Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clúid an tSeanchaidhe - Éire agus an tSeamróg
Title
Clúid an tSeanchaidhe - Éire agus an tSeamróg
Author(s)
Maillidhe, Seaghán,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clúid an tSeanchaidhe. Éire agus an tSeamróg [Franncach óg nach bhfuil acht leith-bhliadhain i n-éadan na Gaedhilge a sgríobh an sgéilín seo.] Le tamall fada bhí na draoithe ag cuardach i measg géag na sean-chrann, ag iarraidh an ríogh darach. Go díreach agus iad 'ghá ghearradh fuaradar bábóg i n-a codladh i measg na n-éan. Ba dheas áluinn an cáilín beag í, gruag fhada fhionn-órdha uirthi agus súile gorm-ghlasa móra aici. Rug na draoithe do'n tsráid-bhaile leo í. Is sona an saoghal a bhí aici i n-a leanbh. Ar feadh an lae do bhíodh sí ag imirt ar an léana bhog aoibhinn fá'n spéir ghuirm agus ag éisteacht le hamhrán na fuiseoige. Nuair thigeadh cách a bhaile ó na garrdhantaibh ins an oidhche d'fhéachadh sí ar an sean-bhárd agus d'éisteadh sí leis ag canadh a dhán. Ar feadh achair fhada bhí an aingir shéimh go fíor-shona. Bhí sí ag fás agus ag éirghe níos áilne agus níos deise gach lá. Mar adubhairt an file — “Bhí sgáil na gcaor ar lasadh Tré bháine an lil 'n-a leacain, Mánlacht, míne, is maise, Taithte 'n-a sgéimh.” Bhí grádh ag gach uile dhuine uirthi, idir fear agus bean. Ritheadh na leanbhaí chuici; annsin do thógadh sí i n-a baclainn iad, dhearcadh sí ortha le smigeadh, agus phógadh sí iad. Thug na draoithe urraim di agus d'éistidís léithi nuair bhíodh sí ag labhairt ar an am le teacht. Acht le tamall beag, bhí an cailín gorm- shúileach dólásach óir chonnaic sí curaidh uamhnacha cruadhálacha i n-aisling. Aon uair amháin bhí fleadh mhór ins an tsráid- bhaile. Bhí an uile dhuine go soilbhir, suairc. Bhí na cailíní ag rinnce leis na buachaillíbh, óir bhí na náimhde claoidhte ag taoiseach óg. Bhí sé ag seinnm ar an gcláirsigh. Do labhair sé ar chalmacht a chompánach, ar aoibhneas na beathadh ciúine agus ar áilne a thíre dúthchásaighe. Bhí gach uile dhuine ag tabhairt ómóis mhóir dhó, agus ar lorg an bhronntanais b'ailne agus ba luachmhaire chun a bhronnta air. Do tháinig an oidhche. Bhí an dath glas céadna ar an muir ghuirm, ar an spéir mhóir dhorcha, ar na cnocaibh agus ar na cluantaibh glasa. Bhí an cailín gorm-shúileach ag féachaint air sin. Láithreach, chruinnigh sí duilleog bheag ghlas — seamróg — agus thug sí do'n bhárd óg calma í. Seaghán Maillidhe. Franncach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services