Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh sa Pheil

Title
Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh sa Pheil
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An Chraobh sa Pheil



Age Tiobraid Árann, Dia Domhnaigh, d'imreadh
an cluithche i gcóir craobh na hÉireann sa
Pheil. Gaiscidhigh ó Bhaile Átha Cliath is ó Chorcaigh
a bhí ar aghaidh a chéile. Bhí an lá ar áilneacht
agus tháinig na sluaighte ag féachaint ortha.
Bhí an imirt go maith agus uaireanta dian go
leor, acht níor b'iongnadh linn é bheith níos fearr
i gcluithche na craoibhe. An Gearaltach ó Chill
Dara a bhí n-a mhaor ar an gcluithche agus dhein
sé a chion féin gan bhéim. Ó thosach go deireadh
do b'fhollus gur b'iad dream Bhaile Átha Cliath
do b'fhearr, agus bhuadhfaidís tuilleadh acht a
olcas d'imridís as a chéile. Molaim-se na
Ciceamaigh. Tá craobh na hÉireann buaidhte
aca, agus go mairid a ngradam. Thangthas
ana-dhian ar Chorcaigh i mbliadhna. Bhuadhadar
craobh na Mumhan sa bháire agus sa pheil, agus
fuaradar gaiscidhigh ó Chuige Laighean an lámh
uachtar ortha ionnta araon. Sidé scór an
Domhnaigh: Áth Cliath (Ciceamaigh) 0-6; Corcaigh
(Laoi), 0-2.



Dun Guairne arís



Chím go bhfuilid muinntir Dhún Guairne ag
obair go dian arís a d'iarraidh an churaimír
a breith ó Chonntae Chorcaighe. Bhíodar ag
imirt Dia Domhnaigh i Mainistir na Corann i
gcoinnigh fóirne ó Chumann na bhFear Oibre i
gCorcaigh. Ar shon go raibh iarracht de bhrothal
ann, bhí an imirt go dian dlúth, agus nídh nach
iongnadh, bhí seodh Éireann daoine ann ag
féachaint ortha. Sidé an scór Dún Guairne,
11-0; Fir Oibre, 4-2.



I mBaile Átha Cliath



Seo táille d'obair Chumann an Bháire Dia
Domhnaigh:
Rábairí (sinsir), 2-5; Ráth Ó Máine; 1-6.
G.S. & W.R. (sóisir), 0-13; Tuathlaigh 0-9.
Taistealaigh (sóisir), 1-11; Caodhaigh, 1-1
Caoimhghin, buadh i n-aisce ó mhuinntir
Cholmcille.
Fianna (meadhóin), 1-12; Tuathlaigh, 1-6.
San Séamus (íochtráin) 4-12; Crócaigh, 0-1.
Brianaigh (meadhóin), 2-6; Commercials, 2-4.
Crócaigh (sóisir) buadh i n-aisce ó Fontenoí.
Biadhtaigh (sóisir) buadh i n-aisce ó mhuinntir
Cholmcille.



Liathróid Láimhe



Bheinn fé chumaoin ag daoinibh a chuirfeadh
chugham ó am go h-am tuairiscí, téarmaí,


L. 6


riaghlacha & rl. i dtaobh na liathróide láimhe.
An bhfuil aon áit i nÉirinn go labhartar an
Ghaedhilg le linn a imeartha, agus má tá cionnus
a deintar an comhaireamh ann. Tá súil agam
go dtiocfaidh an cheist fé dhíospóireacht i measc
ár gcumann báire is peile agus go bhfeicfam
athbheodhchant ar an gcluithche breagh Gaedhlach
so le linn na bliadhna atá chughainn. I Lios
Mór le déadhnaighe do deineadh athbheodhadh ar
an gcluithche i n-a measc. Go n-éirghidh leó,
agus gura gearr go gcloisfam an scéal céadna
chughainn as gach áird.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services