Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - I nDúngarbhán

Title
Ar Faithche na hImeartha - I nDúngarbhán
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



I nDúngarbhán



Do socruigheadh Craobh an Báire ag Dún
Garbhán Dia Domhnaigh mar ar bhuaidh laochra
Chill Choinnigh ar cinn gaisce Chorcaighe.
Árdchluithche ar fad do b'eadh é. Bhí an láthair
is an uain ar fheabhus agus do thaitn an radharc
is an imirt le gach-éinne. Go dtí an nóimeat
deiridh níor bh'fhios cia bhuaidhfeadh. Bhíodar
ag cur leis an dtáibhle gach re n-iarracht agus
thárla gur d'éis do Chill Choinnigh puinnte a
sholáthar dóibh fhéin, a thug an Crógach an fhead.
D'fhág soin an lá ag Cill Choinnigh acht b'ar
éigin é. D'imreadar araon go fearamhail
macánta, cé go raibh an tiomáint anadhian.
Molaim-se Cill Choinnigh, agus breis mhisnigh go
raibh ag Dún Guairne i gcóir na bliadhna
so chugainn.



Peil Bhaile Átha Cliath



Do imreadh an cluithche cinn i measc na
sinsear sa Peil i mBaile Átha Cliath Dia
Domhnaigh idir Charn na gCloch agus lucht Gheata
Shain Séamus. Thángadar as ar aon scór, acht
tá an Chraoibh ag Carn na gCloch de phuinnte.



I Luimneach



Thárla dá cheann de chluithchibh i Luimneach
Dia Domhnaigh idir foirnibh ón gcathair sin is
ó Bhaile Átha Cliath. Bhuaidh Ceitinnigh Bhaile
Átha Cliath ar Chommercials Luimnigh agus
fuireann báire ó Luimneach ar mhuinntir
Lorcán Ó Tuathail.



Liathróid Láimhe



Chím go bhfuiltear chun rud éigin a dhéanamh
ar son na liathróide láimhe. Is maith é sin.
Seo cunntas a shrois sinn ró-dhéadhnach an
tseachtmhain seo ghabh thorainn.



“Do bhí cruinniughadh i Lios Mór Mochuda an
Domhnach seo chaitheamar chun an tsean chluiche
bhreagh úd Liathróide Láimhe do chur ar aghaidh
arís 'sa pharóiste. Timcheall dachad blian ó shoin
do cuireadh an-spéis 'san cluiche i Lios Mór
agus ní raibh le fágháil in aon áit ar fuaid na
tíre an t-am soin buachaillí ní b'fhearr chun é
do imirt, tá trácht fós ar Mhícheál agus ar
Liam Mac Suibhne ar an Óganach is a leithéid agus
tá súil againn gur fada go n-imtheochaidh a
gcáil as cuimhne na ndaoine.



“Bhí Pádraig Ó Gormáin, Uachtarán Comhairle
an Chontae mar chathaoirleach aca agus do
socruigheadh comhaltas chun an cúirt do chur i
gcóir.



“I nDún Garbhán fad ó bhí an cluithche ar
siubhal leis. Is mithid dóibh súid tosughadh anois
agus cluicheanna a imirt i gcoinne muinntir
Leasa Móir.”



Tadhg Ó Donnchadha



Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services