Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Tarna Teanga

Title
An Tarna Teanga
Author(s)
Mag Uidhir, Art,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Tarna Teanga*



Na fir do thúsgail obair na Gaedhilge, tá
breis agus deich mbliadhna ó shoin ann, níor
chuireadar rómpa mar chuspóir an Béarla
do ruagairt as an oileán so glan amach.
'Sé bhí uatha, 'réir mar a thuigthear dhomh-sa,
an Ghaedhilg do chuinneáil beo agus í leathadh
arís ar fhuaid na ndúthaighe Gallda, acht gan
aon iarracht a dhéanamh ar an mBéarla do
mhúchadh ins na dúthaighibh sin. Ba mhéin leotha
'n-a theannta soin an Béarla chur dhá mhúineadh
ins na háiteannaibh ná fuil aon Bhéarla le
clúiseamhaint fé láthair, ar chuma go mbeadh
an dá theangain, an Bhéarla agus an Ghaedhilg,
ag gach duine d'áitreabhthaighibh na hÉireann.



Sin é d'abruigheadh muinntir na Gaedhilge i
dtosach na hoibre. Tá lucht ghrádha na teangan
i bhfad níos líonmhaire agus níos comhachtaighe
anois, ámhthach, 'ná mar a bhíodar an uair sin.
Ní haon iongantas iad a bheith rud beag níos
dána leis 'n-a n-aigne agus 'n-a gcainnt. Is
uathbhásach an greim a bhíonn ag an dtaithighe
ar dhuine. Tá taithighe an Bhéarla i bhfeidhm ar
fhurmhór na nÉireannach le fada bhliadhanta
anois. I bhfad sul a raibh mórán eolais aca
ar Bhéarla bhíodar lán d'urraim do'n teangain
sin agus do lucht a labhartha. An té d'osglóch'
Annála an Cheathrair Mhaighistrí agus dreas a
léigheamh ann, níl rud is minicí chífeadh sé ann
ná duine éigin dhá mholadh mar gheall ar bheith
cliste i mBéarla. Agus an t-ainm seo féin
atá againn ar an dteangain sin, ná tasbáineann
sé an t-árd-mheas a bhí ag ár sinnsear uirthi?
Óir gan focal so Béarla cialluigheann sé
“urlabhairt” nó “teanga” ó cheart, agus
nuair a bhaist na Gaedhil an t-ainm coitcheann
soin ar chainnt na nGall ar leithleachas, is
léir go raibh sé 'n-a luighe ortha ná raibh cainnt
ar dhrom talmhan a bhí i n-aon-ghaor do bheith
chomh huasal leis. Fé mar a bhí na Gaill ag
leathnughadh agus ag neartughadh a gcomhacht
ins an tír seo, bhí an urraim sin a bhí aige sna
daoinibh do'n Bhéarla ag dul i méid agus ag
breith greama níos daingne ortha. Thuigeadar
go mba comhartha uaisleachta an Béarla agus
go dtarraingeochadh sé meas aige cách ortha,
agus ó's ait leis gach duine meas a bheith air,
thosnuigheadar ar an mBéarla d'fhoghluim.
Bhíodar toilteannach ar airgead a chailleamhaint
leis, bíodh is gur beag an tairgead a bhí ag á
fhurmhór. Ins an ochtmhadh aois déag bhí
maighistrí sgoile ag síolchur Béarla ins gach
aon pháirt de Chúige Mumhan go háirithe. Níl
fhios agam cionnus a bhí an sgéal aige sna
cúigíbh eile, acht ní mór an deifridheacht a
dineann soin, mar ba ghnáthach sgoláirí ag
teacht go Cúige Mumhan ó chian 's ó chomhngar
ag déanamh a bhfoghluma. Do dhin na sgoileanna
soin ana-leathadh ar an mBéarla ar fuaid na
tíre, agus do cuireadh plána ar an obair le
sgoileannaibh Gallda na naomhadh aoise déag.



Measaim gur follus as an méid sin gur
fada fada an lá táimíd ag caitheamh na Gaedhilge
uainn. Tá an cuimhneamh soin i dtaobh uaisleacht
an Bhéarla 'n-a luighe ar ár n-aigne ar feadh
na haimsire sin go léir. Bhí ár n-inntleacht
i gcuibhreach ag an smaoineamh soin. Ba bheag
éinne gur éirigh leis an cuibhreach soin a
sgaoileadh dhe. Na daoine ba thuisgeannaighe
agus b'éireamhla agus ba léigheannta bhí i
nÉirinn, bhí an ceangal chomh docht ar a n-aigne
agus a bhí sé ar an sgolóig ba dhaille agus
ba lugha eolas. Do dheonuigh Dia fé dheireadh
do thriúr fear óg iad féin a réidhteach as i
n-éinfheacht. Mara mbeadh iad-san is dócha
gur beag trácht a bheadh ar Ghaedhilg insa tír
seo indiu. Ní haon-chúrsaí iongantais gan
iad a bheith ró-dhána 'n-a gcainnt sa tosach.
'Sé'n t-iongantas ar fad go bhfuaireadh oiread
is éinne amháin gur leig sgáth na seana-thaithighe
dhó aon tseasamh dá laghad a dhéanamh i gcoinne
nirt an Bhéarla. Nuair a gheibheann duine
caoch a radharc, rud a thuiteann amach anois
agus arís, ní bhíonn sé cruinn aige go ceann
tamaill aimsire. Chíonn sé na rudaí atá 'n-a
thimcheall, acht níl 'fhios aige goidiad na rudaí
iad. Bíonn sé ar feadh i bhfad agus gan é
dána ar shiubhal a dheánamh mar a dhéanfadh
duine go raibh radharc a shúl aige ó thosach a
shaoghail. Mar sin do thúsgailteoiríbh Chonnradh
na Gaedhilge nuair a baineadh an púicín díobh
ar dtúis. Bhí an dalladh imthighthe, acht d'fhan a
iarmhairt ortha ar feadh paiste. Ní raibh an
misneach ceart ionnta. Bhí eagal ortha gur'b
amhlaidh dh'iompóchaidís na daoine 'n-a gcoinne
dá labharfaidís ró-dhána leotha. Dá bhíthin sin
níor dhubhairt éinne aca go mb'ait leis Éire
d'fheicsint gan Béarla.



Tá blosgadh mór tagtha ar an nGaedhilg ó
shoin. Tá aos óg 'ghá foghluimm anois ins gach
aon pháirt d'Éirinn. Tá táinte de leabharthaibh
Gaedhilge dhá gcur i gcló gach bliadhain dá
dtagann. Tá an teanga dhá húsaíd le haghaidh
gnóthaí nár dineadh trí Ghaedhilg leis na céadta
bliadhain, nó nár dineadh trí Ghaedhilg riamh
go dtí so. Tá Gaedhil ag tosnuighe ar a thuisgint
goideá 'n uaisleacht agus goidé 'n neart atá
'n-a dteangain féin.



As an dtuisgint sin do chrom cuid aca
ar bheith 'ghá fhiafruighe dhíobh féin ná féadfaimís
ár ngnó dhéanamh leis an nGaedhilg 'n-a haonar
gan aon chabhair ó'n mBéarla. Tá dream ann
anois agus 'sé a mbreitheamhnas go bhféad-
faimís. Dream beag iseadh iad-san ámhthach,
agus 'sé deir an chuid is mó go mbeimís ana-
leath-lámhach dhá gcaithimís an Béarla uainn.
Gur'b é an teanga is mó labhairtear agus a
thuigtear i n-il-chríochaibh an domhain é, agus
ar an adhbhar soin gur'b oireamhnaighe go mór
d'úirlis é le haghaidh tráchtála 'ná 'n Ghaedhilg.
Gur ceart an Ghaedhilg do mhúineadh do sna
daoinibh go léir agus iad a bheith agá labhairt
istigh aige baile, acht iad a tharraingt an
Bhéarla chúcha nuair a bheidís ag gabháil do
cheannaidheacht agus do thráchtáil agus do
ghnóthaibh de'n tsórt soin.



Má's ar an gcuma soin a dhéanfar an sgéal
do shocrughadh againn, is léir cad a thiocfaidh as.
Tiocfaidh as gur'b é an Bhéarla is mó bheidh
á labhairt ins na cathrachaibh agus ins na
bailtibh móra, go mór-mór ins na bailtibh cuain.
Is ins na háiteannaibh soin go prionsabhálta
bhíonn an tráchtáil ar siubhal, agus má's trí
Bhéarla dhéanfar gnó na tráchtála is as an
mBéarla bheidh furmhór muinntir na mbailte
móra ag tuilleamhaint a mbeathadh. An
teanga bheidh 'á mbeathughadh is léithi bheidh a
mbáidh agus is í chleachtfaidh siad a labhairt.
Dá mbeadh cathair Ghaedhealach ann agus gan
acht duine amháin sa gcathair sin go mbadh
caoi mhaireachtála dhó an Bhéarla agus go
mbeadh air bheith 'ghá labhairt i gcaitheamh an lae,
is dócha go bhféadfadh an fear soin luighe ar
Ghaedhilg do labhairt ar lic a theine féin um
tráthnóna. Acht dá mbeadh an chathair lán de
dhaoinibh eile bheadh ar an aiste chéadna, ag
labhairt Bhéarla i n-oifigíbh agus i siopaíbh
ar feadh an lae, is follus gur'b é an Béarla
is buige thiocfadh chúcha agus gur'b é labhar-
faidís le n-a lucht caidrimh istoidhche. Do
thabharfadh soin uachtar-lámh do'n Bhéarla ins
na bailtibh móra tráchtála. Aon náisiún a
bhíonn ag dul chun cinn agus ag fás i gconách
saoghalta, rud a bheidh Éire 'dheánamh le congnamh
Dé, ní fuláir uimhir mhór dá dhaoinibh bheith 'n-a
gcomhnaidhe, ar na bailtíbh móra agus ag
maireachtáil leis na gnóthaibh éagsámhla a
bhaineann le ceannaidheacht. D'fhágfadh soin
an Béarla 'n-a ghnáth-theangain aige fuirinn
ana-líonmhar d'áitigheoiríbh na tíre seo. Agus
is ar na tráchtálaidhthibh bhíonn na daoine is
saidhbre i gcomhnaidhe i náisiúnaibh an lae indiu.
Tá's ag an saoghal gur mór an chomhacht agus an
chreideamhaint a leanann anchsaidhbhreas, agus
beidh an comhacht agus an reideamhaint sin
go léir ag congnamh leis an mBéarla i nÉirinn.



Art Mag Uidhir.



*Léigheacht é seo a léigheadh os comhair Chumainn
Gaedhealaigh Choláiste na holsgoile i mBaile Átha Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services