Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Liathróid Láimhe
Title
Ar Faithche na hImeartha - Liathróid Láimhe
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Liathróid Láimhe Is mór an truagh ná chuirid uachtaráin Chumann na gCleas Lúith breis suime san liathróid láimhe. Cleas breagh Gaedhealach is eadh é gan aon gó, agus ar an dtaobh amuigh de'n bháire féin ní dóigh liom go bhfuil i n-ár measc cleas a b'fhearr 'ná é chun na féitheacha a chruadhadh i nduine is chun é d'fhuineadh is a fáscadh mar badh cheart do gach Gaedheal a bheith. Ní ró-fhada ó shoin ó bhíodh “cúirteanna” liathróide coitchianta ar fuid na dúithche. Bhítí ag imirt i gcoinnibh binn tighe nuair ná bíodh cúirt ann chuige. Anois, ámh, ar an dtaobh amuigh dár gcoláistibh nó de bharraic connstá- blaithe, ar éigin is féidir cúirt liathróide d'fhágháil ó cheann ceann na tíre. 'Sé an náire dearg é. Cionnus é leigheas Orainn féin atá an locht. Do'n chuid is lugha dhe, tá i mBaile Átha Cliath féin leath-mhíle duine oilte go maith ar an gcleas so. An bhfuil ortha súd oiread Gaedheal is a chuirfeadh ar bun cumann liathróide láimhe i gcomhair Bhaile Átha Cliath? Ní fuláir nó tá. Thagaidís i bhfochair a chéile mar sin agus cuirtear an cumann ar bun. Na fóirne cleas atá i n-ar measc cuirid ar bun buidhean i gcomhair liathróid láimhe. Táim deimhnitheach dhe gur gearr go mbeadh buidheanta fóghanta ar siughal ag na Céitinnigh, is ag muinntir na hÁrd- Chraoibhe. Soláthar 'Sé an t-aon nídh amháin atá 'n-a gcoinnibh gan ionad oireamhnach chun imeartha a bheith aca. Níorbh' iongnadh liom dá mbeadh cúirt fé leith ag gach fuireann le cleasaibh lúith ní hamháin i mBaile Átha Cliath acht ar fuid na hÉireann. Níl fágháil air sin go fóill go háirithe. Nárbh' féidir a chur i n-umhail do'n Board of Works cad é an dualgas atá ortha i dtaobh cúirt bhreagh fhada a thógáil sa Pháirc i gcomhair an chleasa so? Soláthruighid siad ionad do gach shaghas cluichí ann, agus badh cheart dóibh cóir a sholáthar do'n liathróid láimhe leis. Dá ndéantaí fothrom i n-a thaobh badh ghearr go bhfeicfidhe ann cúirt go mbeadh leath-dhosaon seomra ar gach taobh dhe, agus soin i mball breagh cluthair. Athchuinge Badh mhaith liom scéala fhágháil ó dhuine éigin go bhfuil eolas nísa chruinne aige 'ná mar atá agam féin. Ocht mbliadhna ó shoin san mhí seo chughainn, do chuireamair “na Gaedhilgeoirí” ar bun sa tseana-“Stad.” Iad-san d'ath- bheodhuigh an báire i mBaile Átha Cliath. I n-ainm Dé, tréailimís an liathróid láimhe anois. 'Seadh a bháirdeacha is a Ghaedhilgeoirí, an bhfuiltí ullamh? Tá buaidhte againn. Má bhuadhaimíd an tarna ceann tá an lá linn. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services