Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar - Magadh an Phuncáin

Title
Ó'n Domhan Thiar - Magadh an Phuncáin
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar.



Magadh an Phuncáin.



Ní dócha go bhfuil aon nídh san domhan is mó
chuireas sgannradh agus sgeilimis i gcroidhe
an Éireannaigh 'ná magadh an Phuncáin. Ní
leigeann sé dhúinn na hainmeacha badh dhual
dúinn do bháisteadh ar ár gcloinn. Má tá
sé de mhí-ádh ar dhuine againn ainm Gaedhealach
do bheith air ag teacht annso dhó, ní mór dó í
d'athrughadh agus fuaim níos “deise” do chur
uirthi. Ní haon cheart dúinn labhairt i
dteangain ár sinnsear má tá duine aca
i ngiorracht seacht slata dhúinn. Má tá aon
nídh le déanamh ag duine againn ní hé ceart
ná cóir an ghnímh do chuireann garbhuaic air,
acht cionnus a thógfaidh an Puncáin é. Labhradh
duine againn agus má thugtar fé ndeara é
chífear go dtabhraidh sé cat-súil ar an bPuncán
'fhéachaint cionnus a ghlacann sé é. “Beidh
na Puncáin ag gáiridhe fúibh.” A dhuine an
chroidhe! Nach minic a cloistear é. “Ní
fuláir,” arsa tusa, a léightheoir, “nó is mór
an cúram atá ag an bPuncán ionnainn.”
Mhaise, a chroidhe liom, ní mór agus ní dóigh
liom go mbodhrann sé é féin i n-ao' chor le
smaoineamh orainn acht amháin chomh fada agus
ná bainimid aon nídh as a phóca nó do chuirimíd
aon nídh ann. Sórt fáidhe is eadh an Puncán
i slighthibh áirithe, an sparán thar gach nídh aige-
sean agus is cuma leis cá ngeobhthar le na
comhursamh. B'fhéidir nuair chímíd ag gáiridhe
é — dár linn féin — nár dhóichighe rud go mbíonn
sé ag cuimhneamh air acht an bob do bhuail sé
ar an bhfear úd gur dhein sé an margadh leis.
B'fhéidir ná raibh aon nídh níos sia ó n-a
aigne 'ná baoth-bhearta daoine simplidhe.



Comhrádh do chuala idir bheirt bhan fé ndeara
dhom sgríobhadh ar an gceist seo. Ní haon
uair amháin ná céad uair dom ag clos comhrádh
de'n tsórt céadna. Bhí an bheirt ar dhá thaobh
an chlaidhe agus iad ag trácht ar dtúis ar an
aimsir. “Nach maith an Ghaedhilg atá agat-sa
agus a fhaid duit aniar,” arsa an bhean do
b'óige de'n bheirt.



“A Dhé, mhaise, a chroidhe, is í is fearr atá
agam. Nuair thángas-sa amach ní raibh focal
Béarla agam, agus tá a rian sin orm.”



“Tá baoghal ort, mar ní fuilir chomh maith
as le lucht an Bhéarla go léir?”



“Airiú, a chroidhe, nílim, mar go mbíonn
na rudaí beaga ag gáiridhe fém' chuid Béarla
nuair bhím ag tabhairt fé í labhairt.”



“Is ró-mhaith an ceart má leigeann tú dhóibh é.”



“Tá 'fhios agam é, acht cad é'n mhaith nuair
a déarfaidh siad leat teanga na dúthaighe a
labhairt? Ní haon mhaitheas dúinn Gaedhilg
sa country seo!”



“Tá sí chomh maith dhúinn leis an méid Béarla
atá ag a lán ná tuigeann acht é.”



“Ní féidir le duine gan Bhéarla a ghnó
dhéanamh annso, a chroidhe.”




“An raibh Béarla breagh líomhtha ag an
nIúdach úd a dhíol an tigh sin annsoin le Tadhg
Ó --?”



“Mhaise, ní raibh agus dá chomhartha soin féin
bhíos féin agus Seaghán ag briseadh ár gcroidhe ag
gáiridhe fé'n slighe labhradh sé.”



“'Seadh, cheannuigh sé an tigh sin mí roimhe sin
agus dhíol sé le Tadhg é ar chúig céad sa
mbreis; is maith an Béarla atá ag Tadhg, acht
ba bheag an mhaitheas dó é ag deighleáil leis an
Iúdach gan Béarla dhó!”



“Féach anois ortha soin thall: tá siad ag
éisteacht linn. Tá 'fhios aca go bhfuilimíd
ag labhairt Gaedhilge. Good night, ma'am.”



Beirt a b'eadh “iad soin thall” do bhí 'n-a
suidhe go sásta dóibh féin ag tógaint a sgíth
tar éis an lae agus ná raibh suim aca i
gcomhrádh na mban acht an oiread leis an
gcloich. Cia mhaith bheith ag cainnt thársa?
Do b'fhearr liom bheith ag cainnt leo.



Easaontacht i measg Gaedheal.



Nach aindeis an sgéal atá ag Gaedhealaibh
ná caithid cuid de'n dubh atá aca dhá chaitheamh
ar a chéile ar rud nó i slighe éigint do raghadh
chun tairbhe dá goineadh? Tá dhá dhream sa
tír seo agus badh dhóigh leat gur chun a chéile do
mhaslughadh do cuireadh ar an saoghal iad, agus
dá mbeadh níorbh' fhéidir dóibh oibriughadh níos
déine chun a ndualgais do chomhlíonadh. A Dhé
dhíl, agus a bhfuil le déanamh 'n-a shlighe féin ag
gach taobh aca! Nár chóir go mbeadh comhairle
gabhtha aca roimhe an taca so? Níl seachtmhain
a ghabhann thorainn nach mbíonn a bpáipéir
breacuighthe ag cáineadh a chéile. Éadochas
agus neamh-shuim ag dul i dtreise. Glúin eile
ag imtheacht agus fíor-náisiúntacht ag fágháil
bháis leis. Daoine a thabharfadh a gcabhair ag
iompóghadh a ndroma leis an gcúis agus ná
“fáidhe” ag rádh “nach minic adubhart é?”



Síothcháin eadraibh amuigh is i mbaile agus
cosg agaibh ar bhur namhaidíbh.
A cheap an díograis, a chroidhe an tsaothair,
Déan do ghnó mar is eol duit féin é.
Muna measann cách gur fearr do mhódh-sa
Ná tabhair do mhilleán, taisbeán an bóthar!



Tá gníomhartha mora i gcomhacht na nGaedheal-
fhear
Acht líon a gcomhairle i gcomh'aid le chéile
Guala 'r ghualainn go huasal tréitheach
An buille “muar” dá bhualadh i n-aon fheacht.



Pádraig Ó hÉigeartaigh.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services