Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Éireann
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Éireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Éireann I Luimneach, Dia Domhnaigh, do thárla ar aghaidh a chéile gaiscidhigh na Mumhan is Connacht sa báire is sa pheil féachaint ciaca aca b'fhearr. Muinntir Dhún Guairne is muinntir na Laoi a bhí ag seasamh do'n Mhumhan agus fóirne ó'n nGaillimh is ó Bhaile Átha Cliath a bhí ag obair do Chúige Chonnacht. De réir deallraimh bhí droch-obair ann mar d'fhág an dá fhuirinn ó Chonnachtaibh an láthair gan na cluichí a chríochnughadh. Maidir leis an imirt ar son go mbíodh ar déine anois is arís ní dearnadh éachta ar aon taobh. Seo mar bhí an dá scór nuair stadadh An báire, Corcaigh 2-8; Gaillimh 1-7. An pheil, Corcaigh 2-10; Baile Átha Cliath 0-2. Is mór an truagh nár sheasaimh muinntir Chonnacht go deireadh na scríbe agus má bhí gearán le déanamh aca é déanamh annsoin. An Pheil i mBaile Átha Cliath Trí cinn do chluichibh peile do fearadh ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh, mar atá, cluiche cinn na Sóisear idir fhuireann Sain Aindréis, is Ridirí Éireann, cluiche cinn na Meadhónach idir na Parnailigh is na Dáibhisigh, agus cluiche Sinnsear idir na Céitinnigh is na Gearaltaigh. De bharr obair an Domhnaigh tá craobh na Sóisear buaidhte ag na Ridiribh, agus craobh na Meadhónach ag na Párnailigh. Dhá chluiche maithe a b'eadh iad súd. Ní bréagh a rádh go bhfuil feabhas ag teacht ar an bpeil i mBaile Átha Cliath. Trí bliadhna ó shoin ní fheicfidhe a leithéid d'imirt i measc fóirne cinn na cathrach soin. Sa tríomhadh cluiche ar shon gur imreadar na Céitinnigh go maith, ní raibh dul aca ar an Gearaltaigh a chlaoidhe. Bhí lucht geall agus cártaí ann 'n-a steillibh- eathaidh fé mar is gnáthach. An bhfuil aon Ghaedheil ar na comhaltaisibh a labharfaidh 'n-a gcoinnibh súd agus a dhéanfaidh iarracht ar stad a chur leo? Is mór an náire é, pé dream is cionntach leis. Sidé táille an Domhnaigh. Ridirí Éireann 0-11; San Aindréis 0-3. Párnailigh, 1-9; Daibhisigh 0-2. Gearaltaigh, 1-9; Céitinnigh 0-3. Báire Chúige Laighean. Sa Tualaigh Mhóir Dia Domhnaigh do bhuaidh Cill Choinne ar Chonntae an Ríogh d'éis dóibh cluiche ana-dhian d'imirt. Cill Choinne, 3-8; Co. an Ríogh, 1-6. Táillí Báire Fontenoí, 2-4; Rábairí, 1-3. Árd-Chraobh, 4-6; Biadhtaigh 2-6. Ciceamaigh (sóisir), 2-7; Ráth Ó Máine, 2-6. Ciceamaigh (sinsir), 2-8; G.S. & W.R. 1-6.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services