Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Ghaedhilg san Iolsgoil Nuaidh
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Ghaedhilg san Iolsgoil Nuaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An Ghaedhilg san Iolsgoil Nuaidh. Cia air a mbéidh stáid na Gaedhilge a shoc- rughadh san dá Iolsgoil nuadha? Go mór-mhór, cia air a mbéidh stáid na Gaedhilge a shocrughadh san Iolsgoil a cuirfear i mbun i mBaile Átha Cliath, ó's san Iolsgoil sin amháin bheás an lámh i n-uachtar ag Gaedhealaibh, — 'sé sin má bhíonn an lámh i n-uachtar aca i n-aon cheann díobh, rud nach léir dúinn fós? De réir mar thuigeas sinn ní ar lucht ceannuis na gColáistí fá leith ná ar lucht ceannuis na hIolsgoile i n-a hiomlán bhéas an cúram so, acht ar bhuidhin bhig a ainmneochar d'aon toisg le reachta na hIolsgoile a cheapadh agus leis na hoidí agus na hoifigigh eile a thóghadh. Mór-sheisear a bhéas ar an mbuidhin seo: triúr díobh ar mholadh Ríogh Shasan agus an ceathrar eile ar mholadh lucht ceannuis na hIolsgoile. Acht, ó's é Rí- Shasan ainmneochas lucht ceannuis na hIolsgoile go ceann cúig mbliadhan, is léir gur fá Rígh Shasan, nó fá n-a chomhairleoiríbh mar badh chirte dhúinn a rádh, a fágadh suidheamh na Geadhilge san Iolsgoil agus a lán ceisteanna tábhachtacha eile a shocrughadh. Sin rud atá bun is cionn le ceart agus le cóir agus le réasún, agus má tá aon spreacadh i nGaedhealaibh, nó aon chiall ná tuigsint aca, cuirfidh siad suas dó annso i nÉirinn agus thall i dTigh na Feise nuair a bhéas an chúis dá pléidhe. Céard badh cheart dúinn a éileamh do'n Ghaedhilg? Í bheith I nUACHTAR, nó, ar an gcuid is lugha dhe, é bheith de chumhacht ag daltaíbh na hIolsgoile í chuir i n-uachtar nuair a thiocfas an t-am. Chuige sin, níor mhór (1) é bheith d'oibliogáid ar gach mac léighinn sgrúdughadh a sheasamh san nGaedhilg ag dul isteach san Iolsgoil dhó; (2) an Ghaedhilg a bheith mar ghnáth- ádhbhar foghlama, cothrom leis an mBéarla, ar feadh an chúrsa ar fad; (3) duaiseanna agus sgoláireachta fá leith a bheith ag dul do'n Ghaedhilg mar atá san Iolsgoil Ríoghdha fá láthair, acht gan aimhreas a thuilleadh aca; (4) triúr nó ceathrar príomh-oidí a bheith i mbun na Gaedhilge i ngach coláiste, m.sh. oide sean- Ghaedhilge, oide nuadh-Ghaedhilge, oide sean- staire Gaedhealaighe, oide nuadh-staire Gaedhealaighe, agus c.; agus i n-a dteannta so oidí conganta, léigheachtaidhthe, agus mar sin de; agus (5) teagasg a bheith dhá thabhairt tríd an nGaedhilg do na macaibh léighinn dár teanga dhúthchais í agus do chách eile a bhfuil a ndóthain Gaedhilge aca chum léigheachta i nGaedhilg a thuigsint. Tá neithe eile a dtráchtfamuid ortha amach annso; acht dá ndéanfaidhe a bhfuil molta againn san alt so, níl aon aimhreas orainn nach mbeadh an Ghaedhilg ar stáid oireamhnaigh san Iolsgoil, agus nach ag méadughadh is ag neartughadh a bheadh a chumhacht ó bhliadhain go bliadhain. Bhfuil an Connradh láidir a dhóthain chum an méid seo a éileamh do'n Ghaedhilg fá reacht an Bhirrellaigh? Is dóigh linne go bhfuil. 'Sé seo an sgéal is tábhachtaighe dá bhfuil os comhair an phobail Ghaedhealaigh indiu, agus badh mhór an truagh é — ní headh, ach badh mhór an chóir é — dá leigfimís do reachtaire Gallda an Galldachas a bhuanughadh i n-árd- sgolaidheacht na hÉireann an fhaid is bheimís-ne ag sárughadh is ag maslughadh a chéile i dtaoibh ceisteanna beaga suaracha nach bhfuil aon bhaint aca leis an obair atá idir lámhaibh againn acht amháin an bhaint seo, — gur féidir leo an obair sin a choingbheáil siar agus a bhasgadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services