Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An Pheil i mBaile Átha Cliath

Title
Ar Faithche na hImeartha - An Pheil i mBaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An Pheil i mBaile Átha Cliath



Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
socruigheadh dhá chluithche den iomaidheacht i gcóir
Chraobh Bhaile Átha Cliath sa Pheil. Bhí sluagh
cuibheasach maith ann ag féachaint ortha, agus
ní raibh de locht ar an aimsir acht a bhrothalaighe
a bhí ionnus gur cruadhadh an lár n-a sheódh. Na
Gearaltaigh agus dream Charn na gCloch a bhí
ag imirt i gcoinnibh a chéile sa chéad cluithche.
Tá ardmheas ar na Gearaltaigh ó threascradar
na Ciceamaigh, agus ar shon gur oibrigheadar
muinntir an Chairn go dian ní raibh breith aca ar
an gcluithche. Do buadhadh ortha Dia Domhnaigh
acht ní fhágann soin nach dream le héifeacht iad.
Tespeánann scór an Domhnaigh féin soin. Sidé
é: — Gearaltaigh, 0-8; Carn na gCloch, 0-6.



Ceitinnigh v. Eimitigh



An tarna cluithche bhí ann — na Céitinnigh
is na hEimitigh — thángadar i gcoinnibh a chéile
don cheathramadh uair i mbliadhna. Fé thrí cheana
thugadar fá imirt, agus do chríochnigheadar ar
aon-scór. Is annamh a thuiteann a leithéid
amach i n-annálaibh cleas lúith na hÉireann,
acht bíodh a fhios agaibh gur fóirne nach íseal
clú an dá dhream ar a bhfuilim ag trácht annso.
Is fada ná feaca ó sna Céitinnigh imirt mar
dheineadar Dia Domhnaigh. Bhí a fhios agam go
raibh ionnta obair mhaith a dhéanamh, acht is ró-
annamh linn a fhágaid a sliogáin. B'fhuirist a
aithint ortha go raibh an taithighe roimh ré déanta
aca, agus go bhfuair gach duine a ionad ceart sa
chomhrac. Do dhein Tadhg Ó Murchadha éachta
goile agus níor thaise do Mhac Uí Iarflatha,
do Mhac Uí Éaluighthe is do Mhac Maghnusa.
Bhí gach éinne ag déanamh iongnadh de Sheosamh
Ó Ceallaigh is do Thoirdhealbhach Ó Cléirigh. Sidé
an scór: — Céitinnigh, 1-12; Eimitigh 0-2.



Táillí Báire



Fontenoí (sinsir), 3-7; G.S. & W.R. 0-6.
Árd Chraobh (meadhóin), 3-7; Ciceamaigh 1-3.
Fágaigh (sinsir), 4-18; Ráth Ó Máine, 2-7.
Geata Shain Séamus (íochtráin); 6-18; Clann
na bhFian, 0.
Ciceamaigh, 2-8; Daibhisigh, 1-7.
Tónaigh (meodhain), 3-5; Daibhisigh, 2-6.



Tadhg Ó Donnchadha



Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services