Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha I mBaile Átha hÍ Dia Domhnaigh do socruigheadh craobh an bháire i gcomhair Chúige Laighean. Toghadh a fóirnibh Cho. Bhaile Átha Cliath is Cho. Chill Choinnigh a bhí ar aghaidh a chéile. Do b'fhearr go mór an dream ó Chill Choinnigh agus do rugadar leo an chraobh: 4-14, 1-9, b'shin é an scór. Fearfar cluiche cinn Chraobh na hÉireann anois idir fóirnibh ó Chill Choinnigh is ó Chorcaigh. Fearfar soin i nDún Garbhán an 21 lá de Mheitheamh. Annsoin a bheidh an spórt. Is maith liom go bhfuilid na Coláisti ag cabhrughadh le Cumann na gCleas Lúith. Tá sciath á imirt idir choláistibh na Mumhan, agus Dia Sathairn seo ghaibh thorainn do chonncathas age Tiobraid Árann togha cluiche idir dhaltaí ó Choláiste Flannáin i nInis an Chláir, agus daltaí ó Choláiste Cholmáin i Mainistir Fhearmaighe. Muinntir Fhlannáin a bhuaidh. Tugaidís Gaedhilgeoirí fé ndeara cad iad na coláistí atá fíor-Ghaedhealach. Cuid de'n Ghaedhealtacht is eadh an báire, agus ní hé an chuid is lugha dhi é. Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do fearadh trí cinn eile de chluichibh fé riar Chomhaltais Peile Bhaile Átha Cliath. Bhí sluagh líonmhar ann. Badh mhór an iongnadh le gach n-aon a adhsáidighe do bhuadhadh áthuair ar na Ciceamaigh. Do bhris Sinnsir Charn na gCloch ortha: 0-8, 0-7, b'eadh an scór. Do bhuadhadar na Párnailigh ar mhuinntir Gheata Shain Séamus: 0-5, 0-3. Do thárla ar aon-scór do'n athuair cluiche idir na Ciceamaigh is na hEimeitigh. Caithfidh tabhairt fé arís. 0-9 a bhuadhadar araon. Táillí Báire Árd-Chraobh, 5-12; Grósaerí, 1-5. Fontenoí, 3-4; Stiabhnaigh, 1-6. Uí Ghramhnaigh, 2-8; Cúchulainn 0-0. Taistealaigh Shliabh gCrot, buadh i n-aiscidh ó'n Árd-Chraoibh. Cúchulainn, 2-13; Uí Thuathail, 0-4. Do chuir fearthainn an Domhnaigh stad le n-a lán cluichí sa Pháirc. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services