Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Éireann

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Éireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Éireann



I Luimneach, Dia Domhnaigh, do thárla ar
aghaidh a chéile gaiscidhigh na Mumhan is Connacht
sa báire is sa pheil féachaint ciaca aca b'fhearr.
Muinntir Dhún Guairne is muinntir na Laoi
a bhí ag seasamh do'n Mhumhan agus fóirne ó'n
nGaillimh is ó Bhaile Átha Cliath a bhí ag obair do
Chúige Chonnacht. De réir deallraimh bhí droch-obair
ann mar d'fhág an dá fhuirinn ó Chonnachtaibh
an láthair gan na cluichí a chríochnughadh.
Maidir leis an imirt ar son go mbíodh ar
déine anois is arís ní dearnadh éachta ar aon
taobh. Seo mar bhí an dá scór nuair stadadh
An báire, Corcaigh 2-8; Gaillimh 1-7. An
pheil, Corcaigh 2-10; Baile Átha Cliath 0-2. Is
mór an truagh nár sheasaimh muinntir Chonnacht
go deireadh na scríbe agus má bhí gearán le
déanamh aca é déanamh annsoin.



An Pheil i mBaile Átha Cliath



Trí cinn do chluichibh peile do fearadh ag
Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh, mar atá,
cluiche cinn na Sóisear idir fhuireann Sain
Aindréis, is Ridirí Éireann, cluiche cinn
na Meadhónach idir na Parnailigh is na
Dáibhisigh, agus cluiche Sinnsear idir na
Céitinnigh is na Gearaltaigh. De bharr obair an
Domhnaigh tá craobh na Sóisear buaidhte ag na
Ridiribh, agus craobh na Meadhónach ag na
Párnailigh. Dhá chluiche maithe a b'eadh iad súd.
Ní bréagh a rádh go bhfuil feabhas ag teacht
ar an bpeil i mBaile Átha Cliath. Trí bliadhna
ó shoin ní fheicfidhe a leithéid d'imirt i measc
fóirne cinn na cathrach soin. Sa tríomhadh cluiche
ar shon gur imreadar na Céitinnigh go maith,
ní raibh dul aca ar an Gearaltaigh a chlaoidhe.
Bhí lucht geall agus cártaí ann 'n-a steillibh-
eathaidh fé mar is gnáthach. An bhfuil aon
Ghaedheil ar na comhaltaisibh a labharfaidh 'n-a
gcoinnibh súd agus a dhéanfaidh iarracht ar stad
a chur leo? Is mór an náire é, pé dream is
cionntach leis. Sidé táille an Domhnaigh.



Ridirí Éireann 0-11; San Aindréis 0-3.
Párnailigh, 1-9; Daibhisigh 0-2.
Gearaltaigh, 1-9; Céitinnigh 0-3.



Báire Chúige Laighean.



Sa Tualaigh Mhóir Dia Domhnaigh do bhuaidh
Cill Choinne ar Chonntae an Ríogh d'éis dóibh
cluiche ana-dhian d'imirt.



Cill Choinne, 3-8; Co. an Ríogh, 1-6.



Táillí Báire



Fontenoí, 2-4; Rábairí, 1-3.
Árd-Chraobh, 4-6; Biadhtaigh 2-6.
Ciceamaigh (sóisir), 2-7; Ráth Ó Máine, 2-6.
Ciceamaigh (sinsir), 2-8; G.S. & W.R. 1-6.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services