Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clúid an tSeanchaidhe - Éire agus an tSeamróg

Title
Clúid an tSeanchaidhe - Éire agus an tSeamróg
Author(s)
Maillidhe, Seaghán,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Clúid an tSeanchaidhe.



Éire agus an tSeamróg



[Franncach óg nach bhfuil acht leith-bhliadhain
i n-éadan na Gaedhilge a sgríobh an sgéilín
seo.]



Le tamall fada bhí na draoithe ag cuardach
i measg géag na sean-chrann, ag iarraidh
an ríogh darach. Go díreach agus iad 'ghá
ghearradh fuaradar bábóg i n-a codladh i measg
na n-éan. Ba dheas áluinn an cáilín beag í,
gruag fhada fhionn-órdha uirthi agus súile
gorm-ghlasa móra aici. Rug na draoithe
do'n tsráid-bhaile leo í. Is sona an saoghal a
bhí aici i n-a leanbh. Ar feadh an lae do bhíodh
sí ag imirt ar an léana bhog aoibhinn fá'n
spéir ghuirm agus ag éisteacht le hamhrán na
fuiseoige. Nuair thigeadh cách a bhaile ó na
garrdhantaibh ins an oidhche d'fhéachadh sí ar an
sean-bhárd agus d'éisteadh sí leis ag canadh
a dhán.



Ar feadh achair fhada bhí an aingir shéimh go
fíor-shona. Bhí sí ag fás agus ag éirghe níos
áilne agus níos deise gach lá.



Mar adubhairt an file —
“Bhí sgáil na gcaor ar lasadh
Tré bháine an lil 'n-a leacain,
Mánlacht, míne, is maise,
Taithte 'n-a sgéimh.”



Bhí grádh ag gach uile dhuine uirthi, idir fear
agus bean. Ritheadh na leanbhaí chuici; annsin
do thógadh sí i n-a baclainn iad, dhearcadh sí
ortha le smigeadh, agus phógadh sí iad. Thug
na draoithe urraim di agus d'éistidís léithi
nuair bhíodh sí ag labhairt ar an am le teacht.



Acht le tamall beag, bhí an cailín gorm-
shúileach dólásach óir chonnaic sí curaidh
uamhnacha cruadhálacha i n-aisling.



Aon uair amháin bhí fleadh mhór ins an tsráid-
bhaile. Bhí an uile dhuine go soilbhir, suairc.
Bhí na cailíní ag rinnce leis na buachaillíbh,
óir bhí na náimhde claoidhte ag taoiseach óg.
Bhí sé ag seinnm ar an gcláirsigh. Do labhair
sé ar chalmacht a chompánach, ar aoibhneas na
beathadh ciúine agus ar áilne a thíre dúthchásaighe.
Bhí gach uile dhuine ag tabhairt ómóis mhóir dhó,
agus ar lorg an bhronntanais b'ailne agus
ba luachmhaire chun a bhronnta air. Do tháinig
an oidhche. Bhí an dath glas céadna ar an
muir ghuirm, ar an spéir mhóir dhorcha, ar na
cnocaibh agus ar na cluantaibh glasa. Bhí an
cailín gorm-shúileach ag féachaint air sin.
Láithreach, chruinnigh sí duilleog bheag ghlas —
seamróg — agus thug sí do'n bhárd óg calma í.



Seaghán Maillidhe.



Franncach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services