Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Domhan Thoir - Riaghaltas na Sasanach
Title
Ó'n Domhan Thoir - Riaghaltas na Sasanach
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Domhan Thoir Riaghaltas na Sasanach Táthar ag cur síos in gach céard mar seo ar riaghaltas Shasana, agus ar na hathruighthibh atá le theacht. Ní chuirimíd féin aon spéis mhór in go leor dá mbíonn ar siubhal i bhFéis na nGall. An iomarca suime a chuireas muinntir ar dtíre i ngnóthaibh an fhir thall. Is linne aire a thabhairt dhár ngnóthaibh féin. Acht ní bhaineann sé le mo ghnó-sa tagairt go ró-chruinn sa gCLAIDHEAMH do neithibh a bhfuil muinntir na hÉireann go láidir i n-aghaidh a chéile 'n-a dtaoibh. Chaith Gladstone a dhúthracht ag iarraidh cineál saorsachta a fhágháil dúinn. Chinn air. Nach raibh sé fánach aige a thabhairt ar Thighearnaíbh móra Shasana — dream a bhfuil an dearg-ghráin ag a bhfurmhór orainn féin agus ar ar dtír — nach raibh sé fánach aige, adeirimíd, a chur d'ialach ortha so na reachta dlighe a bhí uaidh a chur i bhfeidhm? Bhí, go dearbhtha. Is minic a thráchtar ar an gCóiriughadh Riaghaltais “sár-mhaith” atá ag Sasanaibh. Curtar i gcéill dúinn anois agus arís nach bhfuil a bhualadh le fágháil. 'Seadh, acht céard deir tu leis na Tíghearnaíbh? Tá siad annsiúd go dána neamh-spleadhthach, agus cia chuirfeas as seilbh iad? Níl beann aca ar mhuinntir na tíre. Níl beann aca ar Fheis na ar riaghaltas-seasta Shasana. Ní chuirfear deirahd leo go deo go mbídh ár agus sléacht agus tréan-tuargaint an chogaidh i measg muinntire Shasana féin. Cia an uair a tharlóchas sin? Ná tráchtar linn ar Chóiriughadh Riaghaltais “áluinn” Shasana, an fhad 's bhéas an mháighistreacht agus an lámh i n-uachtar ag na Tóraidhthibh de Thighearnaíbh seo, an fhad 's bhéas de chumhacht aca a rogha socruighthe a chur ar reachtaibh na Feise, an fhad 's bhéas siad neamh- spleadhthach leis an bpuiblidheacht agus gan goir drannadh leo féin ná laghadughadh ar a gcumhacht. An rud a chinn ar Ghladstone, nach raibh sé so-thuighthe ag Fearaibh Fail nach bhféadfadh “C. B.” a réidhteach? Ní raibh de ghoir aige “Home Rule” a shaothrughadh dhúinn i n-aimhdheoin na dTighearnaí acht an oiread 's bheadh aige an fuath agus an ghráin atá ag furmhór na dTighearnaí orainn a ruaigeadh amach as a gcroidhthibh. Cia an fáth an ghráin seo a bheith ag Tóraidhthibh Shasana orainn? De bhrígh nach dtugamuid cúl ar gach nídh dhár dual dúinn féin, agus greamughadh go toileamhail de'n Impireacht. Sin é an fáth. Creidimíd go cinnte gur chara dhár dtír “C.B.” Acht céard a b'fhéidir leis a dhéanamh? Chuir seisean i n-umhal i gcomhnaidhe go gcuir- feadh sé gach leigheas a b'fhéidir leis féin ar ar gcás. 'Seadh, chuir, acht ní leigfeadh na comhdhaltaí ba cumhachtaighe sa Riaghaltas dhó a thabhairt dhúinn acht “Debholution.” Tairgeadh dhúinn é seo, agus dubhradh linn nach mbeadh iongnadh sa saoghal acht an sonas agus an séan a thiocfadh orainn dá bharr. Sgrúduigh- eamar an bronntas iongantach so — agus rinneamar stiallacha dhe mar dubhairt Tadhg Ó hÉilighe. Tá Bannerman éirghthe as a bheith i n-a airchinneach sa riaghltas anois. Tá an droch-shláinte ag gabháil dó le sgathamh maith, agus ar an ádbhar sin b'éigin dó éirghe as an bposta mór tábhachtach a bhí aige. Tá Ascuith ceaptha 'n-a leabaidh. “Dhá dhonacht maol is measa mullóg,” adeir an sean- fhocal. Dhá laghadh dhá raibh i ndán dúinn roimhe seo is lugha 'ná sin a bhéas le fágháil againn ó Ascuith. Maidir le aon phléidhe a bheith aige le “Home Rule” ní bhéidh. Liberal is eadh é, i gcead duit-se, acht 'sé ar meas féin go bhfuil sé chomh “impireamhail” le Balfour nó le Chamberlain. Ní leigeann sé air féin sin, ar ndóigh. Acht 'sí an fhírinne í. Nach chlann d'aon mhathair iad ar fud fad a chéile? Níl aon mhuinghin againn as Ascuith, ná as cuid dá cháirdíbh. Mícheál Breathnach. Léisin, an Eilbhéis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services