Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Liathróid Láimhe

Title
Ar Faithche na hImeartha - Liathróid Láimhe
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Liathróid Láimhe



Is mór an truagh ná chuirid uachtaráin
Chumann na gCleas Lúith breis suime san
liathróid láimhe. Cleas breagh Gaedhealach is
eadh é gan aon gó, agus ar an dtaobh amuigh
de'n bháire féin ní dóigh liom go bhfuil i n-ár
measc cleas a b'fhearr 'ná é chun na féitheacha a
chruadhadh i nduine is chun é d'fhuineadh is a
fáscadh mar badh cheart do gach Gaedheal a bheith.
Ní ró-fhada ó shoin ó bhíodh “cúirteanna”
liathróide coitchianta ar fuid na dúithche. Bhítí
ag imirt i gcoinnibh binn tighe nuair ná bíodh
cúirt ann chuige. Anois, ámh, ar an dtaobh
amuigh dár gcoláistibh nó de bharraic connstá-
blaithe, ar éigin is féidir cúirt liathróide
d'fhágháil ó cheann ceann na tíre. 'Sé an
náire dearg é.



Cionnus é leigheas



Orainn féin atá an locht. Do'n chuid is
lugha dhe, tá i mBaile Átha Cliath féin leath-mhíle
duine oilte go maith ar an gcleas so. An bhfuil
ortha súd oiread Gaedheal is a chuirfeadh ar
bun cumann liathróide láimhe i gcomhair Bhaile
Átha Cliath? Ní fuláir nó tá. Thagaidís i
bhfochair a chéile mar sin agus cuirtear an
cumann ar bun. Na fóirne cleas atá i n-ar
measc cuirid ar bun buidhean i gcomhair
liathróid láimhe. Táim deimhnitheach dhe gur
gearr go mbeadh buidheanta fóghanta ar siughal
ag na Céitinnigh, is ag muinntir na hÁrd-
Chraoibhe.



Soláthar



'Sé an t-aon nídh amháin atá 'n-a gcoinnibh
gan ionad oireamhnach chun imeartha a bheith
aca. Níorbh' iongnadh liom dá mbeadh cúirt
fé leith ag gach fuireann le cleasaibh lúith ní
hamháin i mBaile Átha Cliath acht ar fuid na
hÉireann. Níl fágháil air sin go fóill go
háirithe. Nárbh' féidir a chur i n-umhail do'n
Board of Works cad é an dualgas atá ortha i
dtaobh cúirt bhreagh fhada a thógáil sa Pháirc i
gcomhair an chleasa so? Soláthruighid siad
ionad do gach shaghas cluichí ann, agus badh cheart
dóibh cóir a sholáthar do'n liathróid láimhe leis.
Dá ndéantaí fothrom i n-a thaobh badh ghearr go
bhfeicfidhe ann cúirt go mbeadh leath-dhosaon
seomra ar gach taobh dhe, agus soin i mball
breagh cluthair.



Athchuinge



Badh mhaith liom scéala fhágháil ó dhuine éigin
go bhfuil eolas nísa chruinne aige 'ná mar atá
agam féin. Ocht mbliadhna ó shoin san mhí seo
chughainn, do chuireamair “na Gaedhilgeoirí”
ar bun sa tseana-“Stad.” Iad-san d'ath-
bheodhuigh an báire i mBaile Átha Cliath. I
n-ainm Dé, tréailimís an liathróid láimhe
anois. 'Seadh a bháirdeacha is a Ghaedhilgeoirí,
an bhfuiltí ullamh? Tá buaidhte againn.
Má bhuadhaimíd an tarna ceann tá an lá linn.



Tadhg Ó Donnchadha



Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services