Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Age Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh do
fearadh trí cinn de chluichibh peile fá riar
Chumann Peile Bháile Átha Cliath. An cluiche
cinn i measc na n-íochtránach a b'eadh an chéad
ceann aca. Fóirne ó'n Artán agus ó Charn
na gCloch a bhí ar aghaidh a chéile, agus ó thosach
go deireadh bhí an tiomáin go dian: An tArtán,
1-6; Carn na gCloch 0-6. Cluichí i measc
sinsear a b'eadh an dá cheann eile. Do bhuaidh
na Ciceamaigh caoch ar na Párnailigh, 0-19
i gcoinnibh 0-4. Do fearadh cath nár bheag
idir na Gearaltaigh, agus fuireann Gheata
Shain Séamus. Do bhuadhadar na Gearaltaigh,
acht ba ar éigin é. Má imthigheann éinnidh
ar Dhálach na gCoc beidh a rian ar na Gearaltaigh.
Sidé an scór, Gearaltaigh, 0-8; Geata Shain
Séamus, 1-3.



Is saith liom a chlos gur cailleadh dearbh-
ráthair Éamuinn Uí Eidhin. Do cuireadh rún i
bhfeidhm i measc na Rábairí istoidhche Dia
Domhnaigh ag déanamh comhbhrón le hÉamonn
mar gheall air. Aontuighim-se leo.



Táillí Báire



Rábairí buadh i n-aiscidh ó mhuinntir
Chúchulainn.



Ciceamaigh (sóisir), 5-8; Uí Thuathail 2-1.



Páirtidhthe buadh i n-aiscidh ó Chlann na
bhFiann.



Mathghamhnaigh (sóisir) 8-11; Geata Shain
Séamus 0-2.



Ráth Ó Máine (sóisir) 4-4; Cúchulainn 2-3.
Tónaigh 3-11; Colm Cille 0-3.
Crócaigh, buadh i n-aiscidh ó Ráth Ó Máine.
G.S. & W.R. (sóisir); 4-6; Uí Laoghaire
0-6.



Uí Thuathail, buadh i n-aiscidh ó sna Duibhrigh.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services