Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Droch-Litridheacht Gallada
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Droch-Litridheacht Gallada
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Droch-Litridheacht Gallada Ta litir againn ó Shéamus Mag Mánuise ag trácht ar pháipéiríbh nuaidheacht áithridhe a thagas do'n tír so as Sasana. Fairíor, táid le féiceál in gach uile chúinne de'n tír. Tá na mílte agus na mílte de na páipéiríbh so 'ghá sgaradh féin mar phláigh ar fud na hÉireann gach uile sheachtmhain sa mbliadhain, gan bac nó cosg 'ghá chur leó. Agus ní hiad na páipéir so amháin atá ag deamamh an díoghbhála; tá leabhra beaga saora anall as Lonndain le fágháil 'na gcéadtha i siopaí ins na bailte is lugha agus is iargcúla sa tír. Ins na leabhra so tá cinéal sgealta chomh dhona agus chomh suarach agus tá le fágháil; agus na dhiaidh sin bíd n-a nglaic ag páistíbh sul a bhfagfaidh an sgoil féin. Téidheadh duine isteach i dtígh ar bith agus is iad a leithéidí tá le feiceál 'ghá léigheadh; agus ní túisge bhéas ceann léighte, ná tá ceann eile de'n tsaghas céadna 'n-a láimh aca agus níl de chaint eatorra acht ag cur síos agus ag trácht ar na sgéaltaibh suaracha so. 'Nois tá cinéál eile “litridheacht” ghallda againn, atá go fairsing flúirseach 'nar measg ar mhaith linn trácht ó thárla ar an sgeal sinn. 'Siad na leabhra agá 'ghá gcur amach ó'n gClo- Chumann Fáthmhar (nó Rationlist Press) i Lonndain. Tá cóipeannaibh dhíobh so le fágháil ar 6d. an ceann, cuir i gcas, an leabhar a sgríobh Dárbhuin ar “Bhunughdar Cholonn Daoine” (nó “Descent of Man”). Go díreach mar atá páistíbh 's aos-óg aineólach ag baint droch-mhíniughadh as na sgéaltaibh agus as na páipéiríbh, tá aos óg againn a fuair bliadhain nó dhó i gColáiste ag léigheadh na leabhra eile so, agus gan annta iad do tuigsint, acht ag baint droch-mhíniughadh asta. Tá aigne an aosa óig lobhtha le litridheacht de'n tseort so, agus 'na dhiaidh sin níl aon mhór-iarracht 'ghá dhéanamh le cosg a chur leis. Cia'r bith rud is ciontsocair le Galldachas bheith sgartha chomh láidir sa tír so, sin é thuas an luach atá dhá bharr againn. Tá na sagairt anuas ó'n gCairdinéal go dtí seiplíneach fá'n tuath ag trácht ar an droch- litridheacht so , agus ag iarraidh ar na daoinibh gan bheith 'ghá léigheadh; ag gach uile shóisgéal 'sé ádhbhar seanmóra an tsoisgéaluidhe é, acht níl aon mhaith ann; do réir mar atá tuile an Ghalldachais ag ardughadh tá litridheacht na nGall ag sgaradh 'nar measg. Dá gcuirfidhe anall an litridheacht is fearr atá aca, ní béadh sí oireamhnach do'n Gaedheal; acht ní hí sin atá ag teacht anall chugainn, acht litridheacht olc shuarach mí-Chríostamhail. Agus béidh sin amhlaidh faid agus bhéas daoine 'sa tír so ag coimhlint le chéile cé haca bhéas níos Gallda 'ná an duine eile. Go dtí le achar gearr bhí oideachas na tíre ceaptha le sin a dhéanamh; agus shíl daoine go raibh feacbhas an oideachais do réir a ghalldachais. Tá an toradh againn anois 'sa “litridheacht” ata 'ghá dúil ag aos óg na hÉireann. Ta aigne fhurmhór lucht-litreadha na nGall i rian na mí-Chríostamhluchta le fada riamh, agus is measa atáid ag fágháil; dá bhrígh sin; má bhíonn ar tír so gallda, is í an litridheacht so bhéas aca, agus níl gadh dhúinn mórán trácht a dhéanamh annso air an toradh bhéas dhá bharr againn. Chídhfear dúinne nach bhfuil aon léigheas mhaith ar an gceist so acht aigne na ndaoine a Ghaedhealughadh; sin é an fál is fearr leis an nGalldachas, agus an litridheacht a bhaineas leis a choinnéal amach as an tír so. Ar an adhbhar sin, duine ar bith atá ag iarraidh críoch a chur le droch-litridheacht Ghallda i nÉirinn, déanfaidh sé a dhícheall cuidiughadh le Connradh na Gaedhilge an tír so a Ghaedhealughadh — sin é amháin an leigheas a bheas buan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services