Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Bóthar Mhic Seoin



Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
fearadh cluiche báire is cluiche peile as na
cluichibh i gcomhair Craobh Bhaile Átha Cliath.
Na Dáibhisigh is na Ciceamaigh a bhí ar aghaidh
a chéile sa báire. Ní dearnthas aon éachta
móra i gcaitheamh an chéad leath, acht sa tarna
babhta do bhí an ghluaiseacht mear a dóthain
tamall dá raibh sé. Na Ciceamaigh a bhuaidh,
agus ar an gcuma so tá sásamh aca sa chrích a
bheir iad i dtaobh na peile. Bhíodar buille
ar luaithe is buille ar thruime tar na Daibhisigh,
agus dá mbeadh an aicillidheacht dá réir aca
do cloisfidhe uatha. Sidé an scór: -
Ciceamaigh 4-2; Daibhisigh 2-4.



An Pheil



I dtaobh an chluiche eile, 'sé seo an trímhadh
uiar ag na Céitinnigh is na hEimetigh ag teacht
ar aon-scór. Ní hamháin go rabhadar ar aon-
scór i ndeireadh na treimhse, i ndeireadh an
leath-chluiche tosuigh féin bhíodar chúig phuinnte.
Mara mbeadh a liacht iarrachtaí do chailleadar
na Céitinnigh do bheadh buaidhte aca: is mór
an scrios gan beirt d'fhearaibh fóghanta ar
scríb aca. Caithfear tabhairt fé'n imirt seo
arís agus ceart d'aon taobh aca an taithighe
a dhearmhad. An taithighe a bhuadhann cluichí.
Bhíodar araon ocht bpuinntí i ndeireadh na
dála Dia Domhnaigh.



Táillí Báire



Fágaigh, 5-12; Fontenoí, 2-2.
Ciceamaigh (sóisir), 3-8; Cúchulainn, 4-3.
Biadhtaigh (sóisir) 2-9; Uí Ghramhnaigh, 1-3.
San Séamus (Meodhónaig), 2-9; Ciceamaigh, 1-4.
Tónaigh, 9-15; Árd-Chraobh, 1-2.
G.S. & W.R., 5-5; Tónaigh, 2-5.
Tuathalaigh, 4-2; Colm Cille, 2-5.
Lusca, 3-6; Caoimhghin, 3-4.
Lusca, 5-6; Crócaigh, 0-1.
Crócaigh, 3-9; An Aill, 2-7.



Rothaidheacht



Do dhein Andréas Mac Cathail turas ó Bhaile
Átha Cliath go dtí Port Láirge ar maidin Dia
Domhnaigh i gcionn sé uair is dhá nóimeat déag
an chluig. B'in dáfhichid nóimeat fé bhun na
haimsire a thóg Hannrí Mac Raghnaill. Chuaidh
sé amugha fé thrí ar an mbóthar, agus nuair
a bhí ag déanamh ar Dhún Garbhán do rith sé i
gcoinnibh trucailleach asail agus do leagadh é.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services