Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An Pheil i mBaile Átha Cliath
Title
Ar Faithche na hImeartha - An Pheil i mBaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An Pheil i mBaile Átha Cliath Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do socruigheadh dhá chluithche den iomaidheacht i gcóir Chraobh Bhaile Átha Cliath sa Pheil. Bhí sluagh cuibheasach maith ann ag féachaint ortha, agus ní raibh de locht ar an aimsir acht a bhrothalaighe a bhí ionnus gur cruadhadh an lár n-a sheódh. Na Gearaltaigh agus dream Charn na gCloch a bhí ag imirt i gcoinnibh a chéile sa chéad cluithche. Tá ardmheas ar na Gearaltaigh ó threascradar na Ciceamaigh, agus ar shon gur oibrigheadar muinntir an Chairn go dian ní raibh breith aca ar an gcluithche. Do buadhadh ortha Dia Domhnaigh acht ní fhágann soin nach dream le héifeacht iad. Tespeánann scór an Domhnaigh féin soin. Sidé é: — Gearaltaigh, 0-8; Carn na gCloch, 0-6. Ceitinnigh v. Eimitigh An tarna cluithche bhí ann — na Céitinnigh is na hEimitigh — thángadar i gcoinnibh a chéile don cheathramadh uair i mbliadhna. Fé thrí cheana thugadar fá imirt, agus do chríochnigheadar ar aon-scór. Is annamh a thuiteann a leithéid amach i n-annálaibh cleas lúith na hÉireann, acht bíodh a fhios agaibh gur fóirne nach íseal clú an dá dhream ar a bhfuilim ag trácht annso. Is fada ná feaca ó sna Céitinnigh imirt mar dheineadar Dia Domhnaigh. Bhí a fhios agam go raibh ionnta obair mhaith a dhéanamh, acht is ró- annamh linn a fhágaid a sliogáin. B'fhuirist a aithint ortha go raibh an taithighe roimh ré déanta aca, agus go bhfuair gach duine a ionad ceart sa chomhrac. Do dhein Tadhg Ó Murchadha éachta goile agus níor thaise do Mhac Uí Iarflatha, do Mhac Uí Éaluighthe is do Mhac Maghnusa. Bhí gach éinne ag déanamh iongnadh de Sheosamh Ó Ceallaigh is do Thoirdhealbhach Ó Cléirigh. Sidé an scór: — Céitinnigh, 1-12; Eimitigh 0-2. Táillí Báire Fontenoí (sinsir), 3-7; G.S. & W.R. 0-6. Árd Chraobh (meadhóin), 3-7; Ciceamaigh 1-3. Fágaigh (sinsir), 4-18; Ráth Ó Máine, 2-7. Geata Shain Séamus (íochtráin); 6-18; Clann na bhFian, 0. Ciceamaigh, 2-8; Daibhisigh, 1-7. Tónaigh (meodhain), 3-5; Daibhisigh, 2-6. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services