Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Bóthar Mhic Seoin Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do fearadh cluiche báire is cluiche peile as na cluichibh i gcomhair Craobh Bhaile Átha Cliath. Na Dáibhisigh is na Ciceamaigh a bhí ar aghaidh a chéile sa báire. Ní dearnthas aon éachta móra i gcaitheamh an chéad leath, acht sa tarna babhta do bhí an ghluaiseacht mear a dóthain tamall dá raibh sé. Na Ciceamaigh a bhuaidh, agus ar an gcuma so tá sásamh aca sa chrích a bheir iad i dtaobh na peile. Bhíodar buille ar luaithe is buille ar thruime tar na Daibhisigh, agus dá mbeadh an aicillidheacht dá réir aca do cloisfidhe uatha. Sidé an scór: - Ciceamaigh 4-2; Daibhisigh 2-4. An Pheil I dtaobh an chluiche eile, 'sé seo an trímhadh uiar ag na Céitinnigh is na hEimetigh ag teacht ar aon-scór. Ní hamháin go rabhadar ar aon- scór i ndeireadh na treimhse, i ndeireadh an leath-chluiche tosuigh féin bhíodar chúig phuinnte. Mara mbeadh a liacht iarrachtaí do chailleadar na Céitinnigh do bheadh buaidhte aca: is mór an scrios gan beirt d'fhearaibh fóghanta ar scríb aca. Caithfear tabhairt fé'n imirt seo arís agus ceart d'aon taobh aca an taithighe a dhearmhad. An taithighe a bhuadhann cluichí. Bhíodar araon ocht bpuinntí i ndeireadh na dála Dia Domhnaigh. Táillí Báire Fágaigh, 5-12; Fontenoí, 2-2. Ciceamaigh (sóisir), 3-8; Cúchulainn, 4-3. Biadhtaigh (sóisir) 2-9; Uí Ghramhnaigh, 1-3. San Séamus (Meodhónaig), 2-9; Ciceamaigh, 1-4. Tónaigh, 9-15; Árd-Chraobh, 1-2. G.S. & W.R., 5-5; Tónaigh, 2-5. Tuathalaigh, 4-2; Colm Cille, 2-5. Lusca, 3-6; Caoimhghin, 3-4. Lusca, 5-6; Crócaigh, 0-1. Crócaigh, 3-9; An Aill, 2-7. Rothaidheacht Do dhein Andréas Mac Cathail turas ó Bhaile Átha Cliath go dtí Port Láirge ar maidin Dia Domhnaigh i gcionn sé uair is dhá nóimeat déag an chluig. B'in dáfhichid nóimeat fé bhun na haimsire a thóg Hannrí Mac Raghnaill. Chuaidh sé amugha fé thrí ar an mbóthar, agus nuair a bhí ag déanamh ar Dhún Garbhán do rith sé i gcoinnibh trucailleach asail agus do leagadh é. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services