Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - I nDúngarbhán
Title
Ar Faithche na hImeartha - I nDúngarbhán
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha I nDúngarbhán Do socruigheadh Craobh an Báire ag Dún Garbhán Dia Domhnaigh mar ar bhuaidh laochra Chill Choinnigh ar cinn gaisce Chorcaighe. Árdchluithche ar fad do b'eadh é. Bhí an láthair is an uain ar fheabhus agus do thaitn an radharc is an imirt le gach-éinne. Go dtí an nóimeat deiridh níor bh'fhios cia bhuaidhfeadh. Bhíodar ag cur leis an dtáibhle gach re n-iarracht agus thárla gur d'éis do Chill Choinnigh puinnte a sholáthar dóibh fhéin, a thug an Crógach an fhead. D'fhág soin an lá ag Cill Choinnigh acht b'ar éigin é. D'imreadar araon go fearamhail macánta, cé go raibh an tiomáint anadhian. Molaim-se Cill Choinnigh, agus breis mhisnigh go raibh ag Dún Guairne i gcóir na bliadhna so chugainn. Peil Bhaile Átha Cliath Do imreadh an cluithche cinn i measc na sinsear sa Peil i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh idir Charn na gCloch agus lucht Gheata Shain Séamus. Thángadar as ar aon scór, acht tá an Chraoibh ag Carn na gCloch de phuinnte. I Luimneach Thárla dá cheann de chluithchibh i Luimneach Dia Domhnaigh idir foirnibh ón gcathair sin is ó Bhaile Átha Cliath. Bhuaidh Ceitinnigh Bhaile Átha Cliath ar Chommercials Luimnigh agus fuireann báire ó Luimneach ar mhuinntir Lorcán Ó Tuathail. Liathróid Láimhe Chím go bhfuiltear chun rud éigin a dhéanamh ar son na liathróide láimhe. Is maith é sin. Seo cunntas a shrois sinn ró-dhéadhnach an tseachtmhain seo ghabh thorainn. “Do bhí cruinniughadh i Lios Mór Mochuda an Domhnach seo chaitheamar chun an tsean chluiche bhreagh úd Liathróide Láimhe do chur ar aghaidh arís 'sa pharóiste. Timcheall dachad blian ó shoin do cuireadh an-spéis 'san cluiche i Lios Mór agus ní raibh le fágháil in aon áit ar fuaid na tíre an t-am soin buachaillí ní b'fhearr chun é do imirt, tá trácht fós ar Mhícheál agus ar Liam Mac Suibhne ar an Óganach is a leithéid agus tá súil againn gur fada go n-imtheochaidh a gcáil as cuimhne na ndaoine. “Bhí Pádraig Ó Gormáin, Uachtarán Comhairle an Chontae mar chathaoirleach aca agus do socruigheadh comhaltas chun an cúirt do chur i gcóir. “I nDún Garbhán fad ó bhí an cluithche ar siubhal leis. Is mithid dóibh súid tosughadh anois agus cluicheanna a imirt i gcoinne muinntir Leasa Móir.” Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services