Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil an Chonnartha i Stát Nuadh Eabhrac

Title
Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil an Chonnartha i Stát Nuadh Eabhrac
Author(s)
Ó hEigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar.



Coimhthionóil an Chonnartha i Stát
Nuadh Eabhrac.



Tháinig teachtairí an Chonnartha so i ndail
a chéile i mBrúclin ar an ceathramhadh lá déag
de Mheitheamh. De réir na dtuairisgí atá againn
ins na páipéiríbh bhítheas lán tsásta le obair na
bliadhna seo chuaidh tharrainn. Ní thugann an
tuairisg dúinn méid an airgid do bailigheadh
acht deirtear gur mhaith an saothar é. Rud eile
do bhí ar siubhal aca, béidh comhcheangal eatorra
féin agus Connradh na Gaedhilge i Sasana
Nuadh. Is maith an nidh sain agus tá súil
agam gur gearr go mbeidh an ceangal san
déanta. Caitheamaois anáirde linn féin é
feasta, nó déantar na cumainn do cheangal
agus do chur fá riar aon Choiste amháin. Tá
rae an aonrachais imthighthe. Is féidir trí
ranna do déanamh de Connradh na Gaedhilge
sa tír seo, sé sin san iarthar, i lár na tíre,
agus san oirthear. Dá mb'fhéidir iad so do
chur fá riar árd choiste, mar ní dócha go bhfuil
an Connradh láidir go leor inns gach áit aca
so fós, acht tá cúig craobh a's fiche nó mar sin
ar bhórdaibh na mara móire agus ba chóir iad a
bheith fé aon choiste; tabhairfidh sé neart agus
comhacht doibh, na faghaid go deo ag obair 'na
rannaibh beaga ar leith. Tá Connradh na
Gaedhilge i Sasana Nuadh sásta leis an aontacht
agus deir an tuairisg ó Nuadh Eabhrac go
bhfuiltear sásta annsan. Níl bac leis mar sin
acht na lámha do chrothadh. “Do chum Glóire
Dé agus onóra na hÉireann” libh mar sin, a
cháirde, agus ráth ó Dhia ar bhur n-obair!



COIMHTHIONÓIL EILE.



Seadh, ta adhbhar an Uachdaráin toghthadh aige
sna Republicánaigh i Chicago. Bhí an
cruinniughadh aca agus is é Liam Taft .i. an
reachtaire stáit do toghadh. Níor cuireadh an
oiread san iompáil lithe ar árd chinn na buidhne
sin riamh agus do bhí orra le tamall beag. Bhí
eagla an domhain orra go raghadh Roosevelt dhá
iarraidh arís agus ní raibh ós na daoine acht focal
uaidh agus do b'fhéidir leis é bheith aige agus
fáilte acht níor theastaigh sin ós na árd cheannaibh
siúd agus nach ro mhaith do thaithnighean Liam
leo, is fearr é go mór — dar leo — ná Roosevelt
agus do ghlacadar é mar roghadh de dhá dhig. Is
minic do rinne duine a aimhleas nuair shaoil sé
gur b'é a leas é. Is leis an aimsir amháin do
dhéanfar amach é. Is docha gur'b é an Brianach
do thoghfaidh na Demacrataigh agus má's é ní
fearr fear dé. Brianach is ainm do acht ní
Gaedhealach is meon dó; is dócha gur sgagadh an
fuil. Béidh gleó agus cainnt againn feasta
go dtagaidh máirt na Samhna orrainn.




AN t-ATHAIR MÍCHEÁL Ó FLANNAGÁIN.



A Phádraig Uí Dhomhnalláin, chuirise mé ó
chúntas beag do thabhairt ar obair an Athar
Mícheál. Is leór a rádh anois gur bhféidir
morán sagart do chur anall chun na hoibre sin do
chur ar aghaidh acht níl agaibh acht aon “Athair
Mícheál” amháin, se sin atá i mbun obair na
lásaí agus go bhfágaidh Dia a bhfad againn é.
Tuigeann sé fíor-chroidhe na Gaedhealtachta
agus déanann dá réir. Cé eile acht é féin do
chuimhneochadh ar na cailíníbh do thabhairt annso
chun clisteacht na nGeadheal do thaisbeáint do'n
tsluagh. Do thasbáin sé tuileadh nach é dhúinn ó
tháinig sé. Theasbáin se dhúinn gur cheart
dúinn gan ár gcomhráidh do bheith leath 'nna
Bhéarla agus leath 'nna Gaedhilg. Is maith
is cuimhin liom an oidhche ag mór chruinniughadh
'sa cathair seo gur tháinig preabaire chuige
go raibh Gaedhilg mhaith aige, agus tar éis fáilte
do chur roimis sa teangain sin gur chas mo
bhioránach ar Bhéarla. Má dhean, ámhthach, fuair
sé an freagradh i nGaedhilg do choimheád ar an
rian san é gur imthigh sé ar eagla “go gceapadh
na daoine ná raibh aon Bhearla aige” ní hé
seo an taon dhuine go chuir sé mar ba dhual dó.
Da mbeidhmis go léir leath chomh dílis leis an
Athair Mícheál, níor bhaoghal do'n teangain. A
shárughadh de Ghaedhal ní fhaca-sa fós.



AN ÁRD-FHEIS SPEISIALTA.



Ní mór an t-imníomh do bhí ag an aghaineas a
chur orrainne sa tír seo. Ní raibh aon eagla
orrainn acht go raghadh sé ró-fhada sula a
gcuirfidhe deire leis agus a dhéine is bhí ise
ar feadh tamaill. Is fada atá bárr céile agus
stuama mollta againn ar lucht na teangan.
Táid ro-dhílis chun aon dochair do dheanamh má
chídhtear dóibh go bhfuil díoghbháil i ndán di as a
mbeartaibh féin. Tá a fhios ag aon'ne do
chaith leath huair machtnaimh riamh ar an gceist
go mbeadh sé chomh maith againn altughadh leis
an nGaedheal má 'ba rud é go nimtheochadh
an Ghaedhilg. Bheadh sé chomh cuachta leis an
bhfear ndearg ar bhantaibh Sasana Nuadh. Tá
a fhios aige leis, gur'b é Connradh na Gaedhilge
an taon uirleis atá aige chun na teangan
do chur i dtalamh agus nach misde dhuinn claoidhe
leis go bhfagham a shárughadh. Ar an adhbhar
sin níor chuir an cúnntas a fuaireamar aon
iongnadh orrainn. Acht tá áthas mór orrainn
a chlos go bhfuil deireadh leis an imreas.
Imtheacht gan teacht air agus gura fada buan
an tsiothcháin in ár measg.



Pádraig Ó hEigeartaigh.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services