Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seoin



Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
bhuadar Ciceamaigh (II.) ar Chommercials (II.)
sa Bháire, agus bhuadar na Ceitinnigh ar na
Parnailigh sa Pheil.



An Báire



Sa chluithche Báire ba léir ó thosach na scríbe
go rabhadar na Ciceamaigh ró oilte don bhfuirinn
eile, agus fé dheire bhíodar, 2-13; agus na
Commercials, 0-3.



An Pheil



Na Céitinnigh a bhuaidh sa Pheil. Do bhí n-a
gcoinnibh fuireann ná maithfadh ás do rígh
coróinneoch dá bhfeadfaidís é, agus tespeánann
soin go bhfuil ceacht na taithighe a foghluim age
muinntir na Gaedhilge. Ar shon gur dheineadar
obair maith Dia Domhnaigh, do chailleadar an
iomad iarrachtaí — fé mar is gnáthach leo — i
dtosach na himeartha. Dá bhféadfaidís an
droch-nós soin a sheachaint do raghadh go dian ar
aon bhfuirinn a thiocfadh os a gcomhair. Sidé
scór an Domhnaigh: Céitinnigh, 2-5; Parnailigh
0-5. Socróghfar an Chraobh Dia Domhnaigh seo
chughainn, de réir deallraimh, idir na Céitinnigh
is na Gearaltaigh.



I gCorcaigh



Chuaidh fuireann ó Chill Choinne go Corcaigh
Dia Domhnaigh chun imirt i gcoinne Dhún
Guairne. Má chuadar do bhuadhadh ortha chaoch 4-7;
i gcoinnibh 2-5. Ní'l ann acht “fagháil an
bhodaigh d'éis na foghla” do Mhac Uí Cheilleachair
ámh. Is maith liom a fheicsint ná fuil lagmhisneach
ag teacht ar Dhún Guairne. Rompa atá an
saoghal.



I mBréifne



Thíos sa Chabhán Dia Domhnaigh do fearadh dhá
cheann de chluithchibh peile idir fóirnibh ó Bhréifne
is ó Bhaile Átha Cliath. Na Bleáthcliathaigh a
bhuadh an dá iarracht.



Táillí Báire



Fianna (Meadhóin), 2-10; Brianaigh, 2-5.
G.S. & W.R. (Sinsir); 2-11; Ráth Ó Máine,
0-5.
Árd-Chraobh (Meadhóin), 2-5; Caoimhghin, 1-6.
Crócaigh (Meadhóin) cuadh i n-aiscidh ó sna
Grósaerí.
Mathghamhnaigh (Sóisir) 3-7; Sceiridh, 2-3.
Sain Séamus (íochtráin), 1-11; Lusca, 2-5.
Lusca (Sóisir), 1-13; Crócaigh, 2-3.
Biadhtaigh (Meadhóin), 5-10; Fontenoi, 0-5.
Biadhtaigh Sóisir buadh i n-aiscidh ó chlainn
Laoghaire.



Tórna
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services