Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Faithche
Title
Ar Faithche na hImeartha - Faithche
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Faithche Is mór an dul amugha ar mhuinntir na gCleas Lúith i mBaile Átha Claith é, gan láthair fé leith a bheith aca agus “claidhe agus fál is falla” léi mar badh cheart. Ní hamháin go gcaithfid díol go maith a láthair Bhóthar Mhic Seoin, acht ní mór i gasraidhe a sholáthar coitchianta chun daoine áirithe a chosc ar theacht tar falla isteach. Cheapfaidhe gur cheart do'n té gur leis an áit na bearnain a líonadh. Ní mar sin a bhíonn, ámhthach. Táid bearnain ann go tiugh, agus nídh nach iongnadh tugann soin leath-scéal do lucht na streapadóireachta. Dá mbeadh ionad fé leith ag an gCumann i mBaile Átha Cliath do bheadh deireadh leis an obair seo go léir. Níor ghabhadh dhóibh bheith ag tabhairt uatha dornlach airgid mar chíos lae ar phaírc na riúnaigheann iad acht ar éigin. Dá gcuiridís le chéile agus an pháirc sin nó páirc i mball éigin comhgarach do'n chathair a cheannach amach, agus é chóiriughadh dhóibh féin, do b'amhlaidh b'fhearr é. An t-airgead atá dá chaitheamh ar chíos aca anois do raghadh sé chun an bhun-airgid a laigheadughadh agus chun díol as an iasacht. Bímíd-na ag cáineadh seoiníní is Sasanaigh. Badh mhaith an rud dúinn féin é dá mb'áil linn aithris ar chuid dá ndeigh- thréithibh. Bíd dúthrachtach 'n-a ngnó féin, pé scéal é. Níor mhiste dhúinne aithrist ní ba dlúithe ortha annsúd. Féach an treo agus an tslacht atá ar fhóirnibh “Soccer” i mBaile Átha Cliath! Ní puinn a leanann an cluiche sin i gcompráid le peil na nGaedheal. Mar sin féin, bíonn páirc aca dhóibh féin, agus í ceannuighthe amach aca. Agus ní hamháin go ndíolann sé as féin acht 'n-a theannta soin rainntear farrasbarr nach gann ortha so a chéad-chuir síos airgead. Má tá an scéal amhlaidh i dtaobh “Soccer” — agus daidia ó tá — níl aon leath-scéal fágtha ag Cumann Cleas Lúith na nGaedheal. I n-ainm Dé, bailighidís oiread agus a cheannóchaidh amach láthair Bhóthair Mhic Seoin, tógtar ball timcheall uirthi, agus ná bíodh pioc dá mhearaidhe ortha 'ná go ndíolfaidh sé as féin go maith. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services