Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil Connartha na Gaedhilge i Sasana Nuadh

Title
Ó'n Domhan Thiar - Coimhthionóil Connartha na Gaedhilge i Sasana Nuadh
Author(s)
Ó hEigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar.



COIMHTHIONÓIL CONNARTHA NA GAEDHILGE
I SASANNA NUADH.



Do bhailigh teachtairí ós na craobhacha
in dáil a chéile sa chathair seo indiu. Ní
dearfainn gur mhór ag an cruinniughadh é acht
munar mhór féin táim lán deimhnightheach go
ndearnadh níos mó oibre ná mar dearnadh
ag aon chruinniughadh fós. Bhí teachtairí ós na
Craobhachaibh do bhailigh an t-airgead do'n
Chonnradh i nÉirinn. Ní raibh aon teachtairí ós
na craobhachaibh eile. Chuaidh an gnó chun cinn gan
míosgais ná cáineadh. Ní fhagann, ámhthach, na
gur scrúduigheadh go cruinn gach ceist dár
cuireadh ós a gcomhair agus ní raibh gearán ag aon
teachtaire ar an bhfear thall (rud a bh'anamh
linn) acht do gheall gach aoinne a dhícheall do
dheanamh ar feadh na bliadhna so chughainn. Toghadh
na hoifigthe mar leanas: Uachdarán an Dr.
Eamonn Mac Suibhne, ó Brochton, Leas Uach.
Tadhg Ua Lúdaigh, ó Waterbury; Rún. Diarmaid
Gaedhealach Ó Síothcháin, ó Brockton; Cisdeois
Seamas Mac Ghearailt, ó Springfield; Leabhar
Lann, Diarmaid Ó Catháin, ó Holyoke. Cad chuige
dam teideal fé leith do thabhairt do Mhac Uí
Síothcháin? Ca hiongnaidhe agus é do theacht ó
Bhrocton fa na chulaith Ghaedhealach — fileadh beag
agus brat — gan sgath gan eagla ba chuma leis cad
iad na súile do chaithtí ina dhiaidh agus is iomdha
leamhgháire do rinneadh fé acht ba bheag é a bheann
orra. Is mór an truagh leithéid Dhiarmada do bheith
ar fán ó thír a dhúthchais mar gurab' in Éirinn
is fearr do fhreagrochadh a mhisneach agus a
mheanma. Mo lom chreach gan ar mbeann go
léir chomh bog ar “magadh an phuncáin” ba
Gaedhealach an tír do bheadh annso againn.



Bailigheadh leat chead agus dá punt de bhárr
saothair Seachtmhaine na Gaedhilge. Seadh, is
fearr san féin ná sreath rún do chur i bhfeidhm.
Is sia le dul é go háirighthe na “Whereas go
bhfuilimíd maslaighthe agus go maslófar sin.”



Feis Springfield.



Ní holc na feádhna atá fé choiste na
feise seo i mbliadhna mar go bhfuiltheas
ceapaighthe as thaisbeánadh beag, d'earraidhe
Gaedhealacha do chur ar bun le linn na
feise. Beidh sé ar siubhal an chéad cheithre lá
de mhí na Samhna. Ar an adbar sin tá súil againn
go gcabhróchaidh ár gcáirde in Eirinn linn i
mbliadhna níos fearr na dhearnadar fós. Is
mór an chlú dar le muinntir na cathrach
iomaightheoirí dho cur isteach ó Eirinn, na
teannta san tugann se cúis cainnte do lucht
stiúrtha na feise. Do rinne Gaedhil na
hÉireann go maith duinn dhá bhliadhain ó shoin.
Seo chughainn sibh i mbliadhna a cháirde agus go
neartaigh Dia sibh. Cuirighid bhur n-aistí ag triall
orainn go 213 Sr. Worthington, Springfield,
Mass. Pádraig Ó hÉigeartaigh an Rúnaidhe. Ní
fearr linn-ne áit go rachadh na duaiseanna na
go hÉirinn. Ni hiad so atá ag déanadh
budhartha duinn acht an chúis do chur ar aghaidh
agus is maith é bhur gcabhair-se chuige.



An Eitin sa mBrazil



Ta an eitin ag cur imnímh ar rialtas na
Brazile — tír atá in deas Aimerioca — agus
do réir gach tuairisg ní misde dhó imníomh
do bheith air mar gur dithigh an galar 2,663
duine sa mbliadhain 1905. Ta an tír
tugtha don' fhiabhras buidhe agus níor bhfuair
acht 287 bás leis an bliadhain ceadhna. Do
bhuaidh an chóir leighis do ceap an rialtas ar
an ngalar agus measann se go mbuadhfar ar
an Eitin leis. Leag se amach 250,000 púnt chun
na hoibre do chur ar siubhal. Chuir fear osbaideal
ar bún chun aire do thabhairt do'n mhuinntir
ata buailte leis an ngalar, cuirfear coir
glanachair ar na tighthibh, ní misde an biadh do
bheith glan foláin no ní leomhthar é dhíol. Tá
sé de geasaibh air gach duine do bhfuil an galar
air dul fé lamha dochtura an raighaltais cuirfidh
seisean an leithlig an duine sin ar chuma na
beid aon bhainnt le háoinne eile atá saor
o'n ngalar. Ní leomhthar do duine ar bith go
bhfuil aon smal de'n eitin air post do bhualadh
san tír. Glac an riaghaltas cúram na hoibre
go léir air féin. Ní féidir a deanamh amach
cad is bun le scaipeadh na heitine sa tír muna
beadh gur b'iad na daoine atá ag teacht ann
ó thíorthaibh na hEoirpe atá tugtha dó agus ná
reidhtigheann aer na tíre leo. Annsann go leathid
an galar ar bhunadh na tíre féin. Is truagh gan
riaghaltas duthchais ag an nGaedheal do deanfadh
an galar do throid mar a dheanas riaghaltas na
Brazile.



Pádraig Ó hEigeartaigh



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services