Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ó'n Domhan Thiar

Title
Ó'n Domhan Thiar
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Pádraig,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ó'n Domhan Thiar



Ó'n Domhan Thiar.



“Nár leigidh Dia dhúinn aon nídh do rádh ná
do dhéanamh a dhéanfad dochar ná díoghbháíl
dúinn féin ná do sna comhursain.”



Seo mar a chloisinn mo mháthair ag guidhe
sul a dtosnuigheadh sí ar aon obair agus ní
dóigh liom go bhfuil aon ghuidhe níos oireamhnaighe
domh-sa ag tosnughadh dhom ar chúrsaí an
tsaoghail sa tír seo do chur ós comhair léightheoirí
AN CHLAIDHIMH. 'Neosfad an fhírinne mar
a buailtear im' aigne í agus bíodh cead mo
cháinte “ag a rogha Tomás.”



Féile Pádraig



Tá an lá mó so imthighthe thorainn, agus
níl puinn dá chuimhne againn acht ar nós aon
lá eile, cé gur dhóigh leat ag éisteacht dhuit
le comhrádh na gcainnteoirí go mbeadh obair
mhór dá déanamh ar son na hÉireann. “Oidhche
na gaoithe móire,” — sin é an t-ainm do bhaist
cara dhom — Gaedheal dúthrachtach — ar Oidhche
Fhéile Pádraig, agus is maith do bhaist sé
í mar gur mór a sgaoiltear chughainn de ghaoith
gan tairbhe an oidhche sin. Níl duine a labhrann
ag fleidh nó ar árdán ná sgaoileann chugainn
an sean-sgéal céadna, — “Is Éireannach mise,”
“tá fuil Gaedhealach ag rith trém' chuis-
leannaibh,” “lá éighinteach agam
féin nó ag mo shinnsear le clannaibh Gaedheal,”
siúd agus nach lugha air an ruiche 'ná an
tÉireannach in' aigne féin.



Níorbh shos dúinn i mbliadhna acht mar gach
aon bhliadhain eile. Bhíodar ann agus chual-
amair iad nó léigheamair thársa. B'é cuspóir
a gcuid cainnte — “To perpetuate Irish
tradition.” Agus ba chuma leo cionnus acht
go raibh fuaim dheas leis na focail seo agus
go gcuirfeadh sé na daoine ag bualadh bas.
Níor mhol aoinne aca gurbh' í teanga na
nGaedheal an t-aon nídh do dhéanfadh an
“Tradition” soin do bhuanughadh agus do
neartóchadh tréithe Gaedheal. Tá a rian air,
'sé an toradh atá againn, .i. cupán cubhráin
do cuireadh ar leath-taoibh ar feadh tamaill.
Tá sé follamh anois.



Obair Gann.



Tá súil agam nach bhfuil aon Éireannach chomh
baoth agus a chuimhneamh ar theacht anall i
mbliadhna. Ní mholfainn dóibh theacht an uair
is fearr agus is flúirsighe bhíonn obair ann.
Is iomdha cúis agam chuige sin, acht is leor
dhóibh anois go bhfuil obair an-ghann agus gorta
agus aindeise go foirleathan i measg na
ndaoine. Tá oibreacha 'n-a lán-stad, agus
thuilleadh aca do chuioruigh ar a lucht oibre. San
áit go mbíodh míle fear ag obair níl anois
acht de réir fir sa leath-chéad. Áiteanna eile
ag gearradh tuarastail. Tá muilne an chadáis
i Státaibh Shasana Nua tar éis an tuarastail
do ghearradh de réir deich bpighne sa chéad. Tá
na céadta fear agus ban nár dhein lá oibre
ó Lá Samhna agus roimhe. Agus, rud is measa
'ná soin, is ró-bhaoghalach ná fuil deireadh leis
fós. Na hoibreacha nár buaileadh buailfear
iad. Is iomdha fear bhocht a bheidh creachta
agus saothar a shaoghail imthighthe uaidh sul a
mbeidh deireadh leis. Daoine bochta go raibh a
n-áruis chomhnaidhthe “leath ceannuighthe” aca
caithte as a gcuid oibre, na bainnceanna ag
éileamh a gcoda féin, agus gan slighe a thabhairt
ag an bhfear mbocht. Beidh an Sirriam chomh
saothrach agus do bhí sé riamh i nÉirinn.



Do chruinnigh 10,000 fear agus bean a bhí
as obair i gcathair Nua-Eabhraic indé ag
éileamh oibre ar chomhairle na cathrach. Phrioc
an mí-ádh chomh mór soin baothán bocht gurbh'
ainm dó Silbherstein gur cheap sé sleagán
buile do chaitheamh i measg na sith-mhaor. Sul
a raibh an rún soin curtha i bhfeidhm aige, do
phléasg an sleagán agus do mharbh sé comrádaidhe
dó agus raobh sé é féin ar chuma ná mairfidh
sé. B'é deonughadh Dé nár gortuigheadh ró-
mhór aoinne eile dá raibh láithreach. Níl aon
chúram de sna sleagáin seo i dtír mar í seo,
mar a bhfuil cead a ghótha ag gach aoinne i
riaghlughadh na tíre. Sé tá uatha, ámhthach, — na
daoine do mhúineadh i ngnótha na tíre agus
daoine do thogadh do dhéanfaidh dlighthe do
chóiriughadh a fhóirfidh ar an gcuid is mó dá
mbunadh agus a laighdeochaidh cruadhtan na
coda is lugha. Níl aon bhaint ag Cumann
na bhFear nOibre (Labor Unions) le lucht chaitheamh
na sleagán agus is maith dhóibh é.



Cosaint Páistí Sgoile.



Is mór an t-imshníomh do chuir an teine
uathbhásach úd do bhris amach i sgoil i n-aice le
cathair Clebheland i nOhio tamall ó shoin
mar ar dóghadh suas le dhá chéad páiste — slán
mar a n-innstear agus mar a léightear é! —
i radharc a muinntire agus nárbh' fhéidir leo
fóirthint do dhéanamh ortha. Cuirtear eagar i
gcomhair teineadh (Fire drill) ar páistíbh gach
aon tseachtmhain beagnach anois. Is maith
an rud é sin mar nuair bhuaileann clog na
teineadh tugann an múinteoir fógra agus
glantar an sgoil de pháistíbh i gcionn trí
nóiméad. Tá cuid de chathrachaibh na tíre
ag cur duine nó dhó de lucht múchta na teineadh
'n-a suidhe is gach sgoil mar chosaint le haghaidh
na cinneamhna.



Pádraig Ó hÉigeartaigh.



Springfield, Mass.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services