Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Droch-Litridheacht Gallada

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Droch-Litridheacht Gallada
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Droch-Litridheacht Gallada



Ta litir againn ó Shéamus Mag Mánuise ag
trácht ar pháipéiríbh nuaidheacht áithridhe a thagas
do'n tír so as Sasana. Fairíor, táid le
féiceál in gach uile chúinne de'n tír. Tá na
mílte agus na mílte de na páipéiríbh so 'ghá
sgaradh féin mar phláigh ar fud na hÉireann
gach uile sheachtmhain sa mbliadhain, gan bac nó
cosg 'ghá chur leó. Agus ní hiad na páipéir
so amháin atá ag deamamh an díoghbhála; tá
leabhra beaga saora anall as Lonndain le
fágháil 'na gcéadtha i siopaí ins na bailte
is lugha agus is iargcúla sa tír. Ins na
leabhra so tá cinéal sgealta chomh dhona agus
chomh suarach agus tá le fágháil; agus na dhiaidh
sin bíd n-a nglaic ag páistíbh sul a bhfagfaidh
an sgoil féin. Téidheadh duine isteach i dtígh ar
bith agus is iad a leithéidí tá le feiceál 'ghá
léigheadh; agus ní túisge bhéas ceann léighte, ná
tá ceann eile de'n tsaghas céadna 'n-a láimh aca
agus níl de chaint eatorra acht ag cur síos agus
ag trácht ar na sgéaltaibh suaracha so.



'Nois tá cinéál eile “litridheacht” ghallda
againn, atá go fairsing flúirseach 'nar measg
ar mhaith linn trácht ó thárla ar an sgeal sinn.
'Siad na leabhra agá 'ghá gcur amach ó'n gClo-
Chumann Fáthmhar (nó Rationlist Press) i
Lonndain. Tá cóipeannaibh dhíobh so le fágháil
ar 6d. an ceann, cuir i gcas, an leabhar
a sgríobh Dárbhuin ar “Bhunughdar Cholonn
Daoine” (nó “Descent of Man”).



Go díreach mar atá páistíbh 's aos-óg aineólach
ag baint droch-mhíniughadh as na sgéaltaibh agus
as na páipéiríbh, tá aos óg againn a fuair
bliadhain nó dhó i gColáiste ag léigheadh na
leabhra eile so, agus gan annta iad do
tuigsint, acht ag baint droch-mhíniughadh asta.
Tá aigne an aosa óig lobhtha le litridheacht
de'n tseort so, agus 'na dhiaidh sin níl aon
mhór-iarracht 'ghá dhéanamh le cosg a chur leis.
Cia'r bith rud is ciontsocair le Galldachas
bheith sgartha chomh láidir sa tír so, sin é thuas
an luach atá dhá bharr againn.



Tá na sagairt anuas ó'n gCairdinéal go dtí
seiplíneach fá'n tuath ag trácht ar an droch-
litridheacht so , agus ag iarraidh ar na daoinibh
gan bheith 'ghá léigheadh; ag gach uile shóisgéal 'sé
ádhbhar seanmóra an tsoisgéaluidhe é, acht níl
aon mhaith ann; do réir mar atá tuile an
Ghalldachais ag ardughadh tá litridheacht na
nGall ag sgaradh 'nar measg. Dá gcuirfidhe
anall an litridheacht is fearr atá aca, ní béadh
sí oireamhnach do'n Gaedheal; acht ní hí sin atá
ag teacht anall chugainn, acht litridheacht olc
shuarach mí-Chríostamhail. Agus béidh sin
amhlaidh faid agus bhéas daoine 'sa tír so ag
coimhlint le chéile cé haca bhéas níos Gallda
'ná an duine eile. Go dtí le achar gearr bhí
oideachas na tíre ceaptha le sin a dhéanamh; agus
shíl daoine go raibh feacbhas an oideachais do réir
a ghalldachais. Tá an toradh againn anois 'sa
“litridheacht” ata 'ghá dúil ag aos óg na
hÉireann.



Ta aigne fhurmhór lucht-litreadha na nGall
i rian na mí-Chríostamhluchta le fada riamh, agus
is measa atáid ag fágháil; dá bhrígh sin; má
bhíonn ar tír so gallda, is í an litridheacht
so bhéas aca, agus níl gadh dhúinn mórán trácht
a dhéanamh annso air an toradh bhéas dhá bharr
againn.



Chídhfear dúinne nach bhfuil aon léigheas mhaith
ar an gceist so acht aigne na ndaoine a
Ghaedhealughadh; sin é an fál is fearr leis an
nGalldachas, agus an litridheacht a bhaineas
leis a choinnéal amach as an tír so. Ar an
adhbhar sin, duine ar bith atá ag iarraidh críoch
a chur le droch-litridheacht Ghallda i nÉirinn,
déanfaidh sé a dhícheall cuidiughadh le Connradh
na Gaedhilge an tír so a Ghaedhealughadh — sin é
amháin an leigheas a bheas buan.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services