Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Dáil na Múinteoirí

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Dáil na Múinteoirí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Dáil na Múinteoirí.



Béidh Dáil na Múinteoirí Sgoile fá lán-
réim siubhail i gCill Áirne nuair thiocfas an
uimhir seo de'n CHLAIDHEAMH SOLUIS amach.
Támuid ag seoladh chuca ar mbeannachta agus
beannachta na nGaedheal. Tá súil againn
nach ndéanfar faillighe san nGaedhilg le linn
an Dáil a bheith 'n-a suidhe acht gur mion minic
bhéas sí dá spreaghadh ag na gcomhdhaltaíbh
ag cur cúrsaí a ngnótha trí chéile dhóibh.



Badh mhian linn dlúth-mhuinnteardhas agus
caoin-cháirdeas a fheicsint idir na múinteoirí
sgoile agus lucht saothruighthe na Gaedhilge.
Níl aon dá dhream i nÉirinn is mó a bhfuil a
gcabhair ag teastáil ó n-a chéile ná is mó a
d'fhéadfadh a dhéanamh de mhaitheas do'n tír
dá n-oibreochaidís guala ar ghualainn le chéile
i n-aghaidh na námhad. Is fada an lá ó shín
Connradh na Gaedhilge lámh chonganta chum na
múinteoirí, agus má táthar ar tí árdughadh
páighe a thabhairt do na múinteoiríbh anois tá
cuid dá bhuidheachas sin, agus ní haon chuid
bheag é acht an oiread, ag dul do'n Chonnradh.
Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an méid
sin. Ar an taoibh eile, tá a lán máighistrí
agus máighistreásaí sgoile agus badh lag é
Connradh na Gaedhilge i n-a lán áiteacha muna
mbeadh a gcabhair agus a ndúthracht sin ag
obair ar a shon. Tá an dá dhream againn,
mar adéarfá, fá chomaoin ag a chéile. Níor
cheart d'aon taoibh againn bheith ag maoidheamh
ar an taoibh eile as a bhfuil curtha de chomaoin
aige air.



Teastuigheann congnamh na múinteoirí ó'n
gConnradh anois chum Clár an Dhá-Theangan a
chur i bhfeidhm ní hé amháin ar fuaid na
Gaedhealtachta acht ar fuaid na Galldachta
chomh maith. Sin í príomh-chuspóir an Chonnartha
feasta chomh fada is bhaineas leis na sgoltachaibh.
Má luigheann na múinteoirí isteach linn agus
cuidiughadh linn go dílis chum an méid seo a
thabhairt chum críche ní chlisfimíd-ne ortha-san.
Ní gábhadh a rádh nach gcuirfear oideachas dhá-
theangach ar bun ar fuaid na tíre gan
tuarastal na máighistrí a árdughadh. Tá súil
againn go ndéanfar tagairt do'n sgéal so
ag an Dáil i gCill Áirne, mar is é an sgéal
is tábhachtaighe é dá mbaineas le sgoltachaibh
dúthchais na tíre. Ná caithtear aimsir ag
éileamh airgid nach bhfuighear agus nach
ndéanfadh aon mhaitheas do'n Ghaedhilg dá
bhfuighthí féin. Téidhtear i n-éadan na mór-
cheiste seo atá luaidhte againn agus troidtear
ar son rud éigin a mb'fhiú é fhágháil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services