Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil Connartha na Gaedhilge i Sasana Nuadh
Title
Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil Connartha na Gaedhilge i Sasana Nuadh
Author(s)
Ó hEigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar. COIMHTHIONÓIL CONNARTHA NA GAEDHILGE I SASANNA NUADH. Do bhailigh teachtairí ós na craobhacha in dáil a chéile sa chathair seo indiu. Ní dearfainn gur mhór ag an cruinniughadh é acht munar mhór féin táim lán deimhnightheach go ndearnadh níos mó oibre ná mar dearnadh ag aon chruinniughadh fós. Bhí teachtairí ós na Craobhachaibh do bhailigh an t-airgead do'n Chonnradh i nÉirinn. Ní raibh aon teachtairí ós na craobhachaibh eile. Chuaidh an gnó chun cinn gan míosgais ná cáineadh. Ní fhagann, ámhthach, na gur scrúduigheadh go cruinn gach ceist dár cuireadh ós a gcomhair agus ní raibh gearán ag aon teachtaire ar an bhfear thall (rud a bh'anamh linn) acht do gheall gach aoinne a dhícheall do dheanamh ar feadh na bliadhna so chughainn. Toghadh na hoifigthe mar leanas: Uachdarán an Dr. Eamonn Mac Suibhne, ó Brochton, Leas Uach. Tadhg Ua Lúdaigh, ó Waterbury; Rún. Diarmaid Gaedhealach Ó Síothcháin, ó Brockton; Cisdeois Seamas Mac Ghearailt, ó Springfield; Leabhar Lann, Diarmaid Ó Catháin, ó Holyoke. Cad chuige dam teideal fé leith do thabhairt do Mhac Uí Síothcháin? Ca hiongnaidhe agus é do theacht ó Bhrocton fa na chulaith Ghaedhealach — fileadh beag agus brat — gan sgath gan eagla ba chuma leis cad iad na súile do chaithtí ina dhiaidh agus is iomdha leamhgháire do rinneadh fé acht ba bheag é a bheann orra. Is mór an truagh leithéid Dhiarmada do bheith ar fán ó thír a dhúthchais mar gurab' in Éirinn is fearr do fhreagrochadh a mhisneach agus a mheanma. Mo lom chreach gan ar mbeann go léir chomh bog ar “magadh an phuncáin” ba Gaedhealach an tír do bheadh annso againn. Bailigheadh leat chead agus dá punt de bhárr saothair Seachtmhaine na Gaedhilge. Seadh, is fearr san féin ná sreath rún do chur i bhfeidhm. Is sia le dul é go háirighthe na “Whereas go bhfuilimíd maslaighthe agus go maslófar sin.” Feis Springfield. Ní holc na feádhna atá fé choiste na feise seo i mbliadhna mar go bhfuiltheas ceapaighthe as thaisbeánadh beag, d'earraidhe Gaedhealacha do chur ar bun le linn na feise. Beidh sé ar siubhal an chéad cheithre lá de mhí na Samhna. Ar an adbar sin tá súil againn go gcabhróchaidh ár gcáirde in Eirinn linn i mbliadhna níos fearr na dhearnadar fós. Is mór an chlú dar le muinntir na cathrach iomaightheoirí dho cur isteach ó Eirinn, na teannta san tugann se cúis cainnte do lucht stiúrtha na feise. Do rinne Gaedhil na hÉireann go maith duinn dhá bhliadhain ó shoin. Seo chughainn sibh i mbliadhna a cháirde agus go neartaigh Dia sibh. Cuirighid bhur n-aistí ag triall orainn go 213 Sr. Worthington, Springfield, Mass. Pádraig Ó hÉigeartaigh an Rúnaidhe. Ní fearr linn-ne áit go rachadh na duaiseanna na go hÉirinn. Ni hiad so atá ag déanadh budhartha duinn acht an chúis do chur ar aghaidh agus is maith é bhur gcabhair-se chuige. An Eitin sa mBrazil Ta an eitin ag cur imnímh ar rialtas na Brazile — tír atá in deas Aimerioca — agus do réir gach tuairisg ní misde dhó imníomh do bheith air mar gur dithigh an galar 2,663 duine sa mbliadhain 1905. Ta an tír tugtha don' fhiabhras buidhe agus níor bhfuair acht 287 bás leis an bliadhain ceadhna. Do bhuaidh an chóir leighis do ceap an rialtas ar an ngalar agus measann se go mbuadhfar ar an Eitin leis. Leag se amach 250,000 púnt chun na hoibre do chur ar siubhal. Chuir fear osbaideal ar bún chun aire do thabhairt do'n mhuinntir ata buailte leis an ngalar, cuirfear coir glanachair ar na tighthibh, ní misde an biadh do bheith glan foláin no ní leomhthar é dhíol. Tá sé de geasaibh air gach duine do bhfuil an galar air dul fé lamha dochtura an raighaltais cuirfidh seisean an leithlig an duine sin ar chuma na beid aon bhainnt le háoinne eile atá saor o'n ngalar. Ní leomhthar do duine ar bith go bhfuil aon smal de'n eitin air post do bhualadh san tír. Glac an riaghaltas cúram na hoibre go léir air féin. Ní féidir a deanamh amach cad is bun le scaipeadh na heitine sa tír muna beadh gur b'iad na daoine atá ag teacht ann ó thíorthaibh na hEoirpe atá tugtha dó agus ná reidhtigheann aer na tíre leo. Annsann go leathid an galar ar bhunadh na tíre féin. Is truagh gan riaghaltas duthchais ag an nGaedheal do deanfadh an galar do throid mar a dheanas riaghaltas na Brazile. Pádraig Ó hEigeartaigh Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services