Ó'n Domhan Thoir
Riaghaltas na Sasanach
Táthar ag cur síos in gach céard mar seo
ar riaghaltas Shasana, agus ar na hathruighthibh
atá le theacht. Ní chuirimíd féin aon spéis
mhór in go leor dá mbíonn ar siubhal i bhFéis
na nGall. An iomarca suime a chuireas
muinntir ar dtíre i ngnóthaibh an fhir thall.
Is linne aire a thabhairt dhár ngnóthaibh féin.
Acht ní bhaineann sé le mo ghnó-sa tagairt
go ró-chruinn sa gCLAIDHEAMH do neithibh a
bhfuil muinntir na hÉireann go láidir i
n-aghaidh a chéile 'n-a dtaoibh. Chaith Gladstone
a dhúthracht ag iarraidh cineál saorsachta a
fhágháil dúinn. Chinn air. Nach raibh sé fánach
aige a thabhairt ar Thighearnaíbh móra Shasana —
dream a bhfuil an dearg-ghráin ag a bhfurmhór
orainn féin agus ar ar dtír — nach raibh sé
fánach aige, adeirimíd, a chur d'ialach ortha
so na reachta dlighe a bhí uaidh a chur i bhfeidhm?
Bhí, go dearbhtha. Is minic a thráchtar ar an
gCóiriughadh Riaghaltais “sár-mhaith” atá ag
Sasanaibh. Curtar i gcéill dúinn anois agus
arís nach bhfuil a bhualadh le fágháil. 'Seadh,
acht céard deir tu leis na Tíghearnaíbh? Tá
siad annsiúd go dána neamh-spleadhthach, agus
cia chuirfeas as seilbh iad? Níl beann aca ar
mhuinntir na tíre. Níl beann aca ar Fheis na
ar riaghaltas-seasta Shasana. Ní chuirfear
deirahd leo go deo go mbídh ár agus sléacht
agus tréan-tuargaint an chogaidh i measg
muinntire Shasana féin. Cia an uair a
tharlóchas sin? Ná tráchtar linn ar Chóiriughadh
Riaghaltais “áluinn” Shasana, an fhad 's bhéas
an mháighistreacht agus an lámh i n-uachtar ag na
Tóraidhthibh de Thighearnaíbh seo, an fhad 's bhéas
de chumhacht aca a rogha socruighthe a chur ar
reachtaibh na Feise, an fhad 's bhéas siad neamh-
spleadhthach leis an bpuiblidheacht agus gan
goir drannadh leo féin ná laghadughadh ar a
gcumhacht. An rud a chinn ar Ghladstone, nach
raibh sé so-thuighthe ag Fearaibh Fail nach
bhféadfadh “C. B.” a réidhteach?
Ní raibh de ghoir aige “Home Rule” a
shaothrughadh dhúinn i n-aimhdheoin na dTighearnaí
acht an oiread 's bheadh aige an fuath agus an
ghráin atá ag furmhór na dTighearnaí orainn
a ruaigeadh amach as a gcroidhthibh. Cia an
fáth an ghráin seo a bheith ag Tóraidhthibh Shasana
orainn? De bhrígh nach dtugamuid cúl ar
gach nídh dhár dual dúinn féin, agus greamughadh
go toileamhail de'n Impireacht. Sin é an fáth.
Creidimíd go cinnte gur chara dhár dtír
“C.B.” Acht céard a b'fhéidir leis a dhéanamh?
Chuir seisean i n-umhal i gcomhnaidhe go gcuir-
feadh sé gach leigheas a b'fhéidir leis féin ar
ar gcás. 'Seadh, chuir, acht ní leigfeadh na
comhdhaltaí ba cumhachtaighe sa Riaghaltas dhó
a thabhairt dhúinn acht “Debholution.” Tairgeadh
dhúinn é seo, agus dubhradh linn nach mbeadh
iongnadh sa saoghal acht an sonas agus an
séan a thiocfadh orainn dá bharr. Sgrúduigh-
eamar an bronntas iongantach so — agus
rinneamar stiallacha dhe mar dubhairt Tadhg
Ó hÉilighe. Tá Bannerman éirghthe as a bheith i
n-a airchinneach sa riaghltas anois. Tá
an droch-shláinte ag gabháil dó le sgathamh
maith, agus ar an ádbhar sin b'éigin dó éirghe
as an bposta mór tábhachtach a bhí aige. Tá
Ascuith ceaptha 'n-a leabaidh. “Dhá dhonacht
maol is measa mullóg,” adeir an sean-
fhocal. Dhá laghadh dhá raibh i ndán dúinn roimhe
seo is lugha 'ná sin a bhéas le fágháil againn
ó Ascuith. Maidir le aon phléidhe a bheith
aige le “Home Rule” ní bhéidh. Liberal is
eadh é, i gcead duit-se, acht 'sé ar meas féin
go bhfuil sé chomh “impireamhail” le Balfour
nó le Chamberlain. Ní leigeann sé air féin
sin, ar ndóigh. Acht 'sí an fhírinne í. Nach
chlann d'aon mhathair iad ar fud fad a chéile?
Níl aon mhuinghin againn as Ascuith, ná as
cuid dá cháirdíbh.
Mícheál Breathnach.
Léisin, an Eilbhéis.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11