Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ar chruinniughadh de'n Chomhaltas Chleas Dia Domhnaigh do socruigheadh ar ghasra d'fhearaibh a chur go dtí an Róimh i Meitheamh an Fhoghmhair chun cuidiughadh le cách sa tabhairt amach i leith an Phápa. Do socruigheadh an chúig dhuine dhéag do chur ann, agus cinneadh ar na hiomaidheachta craoibhe do chur i leathtaoibh go luath i mbliadhna i slighe is go mbeadh d'uain ag an gcomhaltas an t-ullmhughchán a dhéanamh i n-am tráith. Féibh mar adubhart cheana, cuirtear go dtí an Róimh na daoine is fearr dá bhfuil againn, nó ná bactar leis ar aon chor. Do cuireadh i gcrích trí cinn de chluichíbh peile
ag Rialto i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh. Do fearadh cluiche ana-mhaith idir Eimeitigh Bhrí Cualann agus fuireann Sain Aindréis. Ar shon na fuil aos ró-mhór ar fhuirinn Shain Aindréis do thespeáin obair an Domhnaigh go bhfuil an miotal go maith ionnta. Seo mar a bhí an scór eatortha i ndeireadh na treimhse: San Aindrias, 1-13; Eimeitigh 0-9. An tarna cluiche do fearadh ann, do thárla idir na Gearaltaigh agus Fuireann Ó Charn na gCloch. Tá donas éigin ag leanamhaint do mhuinntir Charn na gCloch le déidheannaighe. Sa chéad leath níor chuireadar síos oiread is puinnte agus i ndeireadh na himeartha níor fhan de bharr a saothair aca acht cheithre puinntí, i gcoinnibh 1-6, a bhí ag na Gearaltaigh. Sa chluiche deireannach do bhuaidh na Ciceamaigh ar shinnsir na nEimeiteach. Do leanadh de sna hiomaidheachtaibh i gcomhair Chraobh Chúige Laighean, ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh. San mbáire do tháinig foirne ó Chill Dara is ó'n Iar-mhidhe i gcoinnibh a chéile. Do bhuaidh Cill Dara go hadhsáideach. Sa pheil do fearadh cluiche thar barr idir thogha Chonntae an Ríogh agus Chonntae na Midhe. Do b'iongnadh le gach éinne a fheabhas a bhí muinntir Chonntae an Ríogh, agus i ndeireadh na scríbe bhí 1-6 aca is gan ag an bhfuirinn eile acht 0-4. Do chonncathas cluiche foghanta idir ghaiscidhigh Chiarraighe is Cill Dara ag Corcaigh Dia Domhnaigh. Bhí roinnt de sna laochraidhe is fearr i n-easnamh ortha araon. Bhí cuid de mhuinntir Chill Dara ag Bóthar Mhic Seoin ag imirt báire. Mar sin féin bhí an imirt ar fheabhas agus tháinig na mór-shluaighte ag féachaint air. Sidé an scór: Ciarraighe -16; Cill Dara 0-5. Táillí Báire Rábairí 2-9; Cuchulainn 0-4 Caoimghin 1-6; Crócaigh 1-6 Árd-Chraobh 2-6; Fontenoí 2-4 Grósaeri 5-5; Colm Cille 1-7 Commercials 0-14; Uí Thuathail 0-10 Ciceamaigh 2-9; Uí Laoghaire 0-0 Caoimhghin 2-4; Uí Mathghamhna 0-5 Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services