Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar - Magadh an Phuncáin
Title
Ó'n Domhan Thiar - Magadh an Phuncáin
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar. Magadh an Phuncáin. Ní dócha go bhfuil aon nídh san domhan is mó chuireas sgannradh agus sgeilimis i gcroidhe an Éireannaigh 'ná magadh an Phuncáin. Ní leigeann sé dhúinn na hainmeacha badh dhual dúinn do bháisteadh ar ár gcloinn. Má tá sé de mhí-ádh ar dhuine againn ainm Gaedhealach do bheith air ag teacht annso dhó, ní mór dó í d'athrughadh agus fuaim níos “deise” do chur uirthi. Ní haon cheart dúinn labhairt i dteangain ár sinnsear má tá duine aca i ngiorracht seacht slata dhúinn. Má tá aon nídh le déanamh ag duine againn ní hé ceart ná cóir an ghnímh do chuireann garbhuaic air, acht cionnus a thógfaidh an Puncáin é. Labhradh duine againn agus má thugtar fé ndeara é chífear go dtabhraidh sé cat-súil ar an bPuncán 'fhéachaint cionnus a ghlacann sé é. “Beidh na Puncáin ag gáiridhe fúibh.” A dhuine an chroidhe! Nach minic a cloistear é. “Ní fuláir,” arsa tusa, a léightheoir, “nó is mór an cúram atá ag an bPuncán ionnainn.” Mhaise, a chroidhe liom, ní mór agus ní dóigh liom go mbodhrann sé é féin i n-ao' chor le smaoineamh orainn acht amháin chomh fada agus ná bainimid aon nídh as a phóca nó do chuirimíd aon nídh ann. Sórt fáidhe is eadh an Puncán i slighthibh áirithe, an sparán thar gach nídh aige- sean agus is cuma leis cá ngeobhthar le na comhursamh. B'fhéidir nuair chímíd ag gáiridhe é — dár linn féin — nár dhóichighe rud go mbíonn sé ag cuimhneamh air acht an bob do bhuail sé ar an bhfear úd gur dhein sé an margadh leis. B'fhéidir ná raibh aon nídh níos sia ó n-a aigne 'ná baoth-bhearta daoine simplidhe. Comhrádh do chuala idir bheirt bhan fé ndeara dhom sgríobhadh ar an gceist seo. Ní haon uair amháin ná céad uair dom ag clos comhrádh de'n tsórt céadna. Bhí an bheirt ar dhá thaobh an chlaidhe agus iad ag trácht ar dtúis ar an aimsir. “Nach maith an Ghaedhilg atá agat-sa agus a fhaid duit aniar,” arsa an bhean do b'óige de'n bheirt. “A Dhé, mhaise, a chroidhe, is í is fearr atá agam. Nuair thángas-sa amach ní raibh focal Béarla agam, agus tá a rian sin orm.” “Tá baoghal ort, mar ní fuilir chomh maith as le lucht an Bhéarla go léir?” “Airiú, a chroidhe, nílim, mar go mbíonn na rudaí beaga ag gáiridhe fém' chuid Béarla nuair bhím ag tabhairt fé í labhairt.” “Is ró-mhaith an ceart má leigeann tú dhóibh é.” “Tá 'fhios agam é, acht cad é'n mhaith nuair a déarfaidh siad leat teanga na dúthaighe a labhairt? Ní haon mhaitheas dúinn Gaedhilg sa country seo!” “Tá sí chomh maith dhúinn leis an méid Béarla atá ag a lán ná tuigeann acht é.” “Ní féidir le duine gan Bhéarla a ghnó dhéanamh annso, a chroidhe.” “An raibh Béarla breagh líomhtha ag an nIúdach úd a dhíol an tigh sin annsoin le Tadhg Ó --?” “Mhaise, ní raibh agus dá chomhartha soin féin bhíos féin agus Seaghán ag briseadh ár gcroidhe ag gáiridhe fé'n slighe labhradh sé.” “'Seadh, cheannuigh sé an tigh sin mí roimhe sin agus dhíol sé le Tadhg é ar chúig céad sa mbreis; is maith an Béarla atá ag Tadhg, acht ba bheag an mhaitheas dó é ag deighleáil leis an Iúdach gan Béarla dhó!” “Féach anois ortha soin thall: tá siad ag éisteacht linn. Tá 'fhios aca go bhfuilimíd ag labhairt Gaedhilge. Good night, ma'am.” Beirt a b'eadh “iad soin thall” do bhí 'n-a suidhe go sásta dóibh féin ag tógaint a sgíth tar éis an lae agus ná raibh suim aca i gcomhrádh na mban acht an oiread leis an gcloich. Cia mhaith bheith ag cainnt thársa? Do b'fhearr liom bheith ag cainnt leo. Easaontacht i measg Gaedheal. Nach aindeis an sgéal atá ag Gaedhealaibh ná caithid cuid de'n dubh atá aca dhá chaitheamh ar a chéile ar rud nó i slighe éigint do raghadh chun tairbhe dá goineadh? Tá dhá dhream sa tír seo agus badh dhóigh leat gur chun a chéile do mhaslughadh do cuireadh ar an saoghal iad, agus dá mbeadh níorbh' fhéidir dóibh oibriughadh níos déine chun a ndualgais do chomhlíonadh. A Dhé dhíl, agus a bhfuil le déanamh 'n-a shlighe féin ag gach taobh aca! Nár chóir go mbeadh comhairle gabhtha aca roimhe an taca so? Níl seachtmhain a ghabhann thorainn nach mbíonn a bpáipéir breacuighthe ag cáineadh a chéile. Éadochas agus neamh-shuim ag dul i dtreise. Glúin eile ag imtheacht agus fíor-náisiúntacht ag fágháil bháis leis. Daoine a thabharfadh a gcabhair ag iompóghadh a ndroma leis an gcúis agus ná “fáidhe” ag rádh “nach minic adubhart é?” Síothcháin eadraibh amuigh is i mbaile agus cosg agaibh ar bhur namhaidíbh. A cheap an díograis, a chroidhe an tsaothair, Déan do ghnó mar is eol duit féin é. Muna measann cách gur fearr do mhódh-sa Ná tabhair do mhilleán, taisbeán an bóthar! Tá gníomhartha mora i gcomhacht na nGaedheal- fhear Acht líon a gcomhairle i gcomh'aid le chéile Guala 'r ghualainn go huasal tréitheach An buille “muar” dá bhualadh i n-aon fheacht. Pádraig Ó hÉigeartaigh. Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services