Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Dáil na Múinteoirí
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Dáil na Múinteoirí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Dáil na Múinteoirí. Béidh Dáil na Múinteoirí Sgoile fá lán- réim siubhail i gCill Áirne nuair thiocfas an uimhir seo de'n CHLAIDHEAMH SOLUIS amach. Támuid ag seoladh chuca ar mbeannachta agus beannachta na nGaedheal. Tá súil againn nach ndéanfar faillighe san nGaedhilg le linn an Dáil a bheith 'n-a suidhe acht gur mion minic bhéas sí dá spreaghadh ag na gcomhdhaltaíbh ag cur cúrsaí a ngnótha trí chéile dhóibh. Badh mhian linn dlúth-mhuinnteardhas agus caoin-cháirdeas a fheicsint idir na múinteoirí sgoile agus lucht saothruighthe na Gaedhilge. Níl aon dá dhream i nÉirinn is mó a bhfuil a gcabhair ag teastáil ó n-a chéile ná is mó a d'fhéadfadh a dhéanamh de mhaitheas do'n tír dá n-oibreochaidís guala ar ghualainn le chéile i n-aghaidh na námhad. Is fada an lá ó shín Connradh na Gaedhilge lámh chonganta chum na múinteoirí, agus má táthar ar tí árdughadh páighe a thabhairt do na múinteoiríbh anois tá cuid dá bhuidheachas sin, agus ní haon chuid bheag é acht an oiread, ag dul do'n Chonnradh. Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an méid sin. Ar an taoibh eile, tá a lán máighistrí agus máighistreásaí sgoile agus badh lag é Connradh na Gaedhilge i n-a lán áiteacha muna mbeadh a gcabhair agus a ndúthracht sin ag obair ar a shon. Tá an dá dhream againn, mar adéarfá, fá chomaoin ag a chéile. Níor cheart d'aon taoibh againn bheith ag maoidheamh ar an taoibh eile as a bhfuil curtha de chomaoin aige air. Teastuigheann congnamh na múinteoirí ó'n gConnradh anois chum Clár an Dhá-Theangan a chur i bhfeidhm ní hé amháin ar fuaid na Gaedhealtachta acht ar fuaid na Galldachta chomh maith. Sin í príomh-chuspóir an Chonnartha feasta chomh fada is bhaineas leis na sgoltachaibh. Má luigheann na múinteoirí isteach linn agus cuidiughadh linn go dílis chum an méid seo a thabhairt chum críche ní chlisfimíd-ne ortha-san. Ní gábhadh a rádh nach gcuirfear oideachas dhá- theangach ar bun ar fuaid na tíre gan tuarastal na máighistrí a árdughadh. Tá súil againn go ndéanfar tagairt do'n sgéal so ag an Dáil i gCill Áirne, mar is é an sgéal is tábhachtaighe é dá mbaineas le sgoltachaibh dúthchais na tíre. Ná caithtear aimsir ag éileamh airgid nach bhfuighear agus nach ndéanfadh aon mhaitheas do'n Ghaedhilg dá bhfuighthí féin. Téidhtear i n-éadan na mór- cheiste seo atá luaidhte againn agus troidtear ar son rud éigin a mb'fhiú é fhágháil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services