Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - An Ghaedhilg san Iolsgoil Nuaidh

Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Ghaedhilg san Iolsgoil Nuaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



An Ghaedhilg san Iolsgoil Nuaidh.



Cia air a mbéidh stáid na Gaedhilge a shoc-
rughadh san dá Iolsgoil nuadha? Go mór-mhór,
cia air a mbéidh stáid na Gaedhilge a shocrughadh
san Iolsgoil a cuirfear i mbun i mBaile
Átha Cliath, ó's san Iolsgoil sin amháin bheás
an lámh i n-uachtar ag Gaedhealaibh, — 'sé sin
má bhíonn an lámh i n-uachtar aca i n-aon cheann
díobh, rud nach léir dúinn fós? De réir mar
thuigeas sinn ní ar lucht ceannuis na gColáistí
fá leith ná ar lucht ceannuis na hIolsgoile i
n-a hiomlán bhéas an cúram so, acht ar bhuidhin
bhig a ainmneochar d'aon toisg le reachta na
hIolsgoile a cheapadh agus leis na hoidí agus
na hoifigigh eile a thóghadh. Mór-sheisear a
bhéas ar an mbuidhin seo: triúr díobh ar mholadh
Ríogh Shasan agus an ceathrar eile ar mholadh
lucht ceannuis na hIolsgoile. Acht, ó's é Rí-
Shasan ainmneochas lucht ceannuis na hIolsgoile
go ceann cúig mbliadhan, is léir gur fá Rígh
Shasan, nó fá n-a chomhairleoiríbh mar badh
chirte dhúinn a rádh, a fágadh suidheamh na
Geadhilge san Iolsgoil agus a lán ceisteanna
tábhachtacha eile a shocrughadh. Sin rud atá bun
is cionn le ceart agus le cóir agus le réasún,
agus má tá aon spreacadh i nGaedhealaibh, nó
aon chiall ná tuigsint aca, cuirfidh siad suas
dó annso i nÉirinn agus thall i dTigh na Feise
nuair a bhéas an chúis dá pléidhe.



Céard badh cheart dúinn a éileamh do'n
Ghaedhilg? Í bheith I nUACHTAR, nó, ar an
gcuid is lugha dhe, é bheith de chumhacht ag daltaíbh
na hIolsgoile í chuir i n-uachtar nuair a thiocfas
an t-am. Chuige sin, níor mhór (1) é bheith
d'oibliogáid ar gach mac léighinn sgrúdughadh
a sheasamh san nGaedhilg ag dul isteach san
Iolsgoil dhó; (2) an Ghaedhilg a bheith mar ghnáth-
ádhbhar foghlama, cothrom leis an mBéarla, ar
feadh an chúrsa ar fad; (3) duaiseanna agus
sgoláireachta fá leith a bheith ag dul do'n
Ghaedhilg mar atá san Iolsgoil Ríoghdha fá
láthair, acht gan aimhreas a thuilleadh aca;
(4) triúr nó ceathrar príomh-oidí a bheith i mbun
na Gaedhilge i ngach coláiste, m.sh. oide sean-
Ghaedhilge, oide nuadh-Ghaedhilge, oide sean-
staire Gaedhealaighe, oide nuadh-staire
Gaedhealaighe, agus c.; agus i n-a dteannta so
oidí conganta, léigheachtaidhthe, agus mar sin
de; agus (5) teagasg a bheith dhá thabhairt tríd
an nGaedhilg do na macaibh léighinn dár teanga
dhúthchais í agus do chách eile a bhfuil a ndóthain
Gaedhilge aca chum léigheachta i nGaedhilg a
thuigsint.



Tá neithe eile a dtráchtfamuid ortha amach
annso; acht dá ndéanfaidhe a bhfuil molta
againn san alt so, níl aon aimhreas orainn
nach mbeadh an Ghaedhilg ar stáid oireamhnaigh
san Iolsgoil, agus nach ag méadughadh is ag
neartughadh a bheadh a chumhacht ó bhliadhain go
bliadhain. Bhfuil an Connradh láidir a dhóthain
chum an méid seo a éileamh do'n Ghaedhilg fá
reacht an Bhirrellaigh? Is dóigh linne go
bhfuil. 'Sé seo an sgéal is tábhachtaighe dá
bhfuil os comhair an phobail Ghaedhealaigh indiu,
agus badh mhór an truagh é — ní headh, ach badh
mhór an chóir é — dá leigfimís do reachtaire
Gallda an Galldachas a bhuanughadh i n-árd-
sgolaidheacht na hÉireann an fhaid is bheimís-ne
ag sárughadh is ag maslughadh a chéile i dtaoibh
ceisteanna beaga suaracha nach bhfuil aon
bhaint aca leis an obair atá idir lámhaibh againn
acht amháin an bhaint seo, — gur féidir leo an
obair sin a choingbheáil siar agus a bhasgadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services