Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thiar
Title
Ó'n Domhan Thiar
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thiar Ó'n Domhan Thiar. “Nár leigidh Dia dhúinn aon nídh do rádh ná do dhéanamh a dhéanfad dochar ná díoghbháíl dúinn féin ná do sna comhursain.” Seo mar a chloisinn mo mháthair ag guidhe sul a dtosnuigheadh sí ar aon obair agus ní dóigh liom go bhfuil aon ghuidhe níos oireamhnaighe domh-sa ag tosnughadh dhom ar chúrsaí an tsaoghail sa tír seo do chur ós comhair léightheoirí AN CHLAIDHIMH. 'Neosfad an fhírinne mar a buailtear im' aigne í agus bíodh cead mo cháinte “ag a rogha Tomás.” Féile Pádraig Tá an lá mó so imthighthe thorainn, agus níl puinn dá chuimhne againn acht ar nós aon lá eile, cé gur dhóigh leat ag éisteacht dhuit le comhrádh na gcainnteoirí go mbeadh obair mhór dá déanamh ar son na hÉireann. “Oidhche na gaoithe móire,” — sin é an t-ainm do bhaist cara dhom — Gaedheal dúthrachtach — ar Oidhche Fhéile Pádraig, agus is maith do bhaist sé í mar gur mór a sgaoiltear chughainn de ghaoith gan tairbhe an oidhche sin. Níl duine a labhrann ag fleidh nó ar árdán ná sgaoileann chugainn an sean-sgéal céadna, — “Is Éireannach mise,” “tá fuil Gaedhealach ag rith trém' chuis- leannaibh,” “lá éighinteach agam féin nó ag mo shinnsear le clannaibh Gaedheal,” siúd agus nach lugha air an ruiche 'ná an tÉireannach in' aigne féin. Níorbh shos dúinn i mbliadhna acht mar gach aon bhliadhain eile. Bhíodar ann agus chual- amair iad nó léigheamair thársa. B'é cuspóir a gcuid cainnte — “To perpetuate Irish tradition.” Agus ba chuma leo cionnus acht go raibh fuaim dheas leis na focail seo agus go gcuirfeadh sé na daoine ag bualadh bas. Níor mhol aoinne aca gurbh' í teanga na nGaedheal an t-aon nídh do dhéanfadh an “Tradition” soin do bhuanughadh agus do neartóchadh tréithe Gaedheal. Tá a rian air, 'sé an toradh atá againn, .i. cupán cubhráin do cuireadh ar leath-taoibh ar feadh tamaill. Tá sé follamh anois. Obair Gann. Tá súil agam nach bhfuil aon Éireannach chomh baoth agus a chuimhneamh ar theacht anall i mbliadhna. Ní mholfainn dóibh theacht an uair is fearr agus is flúirsighe bhíonn obair ann. Is iomdha cúis agam chuige sin, acht is leor dhóibh anois go bhfuil obair an-ghann agus gorta agus aindeise go foirleathan i measg na ndaoine. Tá oibreacha 'n-a lán-stad, agus thuilleadh aca do chuioruigh ar a lucht oibre. San áit go mbíodh míle fear ag obair níl anois acht de réir fir sa leath-chéad. Áiteanna eile ag gearradh tuarastail. Tá muilne an chadáis i Státaibh Shasana Nua tar éis an tuarastail do ghearradh de réir deich bpighne sa chéad. Tá na céadta fear agus ban nár dhein lá oibre ó Lá Samhna agus roimhe. Agus, rud is measa 'ná soin, is ró-bhaoghalach ná fuil deireadh leis fós. Na hoibreacha nár buaileadh buailfear iad. Is iomdha fear bhocht a bheidh creachta agus saothar a shaoghail imthighthe uaidh sul a mbeidh deireadh leis. Daoine bochta go raibh a n-áruis chomhnaidhthe “leath ceannuighthe” aca caithte as a gcuid oibre, na bainnceanna ag éileamh a gcoda féin, agus gan slighe a thabhairt ag an bhfear mbocht. Beidh an Sirriam chomh saothrach agus do bhí sé riamh i nÉirinn. Do chruinnigh 10,000 fear agus bean a bhí as obair i gcathair Nua-Eabhraic indé ag éileamh oibre ar chomhairle na cathrach. Phrioc an mí-ádh chomh mór soin baothán bocht gurbh' ainm dó Silbherstein gur cheap sé sleagán buile do chaitheamh i measg na sith-mhaor. Sul a raibh an rún soin curtha i bhfeidhm aige, do phléasg an sleagán agus do mharbh sé comrádaidhe dó agus raobh sé é féin ar chuma ná mairfidh sé. B'é deonughadh Dé nár gortuigheadh ró- mhór aoinne eile dá raibh láithreach. Níl aon chúram de sna sleagáin seo i dtír mar í seo, mar a bhfuil cead a ghótha ag gach aoinne i riaghlughadh na tíre. Sé tá uatha, ámhthach, — na daoine do mhúineadh i ngnótha na tíre agus daoine do thogadh do dhéanfaidh dlighthe do chóiriughadh a fhóirfidh ar an gcuid is mó dá mbunadh agus a laighdeochaidh cruadhtan na coda is lugha. Níl aon bhaint ag Cumann na bhFear nOibre (Labor Unions) le lucht chaitheamh na sleagán agus is maith dhóibh é. Cosaint Páistí Sgoile. Is mór an t-imshníomh do chuir an teine uathbhásach úd do bhris amach i sgoil i n-aice le cathair Clebheland i nOhio tamall ó shoin mar ar dóghadh suas le dhá chéad páiste — slán mar a n-innstear agus mar a léightear é! — i radharc a muinntire agus nárbh' fhéidir leo fóirthint do dhéanamh ortha. Cuirtear eagar i gcomhair teineadh (Fire drill) ar páistíbh gach aon tseachtmhain beagnach anois. Is maith an rud é sin mar nuair bhuaileann clog na teineadh tugann an múinteoir fógra agus glantar an sgoil de pháistíbh i gcionn trí nóiméad. Tá cuid de chathrachaibh na tíre ag cur duine nó dhó de lucht múchta na teineadh 'n-a suidhe is gach sgoil mar chosaint le haghaidh na cinneamhna. Pádraig Ó hÉigeartaigh. Springfield, Mass.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services