Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do fearadh trí cinn de chluichibh peile fá riar Chumann Peile Bháile Átha Cliath. An cluiche cinn i measc na n-íochtránach a b'eadh an chéad ceann aca. Fóirne ó'n Artán agus ó Charn na gCloch a bhí ar aghaidh a chéile, agus ó thosach go deireadh bhí an tiomáin go dian: An tArtán, 1-6; Carn na gCloch 0-6. Cluichí i measc sinsear a b'eadh an dá cheann eile. Do bhuaidh na Ciceamaigh caoch ar na Párnailigh, 0-19 i gcoinnibh 0-4. Do fearadh cath nár bheag idir na Gearaltaigh, agus fuireann Gheata Shain Séamus. Do bhuadhadar na Gearaltaigh, acht ba ar éigin é. Má imthigheann éinnidh ar Dhálach na gCoc beidh a rian ar na Gearaltaigh. Sidé an scór, Gearaltaigh, 0-8; Geata Shain Séamus, 1-3. Is saith liom a chlos gur cailleadh dearbh- ráthair Éamuinn Uí Eidhin. Do cuireadh rún i bhfeidhm i measc na Rábairí istoidhche Dia Domhnaigh ag déanamh comhbhrón le hÉamonn mar gheall air. Aontuighim-se leo. Táillí Báire Rábairí buadh i n-aiscidh ó mhuinntir Chúchulainn. Ciceamaigh (sóisir), 5-8; Uí Thuathail 2-1. Páirtidhthe buadh i n-aiscidh ó Chlann na bhFiann. Mathghamhnaigh (sóisir) 8-11; Geata Shain Séamus 0-2. Ráth Ó Máine (sóisir) 4-4; Cúchulainn 2-3. Tónaigh 3-11; Colm Cille 0-3. Crócaigh, buadh i n-aiscidh ó Ráth Ó Máine. G.S. & W.R. (sóisir); 4-6; Uí Laoghaire 0-6. Uí Thuathail, buadh i n-aiscidh ó sna Duibhrigh. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services