Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1908
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Do cuireadh ar aghaidh a chéile ag Luimneach Dia Domhnaigh seo chuaidh tharainn laochra Chorcaighe is Chiarraighe. Do bheadh cluichí báire is peile ann, acht níor tháinig iománaidhthe Chiarraighe agus fuair Corcaigh buaidh i n-aiscidh sa bháire. Maidir leis an bpeil, bhí an dá thaobh aca ar fheabhas is ag tnúth le buadh dh'fhágháil. Bhí buaidhte fé thrí cheana féin ag foirnibh ó Chiarraighe ar mhuinntir Chraobh na Laoi agus, nídh nach iongnadh, cheapadar go ndéanfaidhe an rud céadna Dia Domhnaigh. Acht tá athrughadh ar mhuinntir na Laoi le déidheannaighe. Tá steall d'fhuil nua leigithe isteach 'n-a measc agus is dócha go gcloisfear uatha arís. Sidé scór an Domhnaigh — Corcaigh 1-9; Ciarraighe 0-9. Airighim go bhfearfar árd-chluiche peile i gCorcaigh Dia Domhnaigh seo chughainn idir sheana-ghaiscidhigh Chiarraighe is Chill Dara. Do b'fhiú an cluiche sin dul ag féachaint air. Tá a n-aigne socair ag gach taobh aca an ceann smách d'fhágáil ar an dtaobh eile nó cur suas de'n pheil go deo arís. Ó's mar sin atá agus gur deacair a rádh ciaca an fhuireann is fearr, ní baoghal 'ná go bhfeicfear gníomhartha gaisce dá ndéanamh i gCorcaigh Dia Domhnaigh. Do chuir an doineann stad le gach a raibh le himirt i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh seo ghaibh torainn. Tá an mí-rath ag leanamhaint do Chumainn an Bháire is na Peile le déidhean- naighe, acht tá súil agam go dtiocfaidh as agus go nglanfaidh an spéir dóibh. Do fearadh dian-chluiche idir garsúin Árd- Scoil Chluain Meala agus Mhainistir Tiobrad Árann Dia Sathairn. B'é seo an imirt deiridh i gcomhair chraobh na scol. Do buaidh Tiobraid Árann, ámh, de phuinnte amháin agus fágann soin ar aon mharc iad araon. Caithfear é imirt arís. Bhí an t-ádh ar na Céitinnigh i nInis Chórthaidh Dia Domhnaigh. Dheineadar togha cluiche d'imirt le Rábairibh Inis Córthaidh os comhair sluaigh líonmhair, agus ar shon go rabhadar an aimsir agus an láthair go dona, bhí an cluiche ar fheabhas agus bhí gach éinne sásta. An tAthair Ó Conchobhair a bhí n-a maor ortha. Sidé an scór — Céitinnigh 4-4; Rábairí 1-5. Tadhg Ó Donnchadha Baile Átha Cliath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services