Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Faithche

Title
Ar Faithche na hImeartha - Faithche
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Faithche



Is mór an dul amugha ar mhuinntir na
gCleas Lúith i mBaile Átha Claith é, gan láthair
fé leith a bheith aca agus “claidhe agus fál is
falla” léi mar badh cheart. Ní hamháin go
gcaithfid díol go maith a láthair Bhóthar Mhic
Seoin, acht ní mór i gasraidhe a sholáthar
coitchianta chun daoine áirithe a chosc ar theacht
tar falla isteach. Cheapfaidhe gur cheart do'n
té gur leis an áit na bearnain a líonadh. Ní
mar sin a bhíonn, ámhthach. Táid bearnain ann
go tiugh, agus nídh nach iongnadh tugann soin
leath-scéal do lucht na streapadóireachta.



Dá mbeadh ionad fé leith ag an gCumann i
mBaile Átha Cliath do bheadh deireadh leis an
obair seo go léir. Níor ghabhadh dhóibh bheith ag
tabhairt uatha dornlach airgid mar chíos lae
ar phaírc na riúnaigheann iad acht ar éigin.
Dá gcuiridís le chéile agus an pháirc sin nó
páirc i mball éigin comhgarach do'n chathair a
cheannach amach, agus é chóiriughadh dhóibh féin,
do b'amhlaidh b'fhearr é. An t-airgead atá dá
chaitheamh ar chíos aca anois do raghadh sé chun
an bhun-airgid a laigheadughadh agus chun díol
as an iasacht. Bímíd-na ag cáineadh seoiníní
is Sasanaigh. Badh mhaith an rud dúinn féin
é dá mb'áil linn aithris ar chuid dá ndeigh-
thréithibh. Bíd dúthrachtach 'n-a ngnó féin, pé
scéal é. Níor mhiste dhúinne aithrist ní ba
dlúithe ortha annsúd.



Féach an treo agus an tslacht atá ar
fhóirnibh “Soccer” i mBaile Átha Cliath! Ní
puinn a leanann an cluiche sin i gcompráid
le peil na nGaedheal. Mar sin féin, bíonn
páirc aca dhóibh féin, agus í ceannuighthe amach
aca. Agus ní hamháin go ndíolann sé as féin
acht 'n-a theannta soin rainntear farrasbarr
nach gann ortha so a chéad-chuir síos airgead.
Má tá an scéal amhlaidh i dtaobh “Soccer” —
agus daidia ó tá — níl aon leath-scéal fágtha
ag Cumann Cleas Lúith na nGaedheal. I
n-ainm Dé, bailighidís oiread agus a
cheannóchaidh amach láthair Bhóthair Mhic Seoin,
tógtar ball timcheall uirthi, agus ná bíodh
pioc dá mhearaidhe ortha 'ná go ndíolfaidh sé
as féin go maith.



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services