Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh sa Pheil
Title
Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh sa Pheil
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An Chraobh sa Pheil Age Tiobraid Árann, Dia Domhnaigh, d'imreadh an cluithche i gcóir craobh na hÉireann sa Pheil. Gaiscidhigh ó Bhaile Átha Cliath is ó Chorcaigh a bhí ar aghaidh a chéile. Bhí an lá ar áilneacht agus tháinig na sluaighte ag féachaint ortha. Bhí an imirt go maith agus uaireanta dian go leor, acht níor b'iongnadh linn é bheith níos fearr i gcluithche na craoibhe. An Gearaltach ó Chill Dara a bhí n-a mhaor ar an gcluithche agus dhein sé a chion féin gan bhéim. Ó thosach go deireadh do b'fhollus gur b'iad dream Bhaile Átha Cliath do b'fhearr, agus bhuadhfaidís tuilleadh acht a olcas d'imridís as a chéile. Molaim-se na Ciceamaigh. Tá craobh na hÉireann buaidhte aca, agus go mairid a ngradam. Thangthas ana-dhian ar Chorcaigh i mbliadhna. Bhuadhadar craobh na Mumhan sa bháire agus sa pheil, agus fuaradar gaiscidhigh ó Chuige Laighean an lámh uachtar ortha ionnta araon. Sidé scór an Domhnaigh: Áth Cliath (Ciceamaigh) 0-6; Corcaigh (Laoi), 0-2. Dun Guairne arís Chím go bhfuilid muinntir Dhún Guairne ag obair go dian arís a d'iarraidh an churaimír a breith ó Chonntae Chorcaighe. Bhíodar ag imirt Dia Domhnaigh i Mainistir na Corann i gcoinnigh fóirne ó Chumann na bhFear Oibre i gCorcaigh. Ar shon go raibh iarracht de bhrothal ann, bhí an imirt go dian dlúth, agus nídh nach iongnadh, bhí seodh Éireann daoine ann ag féachaint ortha. Sidé an scór Dún Guairne, 11-0; Fir Oibre, 4-2. I mBaile Átha Cliath Seo táille d'obair Chumann an Bháire Dia Domhnaigh: Rábairí (sinsir), 2-5; Ráth Ó Máine; 1-6. G.S. & W.R. (sóisir), 0-13; Tuathlaigh 0-9. Taistealaigh (sóisir), 1-11; Caodhaigh, 1-1 Caoimhghin, buadh i n-aisce ó mhuinntir Cholmcille. Fianna (meadhóin), 1-12; Tuathlaigh, 1-6. San Séamus (íochtráin) 4-12; Crócaigh, 0-1. Brianaigh (meadhóin), 2-6; Commercials, 2-4. Crócaigh (sóisir) buadh i n-aisce ó Fontenoí. Biadhtaigh (sóisir) buadh i n-aisce ó mhuinntir Cholmcille. Liathróid Láimhe Bheinn fé chumaoin ag daoinibh a chuirfeadh chugham ó am go h-am tuairiscí, téarmaí,
riaghlacha & rl. i dtaobh na liathróide láimhe. An bhfuil aon áit i nÉirinn go labhartar an Ghaedhilg le linn a imeartha, agus má tá cionnus a deintar an comhaireamh ann. Tá súil agam go dtiocfaidh an cheist fé dhíospóireacht i measc ár gcumann báire is peile agus go bhfeicfam athbheodhchant ar an gcluithche breagh Gaedhlach so le linn na bliadhna atá chughainn. I Lios Mór le déadhnaighe do deineadh athbheodhadh ar an gcluithche i n-a measc. Go n-éirghidh leó, agus gura gearr go gcloisfam an scéal céadna chughainn as gach áird. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services