Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ar Faithche na hImeartha



I mBaile Átha hÍ Dia Domhnaigh do socruigheadh
craobh an bháire i gcomhair Chúige Laighean.
Toghadh a fóirnibh Cho. Bhaile Átha Cliath is Cho.
Chill Choinnigh a bhí ar aghaidh a chéile. Do b'fhearr
go mór an dream ó Chill Choinnigh agus do
rugadar leo an chraobh: 4-14, 1-9, b'shin é an
scór. Fearfar cluiche cinn Chraobh na
hÉireann anois idir fóirnibh ó Chill Choinnigh is
ó Chorcaigh. Fearfar soin i nDún Garbhán an
21 lá de Mheitheamh. Annsoin a bheidh an spórt.



Is maith liom go bhfuilid na Coláisti ag
cabhrughadh le Cumann na gCleas Lúith. Tá
sciath á imirt idir choláistibh na Mumhan, agus
Dia Sathairn seo ghaibh thorainn do chonncathas
age Tiobraid Árann togha cluiche idir dhaltaí ó
Choláiste Flannáin i nInis an Chláir, agus
daltaí ó Choláiste Cholmáin i Mainistir
Fhearmaighe. Muinntir Fhlannáin a bhuaidh.
Tugaidís Gaedhilgeoirí fé ndeara cad iad
na coláistí atá fíor-Ghaedhealach. Cuid de'n
Ghaedhealtacht is eadh an báire, agus ní hé an
chuid is lugha dhi é.



Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
fearadh trí cinn eile de chluichibh fé riar
Chomhaltais Peile Bhaile Átha Cliath. Bhí sluagh
líonmhar ann. Badh mhór an iongnadh le gach
n-aon a adhsáidighe do bhuadhadh áthuair ar na
Ciceamaigh. Do bhris Sinnsir Charn na gCloch
ortha: 0-8, 0-7, b'eadh an scór. Do bhuadhadar
na Párnailigh ar mhuinntir Gheata Shain
Séamus: 0-5, 0-3. Do thárla ar aon-scór do'n
athuair cluiche idir na Ciceamaigh is na hEimeitigh.
Caithfidh tabhairt fé arís. 0-9 a bhuadhadar
araon.



Táillí Báire



Árd-Chraobh, 5-12; Grósaerí, 1-5.
Fontenoí, 3-4; Stiabhnaigh, 1-6.
Uí Ghramhnaigh, 2-8; Cúchulainn 0-0.
Taistealaigh Shliabh gCrot, buadh i n-aiscidh
ó'n Árd-Chraoibh.
Cúchulainn, 2-13; Uí Thuathail, 0-4.



Do chuir fearthainn an Domhnaigh stad le n-a
lán cluichí sa Pháirc.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services