Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil an Chonnartha i Stát Nuadh Eabhrac
Title
Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil an Chonnartha i Stát Nuadh Eabhrac
Author(s)
Ó hEigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar. Coimhthionóil an Chonnartha i Stát Nuadh Eabhrac. Tháinig teachtairí an Chonnartha so i ndail a chéile i mBrúclin ar an ceathramhadh lá déag de Mheitheamh. De réir na dtuairisgí atá againn ins na páipéiríbh bhítheas lán tsásta le obair na bliadhna seo chuaidh tharrainn. Ní thugann an tuairisg dúinn méid an airgid do bailigheadh acht deirtear gur mhaith an saothar é. Rud eile do bhí ar siubhal aca, béidh comhcheangal eatorra féin agus Connradh na Gaedhilge i Sasana Nuadh. Is maith an nidh sain agus tá súil agam gur gearr go mbeidh an ceangal san déanta. Caitheamaois anáirde linn féin é feasta, nó déantar na cumainn do cheangal agus do chur fá riar aon Choiste amháin. Tá rae an aonrachais imthighthe. Is féidir trí ranna do déanamh de Connradh na Gaedhilge sa tír seo, sé sin san iarthar, i lár na tíre, agus san oirthear. Dá mb'fhéidir iad so do chur fá riar árd choiste, mar ní dócha go bhfuil an Connradh láidir go leor inns gach áit aca so fós, acht tá cúig craobh a's fiche nó mar sin ar bhórdaibh na mara móire agus ba chóir iad a bheith fé aon choiste; tabhairfidh sé neart agus comhacht doibh, na faghaid go deo ag obair 'na rannaibh beaga ar leith. Tá Connradh na Gaedhilge i Sasana Nuadh sásta leis an aontacht agus deir an tuairisg ó Nuadh Eabhrac go bhfuiltear sásta annsan. Níl bac leis mar sin acht na lámha do chrothadh. “Do chum Glóire Dé agus onóra na hÉireann” libh mar sin, a cháirde, agus ráth ó Dhia ar bhur n-obair! COIMHTHIONÓIL EILE. Seadh, ta adhbhar an Uachdaráin toghthadh aige sna Republicánaigh i Chicago. Bhí an cruinniughadh aca agus is é Liam Taft .i. an reachtaire stáit do toghadh. Níor cuireadh an oiread san iompáil lithe ar árd chinn na buidhne sin riamh agus do bhí orra le tamall beag. Bhí eagla an domhain orra go raghadh Roosevelt dhá iarraidh arís agus ní raibh ós na daoine acht focal uaidh agus do b'fhéidir leis é bheith aige agus fáilte acht níor theastaigh sin ós na árd cheannaibh siúd agus nach ro mhaith do thaithnighean Liam leo, is fearr é go mór — dar leo — ná Roosevelt agus do ghlacadar é mar roghadh de dhá dhig. Is minic do rinne duine a aimhleas nuair shaoil sé gur b'é a leas é. Is leis an aimsir amháin do dhéanfar amach é. Is docha gur'b é an Brianach do thoghfaidh na Demacrataigh agus má's é ní fearr fear dé. Brianach is ainm do acht ní Gaedhealach is meon dó; is dócha gur sgagadh an fuil. Béidh gleó agus cainnt againn feasta go dtagaidh máirt na Samhna orrainn. AN t-ATHAIR MÍCHEÁL Ó FLANNAGÁIN. A Phádraig Uí Dhomhnalláin, chuirise mé ó chúntas beag do thabhairt ar obair an Athar Mícheál. Is leór a rádh anois gur bhféidir morán sagart do chur anall chun na hoibre sin do chur ar aghaidh acht níl agaibh acht aon “Athair Mícheál” amháin, se sin atá i mbun obair na lásaí agus go bhfágaidh Dia a bhfad againn é. Tuigeann sé fíor-chroidhe na Gaedhealtachta agus déanann dá réir. Cé eile acht é féin do chuimhneochadh ar na cailíníbh do thabhairt annso chun clisteacht na nGeadheal do thaisbeáint do'n tsluagh. Do thasbáin sé tuileadh nach é dhúinn ó tháinig sé. Theasbáin se dhúinn gur cheart dúinn gan ár gcomhráidh do bheith leath 'nna Bhéarla agus leath 'nna Gaedhilg. Is maith is cuimhin liom an oidhche ag mór chruinniughadh 'sa cathair seo gur tháinig preabaire chuige go raibh Gaedhilg mhaith aige, agus tar éis fáilte do chur roimis sa teangain sin gur chas mo bhioránach ar Bhéarla. Má dhean, ámhthach, fuair sé an freagradh i nGaedhilg do choimheád ar an rian san é gur imthigh sé ar eagla “go gceapadh na daoine ná raibh aon Bhearla aige” ní hé seo an taon dhuine go chuir sé mar ba dhual dó. Da mbeidhmis go léir leath chomh dílis leis an Athair Mícheál, níor bhaoghal do'n teangain. A shárughadh de Ghaedhal ní fhaca-sa fós. AN ÁRD-FHEIS SPEISIALTA. Ní mór an t-imníomh do bhí ag an aghaineas a chur orrainne sa tír seo. Ní raibh aon eagla orrainn acht go raghadh sé ró-fhada sula a gcuirfidhe deire leis agus a dhéine is bhí ise ar feadh tamaill. Is fada atá bárr céile agus stuama mollta againn ar lucht na teangan. Táid ro-dhílis chun aon dochair do dheanamh má chídhtear dóibh go bhfuil díoghbháil i ndán di as a mbeartaibh féin. Tá a fhios ag aon'ne do chaith leath huair machtnaimh riamh ar an gceist go mbeadh sé chomh maith againn altughadh leis an nGaedheal má 'ba rud é go nimtheochadh an Ghaedhilg. Bheadh sé chomh cuachta leis an bhfear ndearg ar bhantaibh Sasana Nuadh. Tá a fhios aige leis, gur'b é Connradh na Gaedhilge an taon uirleis atá aige chun na teangan do chur i dtalamh agus nach misde dhuinn claoidhe leis go bhfagham a shárughadh. Ar an adhbhar sin níor chuir an cúnntas a fuaireamar aon iongnadh orrainn. Acht tá áthas mór orrainn a chlos go bhfuil deireadh leis an imreas. Imtheacht gan teacht air agus gura fada buan an tsiothcháin in ár measg. Pádraig Ó hEigeartaigh. Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services