seo chughainn, de réir deallraimh, idir na Céitinnigh is na Gearaltaigh. I gCorcaigh Chuaidh fuireann ó Chill Choinne go Corcaigh Dia Domhnaigh chun imirt i gcoinne Dhún Guairne. Má chuadar do bhuadhadh ortha chaoch 4-7; i gcoinnibh 2-5. Ní'l ann acht “fagháil an bhodaigh d'éis na foghla” do Mhac Uí Cheilleachair ámh. Is maith liom a fheicsint ná fuil lagmhisneach ag teacht ar Dhún Guairne. Rompa atá an saoghal. I mBréifne Thíos sa Chabhán Dia Domhnaigh do fearadh dhá cheann de chluithchibh peile idir fóirnibh ó Bhréifne is ó Bhaile Átha Cliath. Na Bleáthcliathaigh a bhuadh an dá iarracht. Táillí Báire Fianna (Meadhóin), 2-10; Brianaigh, 2-5. G.S. & W.R. (Sinsir); 2-11; Ráth Ó Máine, 0-5. Árd-Chraobh (Meadhóin), 2-5; Caoimhghin, 1-6. Crócaigh (Meadhóin) cuadh i n-aiscidh ó sna Grósaerí. Mathghamhnaigh (Sóisir) 3-7; Sceiridh, 2-3. Sain Séamus (íochtráin), 1-11; Lusca, 2-5. Lusca (Sóisir), 1-13; Crócaigh, 2-3. Biadhtaigh (Meadhóin), 5-10; Fontenoi, 0-5. Biadhtaigh Sóisir buadh i n-aiscidh ó chlainn Laoghaire. Tórna Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services