Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ar chruinniughadh de'n Chomhaltas Chleas Dia
Domhnaigh do socruigheadh ar ghasra d'fhearaibh
a chur go dtí an Róimh i Meitheamh an Fhoghmhair
chun cuidiughadh le cách sa tabhairt amach i leith
an Phápa. Do socruigheadh an chúig dhuine dhéag
do chur ann, agus cinneadh ar na hiomaidheachta
craoibhe do chur i leathtaoibh go luath i mbliadhna
i slighe is go mbeadh d'uain ag an gcomhaltas
an t-ullmhughchán a dhéanamh i n-am tráith. Féibh
mar adubhart cheana, cuirtear go dtí an Róimh
na daoine is fearr dá bhfuil againn, nó ná
bactar leis ar aon chor.



Do cuireadh i gcrích trí cinn de chluichíbh peile


L. 6


ag Rialto i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh.
Do fearadh cluiche ana-mhaith idir Eimeitigh
Bhrí Cualann agus fuireann Sain Aindréis.
Ar shon na fuil aos ró-mhór ar fhuirinn Shain
Aindréis do thespeáin obair an Domhnaigh go
bhfuil an miotal go maith ionnta. Seo mar
a bhí an scór eatortha i ndeireadh na treimhse:
San Aindrias, 1-13; Eimeitigh 0-9.



An tarna cluiche do fearadh ann, do thárla
idir na Gearaltaigh agus Fuireann Ó Charn
na gCloch. Tá donas éigin ag leanamhaint
do mhuinntir Charn na gCloch le déidheannaighe.
Sa chéad leath níor chuireadar síos oiread is
puinnte agus i ndeireadh na himeartha níor
fhan de bharr a saothair aca acht cheithre puinntí,
i gcoinnibh 1-6, a bhí ag na Gearaltaigh. Sa
chluiche deireannach do bhuaidh na Ciceamaigh ar
shinnsir na nEimeiteach.



Do leanadh de sna hiomaidheachtaibh i gcomhair
Chraobh Chúige Laighean, ag Bóthar Mhic Seoin
Dia Domhnaigh. San mbáire do tháinig foirne
ó Chill Dara is ó'n Iar-mhidhe i gcoinnibh a chéile.
Do bhuaidh Cill Dara go hadhsáideach. Sa pheil
do fearadh cluiche thar barr idir thogha Chonntae
an Ríogh agus Chonntae na Midhe. Do b'iongnadh
le gach éinne a fheabhas a bhí muinntir Chonntae
an Ríogh, agus i ndeireadh na scríbe bhí 1-6 aca
is gan ag an bhfuirinn eile acht 0-4.



Do chonncathas cluiche foghanta idir
ghaiscidhigh Chiarraighe is Cill Dara ag Corcaigh
Dia Domhnaigh. Bhí roinnt de sna laochraidhe
is fearr i n-easnamh ortha araon. Bhí cuid
de mhuinntir Chill Dara ag Bóthar Mhic Seoin ag
imirt báire. Mar sin féin bhí an imirt ar
fheabhas agus tháinig na mór-shluaighte ag
féachaint air. Sidé an scór: Ciarraighe -16;
Cill Dara 0-5.



Táillí Báire
Rábairí 2-9; Cuchulainn 0-4
Caoimghin 1-6; Crócaigh 1-6
Árd-Chraobh 2-6; Fontenoí 2-4
Grósaeri 5-5; Colm Cille 1-7
Commercials 0-14; Uí Thuathail 0-10
Ciceamaigh 2-9; Uí Laoghaire 0-0
Caoimhghin 2-4; Uí Mathghamhna 0-5



Tadhg Ó Donnchadha
Baile Átha Cliath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services