Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Tarna Teanga
Title
An Tarna Teanga
Author(s)
Mag Uidhir, Art,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Tarna Teanga* Na fir do thúsgail obair na Gaedhilge, tá breis agus deich mbliadhna ó shoin ann, níor chuireadar rómpa mar chuspóir an Béarla do ruagairt as an oileán so glan amach. 'Sé bhí uatha, 'réir mar a thuigthear dhomh-sa, an Ghaedhilg do chuinneáil beo agus í leathadh arís ar fhuaid na ndúthaighe Gallda, acht gan aon iarracht a dhéanamh ar an mBéarla do mhúchadh ins na dúthaighibh sin. Ba mhéin leotha 'n-a theannta soin an Béarla chur dhá mhúineadh ins na háiteannaibh ná fuil aon Bhéarla le clúiseamhaint fé láthair, ar chuma go mbeadh an dá theangain, an Bhéarla agus an Ghaedhilg, ag gach duine d'áitreabhthaighibh na hÉireann. Sin é d'abruigheadh muinntir na Gaedhilge i dtosach na hoibre. Tá lucht ghrádha na teangan i bhfad níos líonmhaire agus níos comhachtaighe anois, ámhthach, 'ná mar a bhíodar an uair sin. Ní haon iongantas iad a bheith rud beag níos dána leis 'n-a n-aigne agus 'n-a gcainnt. Is uathbhásach an greim a bhíonn ag an dtaithighe ar dhuine. Tá taithighe an Bhéarla i bhfeidhm ar fhurmhór na nÉireannach le fada bhliadhanta anois. I bhfad sul a raibh mórán eolais aca ar Bhéarla bhíodar lán d'urraim do'n teangain sin agus do lucht a labhartha. An té d'osglóch' Annála an Cheathrair Mhaighistrí agus dreas a léigheamh ann, níl rud is minicí chífeadh sé ann ná duine éigin dhá mholadh mar gheall ar bheith cliste i mBéarla. Agus an t-ainm seo féin atá againn ar an dteangain sin, ná tasbáineann sé an t-árd-mheas a bhí ag ár sinnsear uirthi? Óir gan focal so Béarla cialluigheann sé “urlabhairt” nó “teanga” ó cheart, agus nuair a bhaist na Gaedhil an t-ainm coitcheann soin ar chainnt na nGall ar leithleachas, is léir go raibh sé 'n-a luighe ortha ná raibh cainnt ar dhrom talmhan a bhí i n-aon-ghaor do bheith chomh huasal leis. Fé mar a bhí na Gaill ag leathnughadh agus ag neartughadh a gcomhacht ins an tír seo, bhí an urraim sin a bhí aige sna daoinibh do'n Bhéarla ag dul i méid agus ag breith greama níos daingne ortha. Thuigeadar go mba comhartha uaisleachta an Béarla agus go dtarraingeochadh sé meas aige cách ortha, agus ó's ait leis gach duine meas a bheith air, thosnuigheadar ar an mBéarla d'fhoghluim. Bhíodar toilteannach ar airgead a chailleamhaint leis, bíodh is gur beag an tairgead a bhí ag á fhurmhór. Ins an ochtmhadh aois déag bhí maighistrí sgoile ag síolchur Béarla ins gach aon pháirt de Chúige Mumhan go háirithe. Níl fhios agam cionnus a bhí an sgéal aige sna cúigíbh eile, acht ní mór an deifridheacht a dineann soin, mar ba ghnáthach sgoláirí ag teacht go Cúige Mumhan ó chian 's ó chomhngar ag déanamh a bhfoghluma. Do dhin na sgoileanna soin ana-leathadh ar an mBéarla ar fuaid na tíre, agus do cuireadh plána ar an obair le sgoileannaibh Gallda na naomhadh aoise déag. Measaim gur follus as an méid sin gur fada fada an lá táimíd ag caitheamh na Gaedhilge uainn. Tá an cuimhneamh soin i dtaobh uaisleacht an Bhéarla 'n-a luighe ar ár n-aigne ar feadh na haimsire sin go léir. Bhí ár n-inntleacht i gcuibhreach ag an smaoineamh soin. Ba bheag éinne gur éirigh leis an cuibhreach soin a sgaoileadh dhe. Na daoine ba thuisgeannaighe agus b'éireamhla agus ba léigheannta bhí i nÉirinn, bhí an ceangal chomh docht ar a n-aigne agus a bhí sé ar an sgolóig ba dhaille agus ba lugha eolas. Do dheonuigh Dia fé dheireadh do thriúr fear óg iad féin a réidhteach as i n-éinfheacht. Mara mbeadh iad-san is dócha gur beag trácht a bheadh ar Ghaedhilg insa tír seo indiu. Ní haon-chúrsaí iongantais gan iad a bheith ró-dhána 'n-a gcainnt sa tosach. 'Sé'n t-iongantas ar fad go bhfuaireadh oiread is éinne amháin gur leig sgáth na seana-thaithighe dhó aon tseasamh dá laghad a dhéanamh i gcoinne nirt an Bhéarla. Nuair a gheibheann duine caoch a radharc, rud a thuiteann amach anois agus arís, ní bhíonn sé cruinn aige go ceann tamaill aimsire. Chíonn sé na rudaí atá 'n-a thimcheall, acht níl 'fhios aige goidiad na rudaí iad. Bíonn sé ar feadh i bhfad agus gan é dána ar shiubhal a dheánamh mar a dhéanfadh duine go raibh radharc a shúl aige ó thosach a shaoghail. Mar sin do thúsgailteoiríbh Chonnradh na Gaedhilge nuair a baineadh an púicín díobh ar dtúis. Bhí an dalladh imthighthe, acht d'fhan a iarmhairt ortha ar feadh paiste. Ní raibh an misneach ceart ionnta. Bhí eagal ortha gur'b amhlaidh dh'iompóchaidís na daoine 'n-a gcoinne dá labharfaidís ró-dhána leotha. Dá bhíthin sin níor dhubhairt éinne aca go mb'ait leis Éire d'fheicsint gan Béarla. Tá blosgadh mór tagtha ar an nGaedhilg ó shoin. Tá aos óg 'ghá foghluimm anois ins gach aon pháirt d'Éirinn. Tá táinte de leabharthaibh Gaedhilge dhá gcur i gcló gach bliadhain dá dtagann. Tá an teanga dhá húsaíd le haghaidh gnóthaí nár dineadh trí Ghaedhilg leis na céadta bliadhain, nó nár dineadh trí Ghaedhilg riamh go dtí so. Tá Gaedhil ag tosnuighe ar a thuisgint goideá 'n uaisleacht agus goidé 'n neart atá 'n-a dteangain féin. As an dtuisgint sin do chrom cuid aca ar bheith 'ghá fhiafruighe dhíobh féin ná féadfaimís ár ngnó dhéanamh leis an nGaedhilg 'n-a haonar gan aon chabhair ó'n mBéarla. Tá dream ann anois agus 'sé a mbreitheamhnas go bhféad- faimís. Dream beag iseadh iad-san ámhthach, agus 'sé deir an chuid is mó go mbeimís ana- leath-lámhach dhá gcaithimís an Béarla uainn. Gur'b é an teanga is mó labhairtear agus a thuigtear i n-il-chríochaibh an domhain é, agus ar an adhbhar soin gur'b oireamhnaighe go mór d'úirlis é le haghaidh tráchtála 'ná 'n Ghaedhilg. Gur ceart an Ghaedhilg do mhúineadh do sna daoinibh go léir agus iad a bheith agá labhairt istigh aige baile, acht iad a tharraingt an Bhéarla chúcha nuair a bheidís ag gabháil do cheannaidheacht agus do thráchtáil agus do ghnóthaibh de'n tsórt soin. Má's ar an gcuma soin a dhéanfar an sgéal do shocrughadh againn, is léir cad a thiocfaidh as. Tiocfaidh as gur'b é an Bhéarla is mó bheidh á labhairt ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh móra, go mór-mór ins na bailtibh cuain. Is ins na háiteannaibh soin go prionsabhálta bhíonn an tráchtáil ar siubhal, agus má's trí Bhéarla dhéanfar gnó na tráchtála is as an mBéarla bheidh furmhór muinntir na mbailte móra ag tuilleamhaint a mbeathadh. An teanga bheidh 'á mbeathughadh is léithi bheidh a mbáidh agus is í chleachtfaidh siad a labhairt. Dá mbeadh cathair Ghaedhealach ann agus gan acht duine amháin sa gcathair sin go mbadh caoi mhaireachtála dhó an Bhéarla agus go mbeadh air bheith 'ghá labhairt i gcaitheamh an lae, is dócha go bhféadfadh an fear soin luighe ar Ghaedhilg do labhairt ar lic a theine féin um tráthnóna. Acht dá mbeadh an chathair lán de dhaoinibh eile bheadh ar an aiste chéadna, ag labhairt Bhéarla i n-oifigíbh agus i siopaíbh ar feadh an lae, is follus gur'b é an Béarla is buige thiocfadh chúcha agus gur'b é labhar- faidís le n-a lucht caidrimh istoidhche. Do thabharfadh soin uachtar-lámh do'n Bhéarla ins na bailtibh móra tráchtála. Aon náisiún a bhíonn ag dul chun cinn agus ag fás i gconách saoghalta, rud a bheidh Éire 'dheánamh le congnamh Dé, ní fuláir uimhir mhór dá dhaoinibh bheith 'n-a gcomhnaidhe, ar na bailtíbh móra agus ag maireachtáil leis na gnóthaibh éagsámhla a bhaineann le ceannaidheacht. D'fhágfadh soin an Béarla 'n-a ghnáth-theangain aige fuirinn ana-líonmhar d'áitigheoiríbh na tíre seo. Agus is ar na tráchtálaidhthibh bhíonn na daoine is saidhbre i gcomhnaidhe i náisiúnaibh an lae indiu. Tá's ag an saoghal gur mór an chomhacht agus an chreideamhaint a leanann anchsaidhbhreas, agus beidh an comhacht agus an reideamhaint sin go léir ag congnamh leis an mBéarla i nÉirinn. Art Mag Uidhir. *Léigheacht é seo a léigheadh os comhair Chumainn Gaedhealaigh Choláiste na holsgoile i mBaile Átha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services